Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXV. 11
361
Gníomhartha na n‑Aspol

ann is ceart bhreith do bhreith orm. Ní’l coir déanta i n‑aghaidh na nIúdach agam, mar is eól duit-se go dian­mhaith. 11Má tá coir déanta agam, ná aon nídh do thuill­feadh bás, ní’l aon chur i gcoinnibh an bháis agam; ach mura bhfuil aon nídh amhlaidh, de sna neithibh seo atá acu á chur am leith, ní’l ar chumas aon duine mé thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar. 12Ansan do labhair Fértus leis an gcómh­airle, agus d’fhreagair sé: Do ghairmis Caesar; go Caesar a raghair.

13Agus nuair a bhí rainnt laethanta curtha dhíobh acu chuaidh Agrippa, an rí, agus Bernicé, síos go Caesaréa, ag fáiltiú roimh Fhéstus. 14Dhein­eadar ríghneas ann ar feadh mórán laethanta agus d’innis Féstus do’n rí i dtaobh Phóil: Fear, ar seisean, a dh’fhág Féilics anso ’n‑a phríosúnach, 15Agus nuair a bhíos i nIerú­salem tháinig uachtar­áin agus seanóirí na nIúdach chúgham ghá iarraidh orm é dhaoradh chun báis. 16Dubhart leó nách é béas na Rómhánach aon duine dhaoradh chun báis gan lucht a chionn­tuighthe thabhairt os a chómhair agus caoi thabhart dó ar é féin do chosaint agus ar é féin do ghlanadh ar na coirthe. 17Ach do thánadar anso láith­reach, agus amáireach a bhí chúghainn do shuídheas sa tribiúnal agus d’órd­uigheas an fear a thabhairt am láthair. 18Ansan d’eirigh na cionn­tuigh­theóirí ach níor chuir­eadar aon rud ’n‑a leith n‑ar fhéadas aon drochnídh dh’fheisgint ann. 19Ach bhí ceisteana éigin acu ’n‑a choinnibh a bhain le pé deis­mireacht creidim atá acu féin, agus i dtaobh Íosa éigin a fuair bás agus go raibh Pól ’ghá rádh é bheith beó. 20Níor mhaith liom féin aon bhaint a bheith agam le nídh de’n tsórd san agus d’fhiaf­raigheas de ar mhaith leis dul go Ierúsalem chun go dtabharfí breith air ins na neithibh sin, 21Ach do dhein Pól gairm, go gcimeádfí é chun go n‑aireóch­adh Augustus a chúis, agus d’ord­uigheas é chimeád go gcuirfead ag triall ar Chaesar é.

22Ansan dubhairt Agrippa le Féstus: Ba mhaith liom féin, leis. an fear san do chloisint. Cloisfir amáireach é, ar seisean.

23Amáireach a bhí chúghainn tháinig Agrippa agus Bernícé agus léathadh mór futha, agus chuadar isteach sa