Muintir Bhaile Átha Cliath/Na Mairbh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Na Mairbh
[ 224 ]

NA MAIRBH

NÍ RAIBH uain scíthe ag Lily, iníon an fheighlí. Nach mór a thúisce is a thionlaic sí gentleman amháin sa chuile bheag buitléara laistiar den oifig ar an bhun-urlár is a bhain a chóta mór de, ní túisce sin déanta aici ná bhuail cloigín cársánach an dorais sráide arís agus b’éigin di sodar síos an halla lom a ligean cuairteora eile isteach. Ar a laghad ní raibh freastal na ladies uirthi freisin. Chuimhnigh Miss Kate agus Miss Julia ar sin agus rinneadar seomra feistis na mban n-uaisle den tseomra folctha thuas staighre. Is ansin a bhí Miss Kate agus Miss Julia, agus iad ag cabaireacht is ag gáire is ag fuirseadh, ag siúil i ndiaidh a chéile go ceann na staighre a ghliúcaíocht síos fúthu thar na balastair agus a ghlaoch ar Lily fiafraí dhi cé a tháinig.

Ba oíche mhór é riamh, rince bliantúil na Misses Morkan.[1] Thagadh gach duine a raibh aithne aige orthu, idir ghaolta, seanchairde den chlann, baill de chór Julia, aon duine de pháistí scoile Kate a bhí fásta suas go leor anois, agus go fiú roinnt scoláirí Mary Jane. Níor theip air riamh. Bliain i ndiaidh bliana, d’éirigh go seó leis le cuimhne na ndaoine; ó d’fhág Kate agus Julia an teach ar Bhóthar na gCloch agus thugadar Mary Jane, an t-aon neacht acu, [ 225 ]a dhul chun cónaithe leo sa teach duairc caol in Oileán Uiséir i ndiaidh bhás a ndearthár Pat. Thógadar an dara urlár den tigh ar cíos ó Mr Fulham, an mórdhíoltóir gráinne ar an bhun-urlár. Sin trocha bliain ó shin ar a laghad. Ní raibh Mary Jane ach ina gearrchaile ag an am. Anois ba uirthi ba mhó a raibh aghaidh na ndaoine, óir sheinneadh an t-orgán ar Bhóthar Haddington.[2] Oileadh san Acadamy[3] í agus chuireadh ceolchoirm na scoláirí ar bun i halla uachtarach na Antient Concert Rooms[4] gach bliain. Roinnt mhaith dá scoláirí, ba de chlanna níos uaisle ó na tithe ar an líne traenach idir Dún Laoghaire agus Deilginis dóibh. In ainneoin a n-aoise, dhéanadh a hainteanna a gcion féin de dhualgas an óstaigh. Cé go raibh sí an-liath, ba phríomh-shoprán in Adam and Eve’s í Julia i gcónaí, agus Kate, a bhí craplaithe ag an aois, thugadh sí ceachtanna ceoil d’fhoghlaimeoirí ar an tsean-phianó sa tseomra chúil. Lily, iníon an airígh, rinne obair an chailín tí dhóibh. Má bhí a maoin sách beag féin, bhí dúil acu i mbia maith; an scoth de gach rud: stéigeacha caoldroma, tae trí scillinge agus na buidéil phórtair is fearr dá raibh. Ach b’annamh a chuaigh Lily amú sna hordaithe grósaera agus réitigh go maith lena máistreása dá bharr. Bhíodar pointeáilte, b’in an méad. Ach an t-aon rud nach seasfaidís, aisfhreagra.

Ar ndóigh bhí cúis phointeáilteachta acu ar a leithéid d’oíche. Anuas ar sin bhí sé i bhfad i ndiaidh a deich a chlog agus fós ní raibh tásc ná tuairisc ar Gabriel agus ar a bhean chéile. Lena chois sin bhí eagla orthu go dtagadh Freddy Malins agus é ar a dhearg meisce. B’uafás leo go bhfeiceadh [ 226 ]scoláirí Mary Jane é faoi thionchar an óil; agus nuair a bhí sé ar an chaoi sin ba dheacair aon cheart a bhaint de scaití. Thagadh Freddy Malins go han-déanach i gcónaí ach n’fheadradar céard a chuir moill ar Gabriel: agus sin a chuir iad ag sodar chuig na balastair gach ré nóiméad a chur tuairisce Gabriel agus Freddy ar Lily.

“Ó, Mr Conroy,” a deir Lily nuair a d’oscail an doras dó, “B’fhada le Miss Kate agus Miss Julia do theacht.”

“Bíodh geall gur fhada,” ar Gabriel, “ach tá dearmad déanta acu go gcaitheann mo bhean trí uaire fada an chlog á gléasadh.”

