halla éisteachta, iad féin agus na tribiúin agus maithe móra na catharach, agus d’órduigh Féstus Pól a thabhairt ’n‑a láthair. 24Ansan dubhairt Féstus: A rí Agrippa agus a fheara uile atá againn anso, chíonn sibh an duine sin. Nuair a bhíos i nIerúsalem tháinig an pobul Iúdach go léir chúgham ’ghá iarraidh orm agus ’ghá rádh i nguthanaibh árda nár cheart é bheith beó a thuille. 25Ach níos fhéadas féin a dh’fheisgint go raibh aon rud déanta aige do thuillfeadh bás. Ach do ghairm sé féin Augustus agus tá socair agam ar a chur chuige. 26Ní’l aon nídh cruinn agam, ámh, le sgrí ’n‑a thaobh ag triall ar mo thighearna. Uime sin do thugas anso chúghaibh-se é, agus chúghat-sa go mór mór, a rí Agrippa, go gceisteóchadh sibh é agus go mbeadh rud agam a sgrífinn. 27Óir measaim gur obair mhí-réasúnta cime chur uaim agus gan a dh’innsint cad ’tá ’n‑a choinnibh.
Caibidiol XXVI.
Cúntas ag Pól dhá thabhairt d’ Agrippa ar a bheatha, ar conus a h‑iompuighead chun an chreidimh é, agus ar an obair a bhí le déanamh aige.
1Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint.
2Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad láthair-se atá orm mé féin a chosaint indiu ar na neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith, 3Go mór mór, toisg eolus a bheith agat ar na nósaibh agus ar na ceisteanaibh atá ameasg na n‑Iúdach. Uime sin iarraim ort éisteacht go foidhneach liom.
4Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas beatha chaitheas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerúsalem a chaitheas í. 5Tá fhios acu, (dá mba mhaith leó é d’innsint i bhfiadhnuise), gur mhaireas, do réir na h‑aicme is deimhnighthíghe i n‑ár gcreideamh, am Fairisíneach. 6Agus tá breith ’á thabhairt orm anois mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeallamh-