Caibidiol X.
Cornélius d’á ghlacadh isteach sa n‑Eaglais. Aisling Peadair.
1Ach bhí i gCaesaréa fear n‑ar b’ ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáileach, 2Fear diadha n‑a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.
3Do chonnaic an fear san, i n‑aisling, go soiléir, tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag teacht chuige isteach, agus dubhairt an t‑aingeal leis: 4A Chornélius! Agus dubhairt seisean, agus é ag féachaint air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé. 5Agus anois cuir fir go Ioppé agus glaoidh chughat Símón, ar a dtugtar Peadar. 6Tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, fear leasuighthe leathair, n‑a bhfuil a thigh ar bruach na faraige; neósfaidh sé sin duit cad ’tá le déanamh agat. 7Agus nuair a d’imthigh an t‑aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theaghlach féin agus fear airm n‑a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó. 8Agus d’innis sé dhóibh gach nídh agus chuir sé go Ioppé iad.
9Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharac, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n‑uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh. 10Ansan tháinig ocras air agus ba mhian leis bia do chaitheamh. Agus an fhaid a bhíodar ag ollmhú an bhídh dó tháinig támhnéal air. 11Chonnaic sé na flathais ar osgailt agus árthach, mar a bhéadh bairlín ana-mhór agus í d’á leigint anuas, le n‑a cheithre cúinníbh, as na flathais chun an tailimh. 12Agus bhí uirthi an uile saghas ainmhighthe cheithre gcos, agus piastaí, agus éanlaithe an aéir. 13Agus do labhair guth leis: Eirigh, a Pheadair, agus mairbh agus ith! 14Ach dubhairt Peadar: Nár leigidh Dia go ndéanfainn san, a Thighearna, óir níor itheas riamh bia coitchian ná bia neamh-ghlan. 15Agus do labhair an guth airís leis: An