Sheas ar an mhata, ag scríobadh an tsneachta dá fhorbhróga, agus Lily ag tionlacan a mhná go bun an staighre a ghlaoch:

“Miss Kate, seo chugat Mrs Conroy.”

Tháinig Kate agus Julia go tuisleach sodarnach aníos an staighre ar an toirt. Phógadar bean Gabriel araon, dúradar léi nárbh fholáir nó bhí sí préachta leis an fhuacht agus d’fhiafraíodar di an raibh Gabriel ina teannta.

“Seo mé agus níl caill orm, a Aint Kate! Suas leat.

Choinnigh ag scríobadh a chos go bríomhar agus an triúr ban ag dul suas staighre go seomra feistis na mban agus ag gáire. Chlóigh clúdach tearc sneachta le muin a chóta móir agus le barra a fhorbhróg mar a bheadh brádóg is bairbíní air; ar sleamhnú do na cnapaí go díoscánach trí bhréid an chóta a bhí stromptha ag an tsneachta, [ 227 ]scaoileadh aer fuar cumhra na hoíche ó loig is ó liopaí.

“An bhfuil sé ag cur sneachta arís, Mr Conroy?” a d’fhiafraigh Lily.

Bhí sí dulta roimhe sa chuile a chuidiú le baint a chóta dhe. Rinne Gabriel gean gáire faoin trí shiolla a chuir sí ar a shloinne[5] agus thug sracfhéachaint uirthi. Ba chailín tanaí í a bhí fós ag fás aníos. Bhí lí bhán inti agus gruaig ar dhath an fhéir tirim uirthi. Mhéadaigh an solas gáis ar a báine. Bhí aithne ag Gabriel uirthi nuair a bhí sí ina páiste agus shuíodh sí ar an chéim is ísle ag muirniú bhábóg éadaigh.

“Tá, Lily,” a d’fhreagair sé, “agus measaim go bhfuil oíche dhe romhainn.”

D’amhairc suas ar shíleáil na cuile, a bhí ag creathadh le satailt is le scuabáil cos ar an urlár lastuas de, d’éist ar feadh scaithimh leis an phianó gur chaith súil ar an chailín ansin, a bhí ag filleadh a chóta móir go cúramach a chur ar cheann seilfe.

“Inis dom, Lily,” ar sé i nguth cuideachtúil, “an dtéir ar scoil i gcónaí?”

“Ó, ní dhéanaim,” a d’fhreagair sí. “Táim réidh le scolaíocht le breis is bliain anuas.”

“Ó, más é,” ar Gabriel go haerach, “is dóigh go mbeimid ag dul chuig do bhainis pósta le do stócach lá breá éigin amach anseo, há?

Chaith an cailín súil siar thar a gualainn air agus dúirt le domlas:

“Na fir atá anois ann níl fúthu ach plámás leat agus teacht i dtír ort.”

Dhearg Gabriel faoi mar a fheictí dhó go ndearna botún agus, gan amhairc uirthi, bhain dhe [ 228 ]a fhorbhróga agus, lena mhuifléad, scuab is lasc ar a bhróga snasleathair.

Fear óg téagartha sách ard ab é. Leath luisne dhearg nádúrtha óna leicne aníos go ndearna baill bhándearga neamhchruinne anseo is ansiúd go fiú ar a éadan; agus bhí spéaclaí á gcaitheamh aige ar a aghaidh lom. Dhrithligh na gloiní lonracha agus na himill ghealla órnite go corraitheach agus thugadar dídean dá shúile beo mothálacha. Bhí a ghruaig dhubh shlíoctha scoilte ina dhá leath ar lár agus scuabtha i gcuar fada go cúl a chluas, áit ar fhág a hata eang inti.

Iar smeachadh loinnreach ina bhróga sheas sé suas gur tharraing a veist anuas agus chloí í níos dlúithe fós lena chorp beathaithe. Ansin bhain bonn óna phóca go sciobtha.

“Ó Lily,” ar sé, ag brú é ina lámha uirthi, “tá an Nollaig orainn, nach bhfuil? ‘Sea... seo dúthracht bheag...”

Shiúl de sciotán i dtreo an dorais.

“Arú, sir!” a ghlaoigh an cailín agus í sna sála air. “Go deimhin féin, a dhuine uasail, ní ghlacfainn léi.”

“Aimsir na Nollag! Aimsir na Nollag!” a ghlaoigh Gabriel agus é nach mór ag sodar suas an staighre agus ag croitheadh a láimhe go diúltach uirthi.

Ag feiceáil don chailín gur shroich seisean an staighre, ghlaoigh air:

Well, go raibh maith agat, sir.”

