Jump to content

Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/34

From Wikisource
This page has been proofread.
314
Caib. IX. 20
Gníomhartha na n‑Aspol

20Agus láith­reach, ins na sinanóg­aibh, bhí sé ag seanmóin i dtaobh Íosa, gur b’ é Mac Dé é. 21Agus bhí uathbhás ar a raibh ag éisteacht leis, agus deiridís: Nách é seo an fear a bhí ag déanamh íde i n‑Ierúsalem ar an muinntir a ghlaodh­adh ar an ainim sin, agus nách é gnó a thug anso é ná chun iad do bhreith leis gabhtha ag triall ar uachtar­ánaibh na sagart? 22Ach bhí Saul ag neartú go mór agus é ag cur na n‑Iúdach ar mearaídhe, a raibh i nDamascus díobh, toisg é bheith ghá dheimhniú gur b’ é sin ar Críost.

23Agus nuair a bhí a lán laethanta caithte dhein na Iúdaígh a bheartú, do thoil a chéile, go marbh­óchaidís é. 24Ach do fuair Saul eólus ar iad a bheith ar a thí. [1]Agus bhí lucht cimeádta acu ar na geataíbh do ló agus d’oidhche, chun go marbh­óchaidís é. 25Ach do thóg na deisgio­buil é sa n‑oidhche agus cuireadar síos de dhruim an fhalla é i gciseán. 26Agus tháinig sé go Ierúsalem agus mheas sé dul leis na deisgio­buil, ach bhí eagla acu go léir roimis agus ní chreid­fidís gur dheis­giobul é. 27Ach do thób Barnabas é agus do rug sé ag triall ar na h‑Aspoil é agus d’innis sé dhóibh conus mar a chonnaic sé an Tighearna ar an slígh agus gur labhair sé leis, agus conus mar a dhein sé obair chalma i n‑ainim Íosa, i nDamascus. 28Agus bhí sé ’n‑a bhfochair, ag gabháil amach agus ag gabháil isteach i n‑Ierúsalem agus obair chalma aige ’á dhéanamh i n‑ainim an Tighearna. 29Do labhradh sé mar an gcéadna leis na geintibh agus bhíodh sé ag díospóir­eacht leis na Gréagaigh; agus bhíodar san a d’iarraidh é chur chun báis. 30Fuair na bráithre an nídh sin amach agus do rugadar go Caesaréa é agus chuir­eadar as san go Tarsus é.


31Agus bhí síoth­cháin ag an eaglais ar fuid Iúdaéa goléir agus rt fuid Ghaililí agus Shamaría, agus bhí sí ag dul ar aghaidh ag gluais­eacht i n‑eagla an Tighearna, agus í dá líonadh le sólás an Spioraid Naoimh. 32Agus do thárla, nuair a bhí Peadar ag tabhairt a chuard sa tímpal ortha, go dtáinig sé chun na naomh a bhí ’n‑a

  1. 2 Cor. xi. 32.