Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVII. 1
337
Gníomhartha na n‑Aspol


Caibidiol XVII.

Seanmóiniú Phóil do sna Tessalónaigh agus do sna Bereánaigh. A chainnt leis na h‑Aténachaibh.

1Ansan do shiúbhluíghdar Amphipolis agus Apollónia, agus thánadar go Tesaloníca, áit ’na raibh sinagóg leis na Iúdaígh. 2Chuaidh Pól isteach chúcha, mar ba ghnáth leis, agus i gcaith­eamh trí sabbóidí bhí sé ag léiriú dhóibh as an Scrip­tiúir, 3’Ghá osgailt dóibh agus ’ghá chur ’n‑a luighe ortha conus nár bhfoláir do’n Chríost fulag agus eirighe ós na mairbh; agus gur b’é seo an t‑Íosa Críost, atá agamsa d’á fhógairt daoibhse. 4Agus do chreid cuid acu agus ghabhdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintibh a bhi diadha, sluagh ana-mhór, agus rainnt nár shuarach de mhnáibh a bhí uasal.

5Ansan tháinig éad ar na Iúdaigh agus do bhailíghdar as an sluagh rainnt droch-dhaoine agus dhein­eadar achrann agus chuir­eadar an chathair i gcollóid. Ansan thánadar tímpal ar thigh Iásoin agus bhíodar a d’iarraidh go gcurfí amach chun an phobuil iad-san. 6Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna bráithre i láthair uachtar­áin na catharach, ’ghá rádh go h‑árd: tháinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na [* 1]catharach tré chéile, 7Agus ghlac Iáson iad: agus táid siad go léir ag gabháil i gcoinnibh dlighe Chaesair, ’ghá rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa.

8Agus do ghríosadar na daoine agus na h‑uachtaráin, a bhí ag éisteacht leis na neithibh sin. 9Agus nuair á bhain­eadar sásamh de Iáson agus de’n gcuid eile do leogadar chun siúbhail iad.

10Agus gan mhoill do chuir na bráithre chun siúbhail, san oidhche, Pól agus Sílas, go Beréa. Agus nuair a thánadar ann do chuadar isteach i sinagóig na n‑Iúdach. 11Agus bhíodar so níos uaisle ’ná muinntir Thesaloníca agus do ghlacadar an briathar le lán-díogras, agus bhídís coit­chianta ag cuardach na Scrip­tiúirí féachaint

  1. Ver. 6. “na catharach.” Sa Ghréigis, “oikoumenén” = “an domhan.”

4