D'fhan sé le críochnú an waltz lasmuigh den pharlúis agus d'éist le scuabadh na sciortaí leis an doras dúnta agus le scuabadh cos ar an urlár. Bhí sé fós trí chéile ag freagra gonta [ 229 ]searbh an chailín. Chuir sé smúit air agus chóirigh sé a chufaí is cuachóg a charbhait in iarracht a ruaigthe. Ansin bhain duilleog bheag páipéir dá phóca veiste gur chaith súil ar na teideil a scríobh síos dá óráid. Bhí fós idir dhá chomhairle faoi na línte as Robert Browning mar bhí faitíos air nach mbeadh aithne ag a lucht éisteachta orthu. B'fhearr dó focal a n-aithneoidís as Shakepeare nó as na Melodies a lua.[6] Mheabhraigh claicearnach thútach sál na bhfear agus scuabadh bonn a mbróg dó gur dhifriúil a ngrád oiliúna siúd óna oiliúint féin. Ceann a dhéanamh dhe féin, sin an t-aon toradh a bheadh ar thabhairt filíochta nach dtuigfidís. Cheapfaidís go raibh sé ag déanamh gaisce dá hoideas. Shuífeadh an dabhach air leo faoi mar a teipeadh air leis an chailín sa chuile. Do chuir sé an blas mícheart ar a óráid. Ba bhotúin í ó thús deireadh, ba chliseadh iomlán í.

Leis sin tháinig a ainteanna agus a bhean ó sheomra feistis na mban. Beirt sheanbhan bheag gléasta i n-éadaí gan scléip ab iad a ainteanna. Bhí Aunt Julia tuairim is orlach níos airde. Bhí a gruaig tarraingthe siar go híseal thar bharr a cluas. Bhí gruaig liath uirthi. Liath freisin, chomh maith le scáthanna níos dorcha, an lí in a haghaidh mhór shleabhctha. Cé go raibh sí tathagach ceartseasmhach, a súile liosta agus an béal beagán ar oscailt aici, chuireadar an chuma uirthi gur bhean nach fios di cá raibh sí nó cá raibh a triall. Bhí Aunt Kate níos beoga. A haghaidh, a bhí níos sláintiúla ná aghaidh a deirféar, bhí lán de roic, ar nós [ 230 ]úill deirg seargtha, agus a cuid gruaige, a bhí tarraingthe siar i dtrilseáin seanaimseartha mar a bhí gruaig a deirféar, níor chaill a dath donn lonrach.

Phógadar beirt Gabriel go ceanúil. Ba eisean a nia ceanáin, mac a deirféar móire nár mhair, Ellen, a phós T.J. Conroy le Port and Docks.

“Deir Greta liom nach dtógfaidh sibh carr ar ais go Baile na Manach anocht, Gabriel,” ar Aunt Kate.

“Ní thógfaimid,” ar Gabriel gur thug aghaidh cainte ar a bhean, “bhí ár leordhóthain de sin againn an bhliain seo caite, nach raibh? Nach gcuimhin leat, Aunt Kate, an dearg-shlaghdán a tholg Gretta dá bhuíochas. Fuinneoga an chairr ag preabadh is ag gliogarnach go deireadh an aistir, agus an ghaoth anoir ag séideadh isteach ó chuamar tharr Mhuirfinn i leith. An-aerach a bhí sé. Tholg Gretta slaghdán uafásach.”

Tháinig muc ar gach mala ag Aunt Kate agus chlaoin sí a ceann i ndiaidh gach focail.

“Is fíor duit, Gabriel, is fíor duit,” ar sí. “Ní mór faichill.”

“Ach le Gretta ansin,” a dúirt Gabriel, “siúlfadh sí abhaile faoin tsneachta dá ligtí dhi.

Rinne Mrs Conroy gáire.

“Ná tabhair aon aird air, Aunt Kate,” a dúirt sí. “Is mór an clipeadh é, idir spéaclaí frithdhallta glasa ar shúile Tom don oíche agus a chur ag caitheamh thromán lúith, agus cur iallach ithe leite ar Eva. An créatúirín! Agus is fuath léi í!... Ó, ach do bharúil cad a chuireas sé de dhualgas ormsa a chaitheamh orm anois!”

Rinne sí scairteadh gáire agus [ 231 ]thug sracfhéachaint ar a fear, a bhí ag breathnú le haoibhneas ar a gúna, a haghaidh, a gruaig. Rinne an dís ainteanna gáire croíúil freisin, óir bhí tathant Gabriel ina ábhar grinn acu.

Goloshes!” a dúirt Mrs Conroy. “Sin an faisean is nua aige. Uair ar bith a bhíos braon báistí nó eile ar talamh caithfead cur orm m’fhorbhróga. D’iarr sé a gcaitheamh orm anocht go fiú amháin, ach ní gcaithfinn iad. An céad-rud eile a cheannóidh sé dhom, culaith tumadóireachta.

