Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XII. 15
323
Gníomhartha na n‑Aspol

d’innis sí go raibh Peadar ag an ndorus. 15Dubhradar-san léi: Ar buile ataoí. Ach dubhairt sisi gur bh’fhíor é. Agus dubhradar-san: Isé a aingeal atá ann. 16Ach do lean Peadar ag bualadh. Ansan nuair osgaladar agus chonnac­adar é bhí uathbhás ortha. 17Ach do bhagair sé le n‑a láimh ortha éisteacht, agus d’innis sé dhóibh conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubhairt sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna bráith­ribh! Agus chuaidh sé amach agus d’imthigh sé go h‑áit eile.

18Nuair a tháinig an lá bhí céimigh­rádh[* 1] nár bheag imeasg na saigh­diúirí i dtaobh cad a bhí imighthe ar Pheadar. 19Agus nuair a dh’iarr Héród é agus ná raibh sé le fághail chuir sé ceistiú ar an lucht cimeádta agus d’órduigh sé iad do chur chun báis, agus d’imthigh sé síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d’fhan sé ann.

20Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a chéile, ag triall air, agus dhein­eadar muinn­tearthas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar síoth­cháin, toisg a dtír féin a bheith d’á chothú ó’n rí. 21Ansan, lá a bhí ceapaithe chuige, bhí Héród ’n‑a shuidhe sa tsuidhe breithe agus éadach ríoghdha uime agus dhein sé óráid dóibh. 22Agus deireadh na daoine, ’ghá moladh: Ní guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin. 23Ansan, láith­reach bonn, do bhuail aingeal an Tighearna é, toisg nár thug sé an onóir do Dhia, agus dhein bró phiastaí dhé agus iad ’á dh’ithe, agus fuair sé bás.

24Agus d’fhás briathar an Tighearna agus do méad­uigheadh é.

Agus tháinig Barnabas agus Saul thar n‑ais ó Ierúsalem [1]nuair a bhí a bhfri­thálamh déanta acu, agus thugadar leó Eóin ar a dtugtí Marcus.

  1. Supra xi. 30.
  1. .i. cur tré chéile