Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
312
Caib. VIII. 38
Gníomhartha na n‑Aspol

dubhairt: Creidim gur b’é Mac Dé Íosa Críost.[* 1] 38Agus d’órduigh sé an carbad do stop agus thúirling­eadar araon sa n‑uisge, Pilib agus an coillteán­ach, agus do bhaist sé é. 39Agus nuair a thánadar aníos as an uisge d’fhuadaigh Spioraid an Tighearna Pilib agus ní feacaidh an coillteán­ach a thuille é. Ach d’imthigh sé a bhóthar féin agus áthas air. 40Agus do fuaradh Pilib i n‑Asótos agus ghuais sé tríd an dtríd an craobh­sgaoile an tSoisgéil ins na cathar­achaibh go léir chun go dtáinig se go Caésaréa.


Caibiol IX.

Iompáil Phóil chun an chreidimh, agus a dhíoghras. Énéas d’á leigheas ag Peadar, ⁊ Taibita dá tógaint aige ón mbás.

1Agus tháinig [1]Saul, agus é ag síor-shéide bagartha báis i n‑aghaidh deis­giobul an Tighearna, ag triall ar phriúnsa na sagart, 2Agus d’iarr sé air leit­reacha thabairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de’n tslígh sin, go dtabhar­fadh sé leif iad gabhtha go Ierúsalem.

3[2]Agus ag cur na slíghe dhé dhó do thárla go dtáinig sé i gcómhgar do Dhamascus, agus go h‑obann do las solus ó neamh ’n‑a thímpul. 4Agus thuit sé chun tailimh agus d’airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul, cad chuige go bhfuilir am géar­leanmhaint? 5Agus dubhairt seisean: Cia h‑é thu, a Tighearna? agus eifean: Mise Íosa ’na bhfuilir­se am ghéar­leanmhaint, is cruaidh ort bheith a’ speach­uíol i n‑aghaidh an phrioc­aire. 6Agus dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thigh-

  1. Gal. i. 13.
  2. Infra xxii. 6, xxii. 10, xxvi. 12; 1 Cor. xv. 8, 2 Cor. xii. 2.
  1. Ver. 37. “Má chreid­eann tú ód’ chroidhe go h‑iomlán,” ⁊rl. Is minic ná h‑ainim­nígheann an sgrip­tiúir ach aon cheann amháin de sna meónaibh riacht­anacha, mar a deintear anso, .i. creideamh, bíodh go bhfuil meóin eile atá riacht­anach chómh maith, .i. dólás croidhe agus dóchas agus grádh do Dia. Ach beireann creideamh leis iomláine croidhe, agus gach aon rud atá ríacht­anach chun slán­uighthe.