Rinne Gabriel gáire neirbhíseach is shlíoc a charbhait agus Aunt Kate in arraingeacha ag gáire faoin scéal. Níor mhair an gáire i bhfad ar Aunt Julia agus lonnaigh a súile marbha ar dhreach a nia. Nuair a tháinig sos sa chaint, dúirt:

“Agus céard is goloshes, Gabriel?”

Goloshes, Julia!” a d’fhógair a deirfiúr. “A thiarcais, nach bhfuil a fhios agat céard is goloshes? Cuirtear ar ... chosa thar do bhróga, nach é sin é, Gretta?”

“Sé, ar Mrs Conroy. “Nithe gránna atá déanta as guma peirce. Tá péire againn beirt anois. Deir Gabriel go gcaitheann an uile dhaoine iad ar an mhór-roinn.

“Ó, ar an mhór-roinn,” ar Aunt Julia de ghuth íseal agus í ag sméideadh a cinn go mall.

Chuir Gabriel grainc ina mhalaí agus dúirt, mar a bheadh fearg air:

“Ní scéal mór grinn é ach baineann Gretta an-ghreann as mar, a deir sí, go gcuireann an focal sin na Christy Minstrels[7] i gcuimhne dhi.” [ 232 ]“Ach, inis dom, Gabriel,” a dúirt Aunt Kate le tuiscint is le stuaim. “Ar ndóigh, fuairis amach faoin tseomra. Dúirt Getta...

“Ó, tá an seomra ceart go leor,” a d'fhreagair Gabriel. “Thógas ceann sa Gresham.”[8]

“Cinnte,” ar Aunt Kate, “an rud is fearr a dhéanamh, gan aon agó. Agus na páistí, Gretta, nach bhfuil imní ort fúthu?”

“Ó, níl i gceist ach oíche amháin,” a dúirt Mrs Conroy. “Ar aon nós, tabharfaidh Bessie aire dhóibh.”

“Cinnte,” ar Aunt Kate arís. “Is mór an sólás daoibh cailín mar sin, cailín atá le trust! Maidir le Lily sin, n’fheadar céard a tháinig uirthi le gairid. Ní hí an cailín a bhí ar chor ar bith.”

Bhí Gabriel ar tí chur roinnt ceisteanna ar a aint ina leith ach bhí sí ag breathnú ar a deirfiúr anois a d’imigh léi ar a bealach síos an staighre a scrogaireacht thar na balastair.

“Achainí oraibh,” agus rian den chantal ina glór, “cá bhfuil Julia ag dul? Julia! Julia! Cá bhfuil do thriail?”

Julia, a bhí imithe leath-shlí síos staighre amháin, tháinig ar ais gur fhógair go leamh:

“Seo chugainn Freddy.”

Ansin díreadh chualathas bualadh bos agus fras deiridh an phianódóra a thug le fios go raibh an válsa críochnaithe. Osclaíodh doras an tseomra caidrimh ón taobh istigh agus tháinig roinnt daoine amach ina mbeirteanna. Tharraing Aunt Kate Gabriel i leataobh faoi dhithneas agus dúirt i gcogar ina chluais: [ 233 ]“Gabh síos, Gabriel, maith an fear, féachaint an bhfuil sé ceart go leor, agus ná lig suas é má tá caochta. Táim cinnte go bhfuil sé caochta. Táim cinnte go bhfuil.”

Chuaigh Gabriel anonn chuig an staighre agus chuir cluas ar féin ag na balastair. Chuala sé beirt ag comhrá sa chuile. Ansin d’aithin sé gáire Freddy Malins. Chuaigh síos staighre go trostúil.

“Is é grá Dia dhúinn,” a dúirt Aunt Kate le Mrs Conroy, “Gabriel anseo. Maolaíonn m’imní nuair a bhíos seiseann anseo... Julia, sin Miss Daly thall agus tógfaidh Miss Powers deoch. Go raibh maith agat as do válsa álainn, Miss Daly. Ba dheas an t-am is an luas aige.”

Fear ard crón rocach le croiméal ramhar bricliath aige a bhí ag dul thar bráid lena chéile damhsa, dúirt:

“Agus an dtabharfá deoch dúinne chomh maith, Miss Morkan?”

“Julia,” ar Aunt Kate go giorraisc, “agus seo Mr Browne agus Miss Furlong. Tabhair isteach iad, Julia, in éineacht le Miss Daly agus Miss Power.”

“Mise muirnín na mban,” a dúirt Mr Browne agus leath strainc gáire ar a aghaidh rocach gur tháinig colg ina chroiméal. “An bhfuil a fhios agat, Miss Morkan, an fáth go bhfuilid ar fad chomh ceanúil sin orm ná -”

Níor chríochnaigh a abairt ach, iar bhfeiceáil dó go raibh Aunt Kate as éisteacht, thug an triúir ban óg don chúlseomra ar an toirt. Sheas dhá thábla cearnógacha taobh le taobh sa tseomra láir a raibh Aunt Julia [ 234 ]agus an feighlí ag réiteach is ag slíocadh scaraoide móire air. Leagtha amach ar bhord sleasa bhí soithí is miasa, agus gloiní agus cuail sceana, forc is spúnóg. Baineadh feidhm as barr dúnta an phianó mar bhord billíní beadaí. Ag bord níos bige ná é i gcúinne den tseomra sheas beirt fhear óg agus iad ag ól leann lusanna.

