aint a thug Dia d’ár n‑aithreachaibh, 7An gheallamhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagháil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí. 8Cad ’n‑a thaobh nách féidir, dar libhse, a chreideamhaint go n‑aithbheódhann Dia na mairbh?
9Bhí sé buailte isteach am aigne-se féin go raibh ceangailte orm mórán neithe dhéanamh i gcoinnibh ainime Íosa Nasareit. 10[1]Agus do dheineas, i nIerúsalem. Chuireas mórán daoine naomhtha isteach i bpríosúnaibh. Fuaras úghdarás ó uachtaránaibh na sagart agus nuair a bhídís (na naoimh) le cur chun báis is mise thugadh an t‑órdú liom chuige. 11Agus ins na sinagógaibh go léir bhínn go minic ag cur pionóis ortha, agus chuirinn fhiachaibh ortha diamhasladh déanamh, agus do méaduigheadh mo bhuile ’n‑a gcoinnibh i dtreó go mbínn ’ghá ngéarleanmhaint isteach ins na catharachaibh iasachta féin.
12[2]Agus bhíos ag dul go Damascus ar an inntinn sin agus úghdarás agus cead agam ó uachtaránaibh na sagart, 13Agus, a rí, do chonnac ar an slighe i lár an lae, ag taithneamh am thímpal agus tímpal ar na daoine a bhí le m’chois, solas as na flathais agus é níos treise ná solus na gréine. 14Agus thuiteamair go léir chun tailimh, agus d’airigheas-sa an guth ag labhairt liom sa teangain Eabhra: A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’am ghéarleanmhaint? Is deacair duit bheith ag speachuíol i n‑aghaidh an phriocaire.
15Agus dubhart-sa: Cia h‑é thú, a Thighearna? Agus dubhairt an Tighearna: Mise Íosa atá agat d’á ghéarleanmhaint. 16Ach eirigh agus seasaimh ar do chosaibh, óir is chuige thaisbeánas mé féin duit chun go ndéanfainn díot seirbhíseach agus finné ar na neithibh a chonnaicís agus ar na neithibh ’na bhfeicfis mé, 17’Gat thabhairt saor ó’n bpobul agus ós na geinte na bhfuilim ’ad chur chúcha anois, 18Chun a súl a d’osgailt dóibh ionus go n‑iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maith-