Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIII. 13
325
Gníomhartha na n‑Aspol

13Agus chuaidh Pól agus a mhuinntir, ar luing, ó Phaphos go Pergé i bPam­philia. [1]Ach d’imthigh Eóin uatha agus d’fhill sé go Ierúsalem. 14Ach do chuaidh an chuid eile ar aghaidh tré Pergé agus thanadar go h‑Antioch i bPisidia agus chuadar isteach sa tsinagóig lá na sabbóide agus shuidh­eadar ann. 15Agus nuair a bhí leigheadh na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtarám na sinagóige teach­taireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt teagaisg do’n phobul abraidh í.

16Ansan d’eirigh Pól agus bhagair sé ciúnas le n‑a láimh agus dubhairt sé:

A fheara de shliocht Israéil, agus sibhse go bhfuil eagla Dé oraibh éistidh liom! 17Do thoigh Dia an tsleachta so Israéil ár n‑aith­reacha agus d’árduigh sé an pobul nuair a bhíodar ’n‑a gcómh­nuighe [2]i dtalamh na h‑Éigipte agus thug se amach as an áit sin iad le [3]láimh chómh­achtach. 18[4]Agus chuir sé suas le n‑a mbéasaibh ar feadh dachad blian sa bhfásach. 19Agus d’ídigh sé seacht gcineacha i dtalamh Chanaan agus [5]do rainn sé ortha-san a gcuid tailimh á chur ar chrann­aibh. 20[6]Agus ’n‑a dhiaidh san, tímpall cheithre chéad agus caogad blian, thug sé bhreith­eamhain dóibh, go dtí Samuél fáidh. 21Ansan [7]d’iarradar rí agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis, fear de threibh Bheniamín, ar feadh dachad blian. 22[8]Ansan do chuir sé an fear san i leith taoibh agus thóg sé suas chúcha Dáibhid ’n‑a rí, agus thug sé teisti­méireacht air nuair a dubhairt sé: [9]Tá Dáibhid mac Iesse fághalta agam, fear do réir mo chroidhe féin, fear a cómhlíon­faidh gach nídh is toil liom. 23A’ síol an fhir sin, [10]do réir na geal­lamhna, tá Slánuigh­theóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa. 24[11]Agus roime n‑a theacht san do chraobh­sgaoil Eóin baiste chun aithríghe do phobul Israéil go léir. 25Agus nuair a bhí Eóin ag cómh­líonadh a chuarda dubairt sé: [12]Ní mise an t‑é

  1. a.d. 42.
  2. Exod. i. 1
  3. Exod. xiii. 21 agus 22.
  4. Exod. xvi. 3.
  5. Iosue xiv. 2.
  6. Breith. iii. 9.
  7. 1 Rígh. viii. 5.
  8. 1 Rígh. xiii. 14 agus xvi. 3.
  9. Salm. lxxxviii. 21.
  10. Isaias xi. 1.
  11. Mait. iii. 1; Marc. i. 4; Lúc. iii. 3.
  12. Mait. iii. 11; Marc. i. 7; Eóin i. 27.