Thug Mr Brown a scata ban anonn gur thairg, le teann diabhlaíochta, puins ban dóibh, a bhí te, láidir is milis. Ó dúradar nár óladar deoch mheisciúil riamh d’oscail seisean trí bhuidéal líomanáide dhóibh. Ansin d’iarr ar dhuine de na stócaí seasamh de leataobh, gur rug ar an teisteán agus líon a ghloine go fial le huisce beatha. Bhreathnaigh na fir óga go hurramach air agus é ag blaisínteacht air.

“Go bhfóire Dia orm,” ar sé agus meangadh gáire aire, “is é comhairle an dochtúra é.”

Leath an meangadh amach ar a aghaidh rocach, agus rinne an triúr ainnireach gáire araon lena fhocal grinn agus luascadar a gcorp anonn is anall agus gach aon chor dá nguaillí le sceitimíní. Dúirt an ainnir ba dhána dhíobh:

“Ó, anois, Mr Browne, ní foláir nár thug an dochtúir comhairle dá shórt.”

Bhain Mr Brown suimín eile as a fhuisce go ndúirt go plámásach:

Well, an bhfuil ‘fhios agat, is ionann mé agus an Mrs Cassidy iomráiteach a gcuirtear ina leith go ndúirt: ‘Anois, Mary Grimes, mura dtóga mé é, brúigh orm é, mar teastaíonn sé uaim.’” [ 235 ]Do chrom a cheann gortha isteach chun tosaigh pas beag go ró-theanntásach agus ghlac blas Átha Cliath an-íseal ar a ghlór, sa dóigh gur thost na mná óga d’aon dúchas amháin agus nár thugadar freagra ar bith ar a scéal. Miss Furlong, ar bhean de scoláirí Mary Jane í, d’fhiafraigh de Miss Daly ainm an válsa deas a sheinn sí; agus Mr Browne, iar bhfeiceáil go raibh cluas bodhar á tabhairt dó, thug aghaidh cainte ar an bheirt stócach gan mhoill, a bhí níos fabhraí leis.

Tháinig bean óg dhearg-ghnúiseach i ngúna bláthbhreac sa tseomra ag bualadh a bos go meidhreach agus ag scairt:

Quadrilles! Quadrilles![9]

Bhí Aunt Kate sna sála uirthi. Ghlaoigh:

“Beirt fhear agus triúir ban, Mary Jane!”

“Ó, seo chugainn Mr Bergin agus Mr Kerrigan,” a dúirt Mary Jane. “Mr Kerrigan, an dtógfá Miss Power? Miss Furlong, an dtig liom céile damhsa a fháil duit – Mr Bergin. Ó, déanfaidh sin cúis anois.”

“Triúir ban, Mary Jane,” a dúirt Aunt Kate.

D’iarr an bheirt stócach damhsa ar na mná, agus thug Mary Jane a haghaidh ar Miss Daly.

“Ó, Miss Daly, ba an-deas ar fad uait, an dá damhsa deireanacha a sheinnis, ach gan bréag ná magadh, is é an chaoi a bhfuil sé, táimid thar a bheith gann ar mhná anocht.”

“Ní miste liom ar chor ar bith, Miss Morkan.”

“Ach tá céile maith agam duit – Mr Bartell D’Arcy, an teanóir. Cuirfead é ag canadh ar ball. Tá an-éileamh air in Áth Cliath.

“Guth álainn, guth álainn!” ar Aunt Kate. [ 236 ]Ó tosaíodh an céad-damhsa faoi dhó ar an phianó, thug Mary Jane a earcaigh óga léi go gasta ón tseomra. Is ar éigin féin a bhíodar imithe nuair a tháinig Aunt Julia go mall-chosach sa tseomra de fán agus í ag amharc uaithi ina diaidh.

“Céard atá ort, Julia?” a cheistigh Aunt Kate go himníoch. “Cé atá ann?”

Thug Julia, a bhí beart naipcíní tábla ina baclainn aici, thug aghaidh ar a dheirfiúr agus dúirt go simplí, mar a thagadh an cheist aniar aduaidh uirthi:

“Níl ann, Kate, ach Freddy, agus Gabriel ina theannta.”

