eamhnachas peacaí agus inead ameasg na naomh tríd an gcreideamh atá ionamsa.
19Dá bhrígh sin, a rí Agrippa, níor thugas-sa diúlta do’n radharc ó neamh, 20[1]Ach do chraobhsgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcrích Iudaea ar fad, agus do sna Geintibh, ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go n‑iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na h‑aithrighe d’oibreachaibh. 21Mar gheall air sin iseadh [2]do rug na Iúdaígh orm nuair bhíos sa teampull agus mheasadar mé mharbhú. 22Ach do chabhruigh congnamh Dé liom agus táim am sheasamh go dtí an lá indiu, ag déanamh fiadhnuise do bheag a’s do mhór, gan aon rud do rádh lasmuigh de sna neithibh adubhairt na fáidhe a bhí le teacht agus Maois, 23Go ndéanfadh Críost fulag agus gur b’é an chéad duine é d’eireóchadh ós na mairbh agus do nochtfadh an solus do’n phobul agus do sna Geintibh.
24Le linn na cainnte sin do rádh dhó agus é ghá chosaint féin dubhairt Féstus do ghuth árd: As do mheabhair ataoi, a Phóil. Tá iomad léighinn ’ad chomáint as do mheabhair. 25Nílim as mo mheabhair, a Fhéstuis oirdheirc. Táim ag innsinnt na fírinne gan bhaois. 26Tá eolus ar na neithibh seo ag an rí atá ag éisteacht le m’chainnt gan sgáth; óir ní mheasaim gur féidir aon nídh acu bheith lasmuigh d’á eólus. Ní h‑i gcúinne a deineadh aon nídh acu. 27An gcreideann tú na fáidhe, a rí Agrippa? Tá ’fhios agam go gcreideann tú. 28Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Is beag ná go n‑áitígheann tú orm iompáil am Chríostaídhe. 29Agus dubhairt Pól: Go dtugaidh Dia dhom, ’n‑a bheag a’s ’n‑a mhór, ní h‑amháin tusa ach gach a bhfuil de dhaoinibh anso ag éisteacht liom d’iompáil ar an gcuma san agus iad a bheith mar mé féin, ach gan na slabhraí seo bheith ortha.
30Ansan d’eirigh an rí agus an gobhernóir agus Bernícé agus a raibh ’n‑a suidhe ’n‑a bhfochair. 31Agus d’imthíghdar i leith taoibh agus bhíodar ag cainnt, agus dubhradar: Ní’l aon rud déanta ag an nduine sin a