Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
360
Caib. XXIV. 26
Gníomhartha na n‑Aspol

bheidh caoi agam cuirfead fios ort. 26Sa n‑am gcéadna bhí sé ag brath air go dtabhar­fadh Pól rainnt airgid dó, agus uime sin chuir sé fios go minic air agus dhein sé cainnt leis.

27Ach d’imthig dhá bhliain, agus tháinig Portius Féstus i n‑inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún.


Caibidiol XXV.

Caesar dhá ghairm ag Pól. Is áil le h‑Agrippa, an Rí, éisteacht leis.

1Trí lá tar éis teacht d’Fhéstus sa cheanntar chuaidh sé suas ó Chaesaréa go Ierúsalem. 2Agus tháinig uachtar­áin na sagart agus uaisle na nIúdach ag triall air i gcoinnibh Póil agus bhíodar a d’iarraidh achain­íghe air, 3A d’iarraidh go mbeadh sé fábh­ramhail dóibh ’n‑a choinnibh, go n‑órdóchadh sé é thabhairt go Ierúsalem, agus bhí ceilg déanta acu chun go marbhóch­aidís é ar an slighe. 4Ach dubhairt Féstus go gciméadfí Pól i gCaesaréa agus go mbeadh sé féin ag dul ann go luath. 5Agus, ar seisean, na daoine ar bhúr measg-sa atá ábalta air, téidís síos i n‑aon­fheacht liom agus má tá coir déanta ag an nduine cuiridís ’n‑a leith í.

6Níor fhan sé ’n‑a measg ach ocht lá nú deich lá ’n‑a dhiaidh san, agus chuaidh sé síos go Caesaréa agus an lá n‑a dhiaidh san do shuidh sé sa tribúnal agus d’órduigh sé Pól a thabhairt ’n‑a láthair. 7Do tugadh, agus do sheasaimh ’n‑a thímpal na daoine tháinig anuas o Íerúsalem, agus chuir­eadar a lán neithe troma ’n‑a leith, ach níor fhéadadar iad a dheimhniú, 8Mar dhein Pól iad do fhreag­airt: Ní’l coir déanta agam i n‑aghaidh dlighe na nIúdach, ná i n‑aghaidh an teampuill, ná i n‑aghaidh Chaesair. 9Ba mhian le Féstus, ámh, comaoine chur ar na Iúdaígh agus dubhairt sé, ag freagairt Phóil: An maith leat dul suas go Ierúsalem agus go dtabharfí breith ort ansan am láthair-se, i dtaobh na neith seo? Annsan dubhairt Pól. 10Táim am sheasamh ag tribiúnal Chaesair. Is