Is amhlaidh go raibh Gabriel le feiceáil ag giollacht Freddy Malins trasna an léibhinn ceannstaighre. Fear óg tuairim is dhá fhichid bliain ab é siúd, ar chomhard agus ar chomh-thoirt le Gabriel, agus an-chromtha sna slinneáin. Ní raibh lí na fola ina aghaidh fheolmhar ar chor ar bith, cé is moite de bunanna liobarnacha a chluas agus den dá thaobh dá shróin leathan. Ba mhosach an aghaidh aige le béal breallach inti agus le héadan dronnach a chlaon siar uaithi. A shúile troma agus aimhréidh a gruaige scáinte, chuireadar cuma an chodlata air. Bhí sé ag scairteadh is ag búireadh gáire faoi scéal grinn a d’eachtraigh do Gabriel ar an tslí aníos agus chuimil a shúil chlé le hailt a dhoirn chlé fad an bhealaigh.

“Oíche mhaith isteach agat, Freddy,” a dúirt Aunt Julia.

Bheannaigh Freddy Malins do na Misses Morkan ar nós cuma liom, shílfeá, mar gheall ar sceach ina scornach, rud ab iondúil leis, gur chonaic Mr Browne ag draidgháire leis [ 237 ]ón bhord sleasa agus thrasnaigh an seomra chuige go stámhailleach a eachtrú de ghlór íseal an scéil a bhí tar éis a eachtraithe do Gabriel.

“Níl sé chomh dona sin, an bhfuil?” a dúirt Aunt Kate le Gabriel.

Bhí cuma ghruama ar Gabriel ach chuir an phúic de go tapaigh a fhreagairt:

“Ó, is ar éigin féin do dtabharfá faoi deara é.”

“Nach é an scabhaitéir é!” ar sí. “Agus bhain a mháthair bhocht gealltanas de Oíche Chinn Bliana go séanfadh an ól. Ach teara uait, Gabriel, don tseomra suite.

Sular fhág an seomra le Gabriel, thug sí rabhadh do Mr Browne le crapadh a malaí agus bagairt dá méar. Sméid Mr Brown a cheann uirthi mar fhreagra, go ndúirt le Freddy Malins iar n-imeacht di:

“Anois, Teddy, líonfad gloine mhaith líomanáide dhuit do t’athbheochan amháin féin.”

Freddy Malins, a bhí buailte le buaic a scéil, rinne neamhshuim mhífhoighneach den tairgeadh le bagairt dá láimh ach, nuair a bhí aird Freddy Malins tarraingthe aige ar eireaball a léine ar liobarna, líon Mr Browne gloine go béal le líomanáid agus shín chuige í. Rug Freddy Malins ar an ghloine ina láimh chlé gan smaoineamh faoi agus a lámh dheas ag dingeadh a léine faoina bhríste mar a bheadh inneall ann. Líon Mr Browne, a bhí strainc an gháire air arís, líon a ghloine féin le fuisce agus Freddy Malins ag pléascadh ar racht réamach gáire sula raibh a scéal grinn críochnaithe i gceart aige. Leag Freddy Malins [ 238 ]an gloine anuas gan blaiseadh aisti agus an leacht ag sceitheadh gach aon áit gur chuimil a dhorn clé siar is aniar ina shúil clé agus é ag dul siar arís ar fhocail as a abairt dheireanach tríd a racht gáire.

______________________________________


Chuir an píosa ceoil ón Acadamh a bhí Mary Jane ag seinm, chuir samhnas ar Gabriel.

Ní ligfeadh an samhnas do Gabriel cluas a thabhairt ar an aiste ceoil ón Acadamh a bhí Mary Jane ag seinm don lucht faoi thost sa tseomra caidrimh, arbh aiste ceoil í a bhí lán de frasa agus de míreanna casta. Thaitin ceol leis ach níor cheolmhar leis an aiste a bhí sise ag seinm agus níor dhóigh leis gur cheolmhar le duine ar bith eile dá lucht éisteachta, cé gur thathantaíodar ar Mary Jane seinm ceoil. Ceathrar fhear óg a tháinig sa doras ó sheomra na sólaistí a éisteacht le fuaim an phianó, d’éalaíodar ina mbeirteanna tar éis cúpla nóiméad. Ba dhóigh nár thug duine ar bith aird ar an cheol ach amháin Mary Jane féin, a raibh a lámha ag rince suas síos an méarchlár nó crochta os a chionn ag stadanna mar a bheadh méaracha bansagart i mbun ortha, agus Aunt Kate a sheas ina haice a iompú na leathanach.

