Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. X. 16
317
Gníomhartha na n‑Aspol

nídh a ghlan Dia ná tabhairse coitchian air! 16Do deineadh san trí h‑uaire as a chéile agus ansan do tógadh an t‑árthach thar n‑ais isteach ins na flathais.

17Agus an fhaidh a bhí Peadar ’ghá bhreith­niú i n’ aigne cad é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a chuir Coir­nélius uaidh ’n‑a seasamh ag an ndorus, ’ghá fhiaf­raighe cá raibh thigh Shimóin. 18Agus do ghlaodh­adar agus d’fhiaf­raighdar an raibh Símón ar a dtugtar Peadar, ar lóisdín sa tigh. 19Bhí Peadar, ámhthach, ag cuímh­neamh ar an aisling agus dubhairt an Spioraid leis: Féach, tá triúr fear ad’ lorg. 20Eirigh, dá bhrígh fin, agus imthigh síos agus gluais leó, óir is mise chuir chúghat iad. 21D’imthigh Peadar síos chun na bhfear agus dubhairt sé: Féach, is mise atá uaibh: Cad chuige go dtána­bhair? 22Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoranta úmhal do dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait. 23Do rug sé isteach iad ansan i gcóir na h‑oidhche. Agus d’eirigh sé amáireach a bhí chúghainn agus ghluais sé i n‑aon­fheacht leó, agus chuaidh raint de sna bráith­ribh ó Ioppé le n‑a cois.

24Chuaidh sé isteach i gCaesaréa an lá ’n‑a dhiaidh san, agus bhí Cornélius ag feitheamh leó agus a ghaolta agus a cháirde cruin­nighthe aige. 25Agus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n‑a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú. 26Ach do thóg Peadar suas é agus dubhairt sé: Eirigh! Duine iseadh mise féin, leis. 27Agus táinig sé isteach sa thigh agus é ag cainnt leis, agus fuair sé an mhórchuid daoine cruin­nighthe istigh.

28Agus dubhairt sé leó: Is eól daoíbhse conus mar is urghráin d’fear Iúdach baint ná comh­luadar a dhéanamh le cine iasachta, ach do thais­beáin Dia dhómhsa gan coitchian ná neamh­ghlan a thabhairt ar aon duine. 29Dá bhrígh sin, cómh luath agus a cuireadh fios orm thánag gan stad. Fiaf­raighim, uime sin, cad chuige gur chuit­eabhair fios orm?

30Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí