ar a dtugtí Saul. 58Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophán agus é ag glaodhach ar Dhia, agus: A Tighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé. 59Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna.
Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.
Caibidiol VIII.
Na Samaritánaigh dá n‑iompódh ag Pilib chun an chreidimh agus an coillteánach da bhaisteadh aige.
1Ansan do deineadh, ins na laethibh[1] sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h‑Aspoil. 2Agus thug daoine diadha aire do Stiophán agus chaoineadar é go mór. 3Ach bhí léir-sgrios ag Saul ’á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige ’á tharrac amach agus é ’ghá gcur i mbraighdineas.
4Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluaiseadar rómpa ag craobhsgaoile bréithre Dé. 5Agus chuaidh Pilib síos go cathair Samaría agus bhí sé ag craobhsgaoile Chríost dóibh sin. 6Agus thug na daoine aire do chainnt Philib agus d’éisteadar leis do thoil a chéile, mar chonnacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 7Mar bhí a lán acu ’na raibh spioraidí truaillighthe ionta agus go n‑imthíghdís asta ag éigheamh go h‑árd. 8Agus a lán a bhí míllte agus a bhí bacach do leighiseadh iad.
9D’á bhrígh sin bhí áthas mór sa chathair sin. Ach bhí fear áirithe d’ár bh’ ainim Símón agus bhí sé ’n‑a dhraoi sa chathair roimhe sin agus é ag mealladh muinntire Shamaría, ’ghá rádh gur dhuine mór éigin é, 10Agus thugadh na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór-
- ↑ a.d. 33