Súile Gabriel, a bhí á ndalladh ag loinnir an urláir snasta faoin chrann mór solais, lonnaíodar ar an chuid den bhalla os cionn an phianó. Crochta ansin bhí canbhás de radharc na balcóine i Romeo and Juliet agus canbhás den bheirt phrionsa a dúnmharaíodh sa Túr[10] ar oibrigh Aunt Julia in olanna dearga, gorma agus donna nuair a bhí ina girseach. Is dóigh gur múineadh an sórt seo ceirde bliain amháin sa scoil ar fhreastalaíodar uirthi agus iad ina ngirseacha. Chniotáil a mháthair [ 239 ]bástcóta corcra tabinet[11] dó mar bhronntanas breithlá inar oibrigh cloigne sionnach le líneáil donn sróil agus le cnaipí cruinne maoildeirge air. Ait nach raibh bua an cheoil ag a mháthair i ndiaidh go ndeireadh Aunt Kate gurbh ise a thug léi an eagna chinn i gclainn na Morkan.

Bhí sí féin agus Julia sách bródúil as a ndeirfiúr stuama údarásach riamh, shílfeá. Bhí grianghraf di faoin scáthán piara.[12] Bhí leabhar ar oscailt ina gabhal aici agus bhí sí ag síneadh méire chuig rud éigin ann ar Constantine a bhí ina luí ag a cosa agus í gléasta i gculaith man-o’-war.[13] Ise a roghnaigh ainmneacha a mac mar bhí an-bheann aici ar dhínit an teaghlaigh. A bhuíochas uirthise a bhí Constantine ina ard-shéiplíneach i mBaile Brigín anois, agus a bhuíochas uirthise a bhain Gabriel féin a chéim onórach amach as an Ollscoil Ríoga. Rith scáil thar a dhreach ar chuimhneamh dhó ar a cur in aghaidh stuacánaigh dá phósadh. Cúpla focal tarcaisneach a chaith sí air, ghoilleadar fós air ; uair amháin chuir sí i leith Gretta go raibh gliceas na tuaithe inti, agus níorbh fhíor sin ar chor ar bith i gcás Gretta. Ba Gretta a thug aire dhi tríd a liostachas fada deiridh go léir ina dtigh i mBaile na Manach.

Thuig sé go raibh Mary Jane ag druidim le deireadh a dréacht ceoil mar bhí an tséis tosaigh á seinm aici arís agus frasa scála i ndiaidh gach barra ann. Mhaolaigh an domlas ina chroí istigh agus é ag fanacht leis an deireadh. Críochnaigh an aiste le fras ochtaigh tribile agus le hochtach deireannach doird. Tugadh bualadh bos mór do Mary [ 240 ]Jane. Dhearg agus bhailigh sí a cuid ceoil go cúthail gur éalaigh ón tseomra. An ceathrar stócach sa doras a d’imigh don tseomra bídh ag tús an cheoil agus a tháinig ar ais nuair a stop an pianó, is iad a thug an bualadh bos ba mhó.

Cuireadh rince Les Lanciers[14] ar bun. Cuireadh Gabriel le Miss Ivors. Bean óg chainteach ab í nach raibh de nós aici dul ar chúl scéithe le scéal. Bhí aghaidh bhreicneach agus súile móra donna aici. Ní raibh cabhail le muineál íseal á caitheamh aici agus bhí suaitheantas Gaelach agus manna Gaelach sa dealg a bhí fostaithe i lár a bráid.

Nuair a sheasadar ina n-áit don rince, dúirt sí gan frapa gan taca:

“Tá gréasán le réiteach agam leatsa.”

“Liomsa?” a dúirt Gabriel.

Sméid sí a ceann go tromchúiseach.

“Céard é?” ar Gabriel le meangadh sollúnta.

“Cé hé G.C.?” a d’fhreagair Miss Ivors agus chuir a súile tríd.

Dhearg Gabriel agus bhí ar tí chur púice ina mallaí a ligean air féin nár thuig, nuair a dúirt sí go neamhbhalbh:

“Ó, Amy shoineanta! D’fhionnas go scríobhair don Daily Express.[15] Anois, nach bhfuil náire ort?”

“Cad ina thaobh a mbeadh náire orm?” a cheistigh Gabriel ag iarraidh dhéanamh mheangadh gáire agus na fabhraí ag broidearnach air.

Well, cuirir náire ormsa,” a dúirt Miss Ivors amach. “Rá go scríobhair do pháipéar mar [ 241 ]sin. Níor shíleas gur Seán Buí thú.

