Jump to content

Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/48

From Wikisource
This page has been proofread.
328
Caib. XIV. 1
Gníomhartha na n‑Aspol


Caibidiol XIV.

Pól agus Barnabas ag seanmóiniú i n‑Icónium agus i Listra. Cláir­íneach ’á leigheas. Daoine ghá mheas gur déithe iad. Gabhtar do chloch­aibh ar Phól. Deinid siad sean­móiniú i nDerbé agus i bPergé.

1Agus do thuit amach i n‑Icónium go ndeagh­adar isteach i n‑aon­fheacht i singagóig na nIudach agus gur dhein­eadar cainnt, i dtreó gur chreid sluagh líonmhar de sna Iúdaígh agus de sna Gréagaigh. 2Ach na Iúdaigh a bhí díchreid­eamhach, do ghríos­adar agus do shéid­eadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh na mbráithre. 3Ach d’fhanadar mórán aimsire ann ag obair, agus a mainghín as an dTigh­earna, agus é ag déanamh fiadh­naise ar bhriathar a ghrásta, ag cur mírbhúiltí uath­bhásacha d’á ndéanam le n‑a lámhaibh. 4Bhí muinntir na catharach deighilte, ámhthach, cuid acu ag gabháil leif na Iúdaígh agus cuid acu ag gabháil leis na h‑Aspuil. 5Agus d’eirigh fuadar fé sna geintibh agus fé sna Iúdaígh, agus fé sna h‑uach­taráin, chun iad do thar­cuisniú agus gabháil do chloch­aibh ortha, 6Agus thuig­eadar (an nídh sin) agus do theith­eadar go Listra agus go Derbé, dhá chathair i Licaónia, agus go dtí an rír go léir mór-thímpall, agus bhíodar ag craobh-sgaoile an tSoisgéil sa n‑áit sin.

7Agus bhí duine i Listra, n‑a shuídhe, agus é gan lúth a chos ó fhág sé bruinn a mháthar, agus níor shiúbh­luigh sé riamh. 8D’airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh chun a shlán­uighthe, 9Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad seasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n‑a seasamh agus shiúbh­luigh sé.

10Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta ag Pól d’árduigh­eadar a nglór agus dubhradar, as Licaóinis: Táid na déithe, i riocht­aibh daoine, tagaithe anuas chúgainn. 11Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas agus Mercurí ar Phól mar is aige bhí buadh cainnte. 12Agus bhí sagart le Iúpiter lasmuich de’n chathair agus thug sé leis tairbh agus coróin­neacha, ar aghaidh an geata, chun go ndéan­faidh sé déin agus na daoine