Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. IX. 7
313
Gníomhartha na n‑Aspol

earna, cad is toil leat a dhéan­fainn? 7Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh isteach sa chathair agus neósfar sa n‑áit sin duit cad tá agat le déanamh. Agus na fir a bhí le n‑a chois bhíodar ’n‑a seasamh agus uathbhás ortha, agus iad ag éisteacht leis an nguth agus ná feacadar aoinne. 8Agus d’éirigh Saul de’n talamh agus d’osgail sé a shúile ach ní fheacaidh sé aon nídh. Agus do rugadar ar láimh air agus do sheoladar isteach i nDamascus é. 9Agus bhí sé ansan trí lá gan radharc, agus níor chaith sé bia ’ná deoch.

10Agus bhí i nDamascus duine de dheisgio­bulaibh an Tighearna agus Ananías ab ainim dó, [1]agus dubhairt an Tighearna leis, i n‑aisling: A Ananiais! Agus dubhairt seisean: Táim anso, A Tighearna! 11Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar an Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear ó Tharsus gur b’ainim dó Saul; mar, féach, tá sé ag guidhe Dé. 12(Agus chonnaic sé an fear d’ar b’ainim Ananías agus é ag teacht isteach ag triall air agus ag cur a láimhe air chun radhairc a thabhairt dó.) 13Ach d’fhreagair Ananías: A Tighearna, d’airigheas i dtaobh an fhir sin, ó n‑a lán, méid na n‑olc atá déanta aige do d’naoimh i n‑Ierúsalem: 14Agus tá úghdarás anso aige ó uachtar­ánaibh na sagart chun na ndaoine a ghlaodh­ann ar t’ainimse do ghabháil. 15Dubhairt an Tighearna leis: Imthigh ort, óir is árthach toghtha an fear san agamsa chun m’ainime bhreith i láthair geinte agus ríghthe agus clainne Israéil. 16Mar taisbeán­fadsa dhó cad iad na néithe móra atá le fulang aige ar son m’ainime. 17Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thais­beáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise cughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu. 18Agus láith­reach do thuit mar bheadh gáinní d’á súilibh agus fuair sé a radharc agus d’eirigh fé agus do baisteadh é. 19Agus chaith sé bia agus tháinig neart dó. Agus d’fhan sé raint laethanta i bhfochair na ndeis­giobul a bhí i nDamascus.

  1. Infra xxii. 12.