Tháinig dreach an mhearbhaill ar Gabriel. B’fhíor go scríobhadh sé colún liteartha ar an Chéadaoin don Daily Express, as a íoctaí chúig scilling déag é. Ach ní dhearna sin Séan Buí dhe, shílfeá. Ba mhó a mheas ar na leabhair a d’fhaigheadh sé a léirmheas ná an seic suarach, nach mór. B'aoibhinn leis cuimilt na gclúdach ar leabhair nua agus iompú na nduilleog díobh. Beagnach gach aon lá, tar éis a chuid obair léachtóireachta sa choláiste, thugadh siúl síos na gcéanna chuig na hathdhíoltóirí leabhar, go tigh Hickey ar Shiúlán Bhaitsiléir, go tigh Webb nó tigh Massey ar Ché Aston, nó go tigh O’Clohissey sa chúlsráid. Níor léir dó cén freagra a thabhairt ar a líomhain. Ba mhaith leis rá léi gurbh os cionn na polaitíochta í an litríocht. Ba chairde iad leis na blianta aníos agus b’ionann a ngairm, san ollscoil ar dtús agus ansin mar léachtóirí: ní leomhfadh sé focal mustrach léi. Lean an bhroidearnach súl agus meangadh an gháire cotaidh dhe agus dúirt sé trína fhiacla nár pholaitiúil leis scríobh léirmheasanna leabhar.

Nuair a tháinig a seal dul i leataobh bhí sé fós trína chéile. Rug Miss Ivors go beoga croíúil ar láimh air go ndúirt de ghlór lách mhuinteartha:

“Go deimhin, is ag diabhlaíocht a bhíos. Gabh i leith, trasnaímid anois.

Iar dteacht le chéile arís dóibh labhair sí faoi cheist na hOllscoille agus mhaolaigh ar mhíshuaimhneas Gabriel. Do thaispeáin cara léi a léirmheas [ 242 ]ar dhánta Browning di. Sin an dóigh a fhionnaigh an rún: ach thaitin an léirmheas go mór léi. Ansin dúirt gan choinne:

“Ó, Mr Conroy, an dtiocfair ar turas go hOileánrach na Gaillimhe linn an samhradh seo? Táimid ag dul a fhanacht ar feadh míosa iontu. Beidh sé go breá amuigh san [Aigéan] Atlantach. B’fhiú dhuit teacht. Beidh Mr Clancy ag teacht, agus Mr Kilkelly agus Kathleen Kearney.[16] B'aoibhinn do Gretta é freisin dá dtagadh sí. Is as Connachta dhi, nach ea?”

“A muintir is ea is as dóibh,” ar Gabriel go grod.

“Ach tiocfaidh tú, nach tiocfair?” ar Miss Ivors agus í ag leagan a láimhe gortha go díograiseach ar a láimhse.

“Is amhlaidh,” a dúirt Gabriel, “go bhfuil sé díreach leagtha amach agam dul go-”

“Dul cén áit?” a cheistigh Miss Ivors.

“Sea, go hiondúil téimid don Fhrainc nó don Bheilg nó b’fhéidir don Ghearmáin,” ar Gabriel go hanásta.

“Agus cad chuige a théir chun na Fraince agus na Beilge,” a dúirt Miss Ivors, “i leaba thabhairt cuairte ar do thír féin?”

Well, ar Gabriel, “cúis amháin is ea cleachtadh na dteangacha, agus cúis eile, athrú aeir.”

“Agus nach bhfuil do theanga féin le cleachtadh agat – an Ghaeilic?” a cheistigh Miss Ivors.

Well, ar Gabriel, “más mar sin an scéal, ní hé an Ghaeilicse mo theanga, bíodh a fhios agat.” [ 243 ]Do thugadar na damhsóirí in aice leo aghaidh éisteachta ar an cheastóireacht. Rinne Gabriel speiceáil imníoch ar an dá thaobh dhe agus rinne a dhícheall an meon séimh ab iondúil leis a choinneáil in ainneoin na féachana a bhí á cur air, arbh fhéachaint í a thosaigh ag baint lasta as a éadan.

“Agus nach bhfuil do thír féin agat le dul ar turas inti,” a dúirt Miss Ivors agus í ag leanúint air, “tír a bhfuilir dall uirthi, do chine féin, agus do thír féin?”

“Ó, le bheith fírinneach leat,” a chaith Gabriel gan frapa gan taca, “táim bréan de mo thír féin, bréan di!”

“Cén fáth?” d’fhiafraigh Miss Ivors. Níor fhreagair Gabriel mar bhí corraithe ag an spalla deireanach a chaith.

“Cén fáth?” a dúirt Miss Ivors arís.

Níor mhór dóibh dul ar cuairt le chéile agus, ó nár thug sé freagra uirthi, dúirt Miss Ivors go cairdiúil:

“Ar ndóigh, níl freagra agat.”

Damhsaigh Gabriel go spreacúil a cheilt a chorraíola. Seachain a súile siúd mar chonaic an místá uirthi. Ach nuair a bhuaileadar lena chéile arís sa tslabhra fada damhsóirí rug sí ar láimh air gan choinne. Bhreathnaigh sí go fiosrach air faoina mallaí ar feadh scaithimh go ndearna seisean meangadh gáire. Ansin, go díreach agus an slabhra ar tí bogtha arís, chuaigh ar bharraicíní na gcos go ndúirt i gcogar ina chluais:

“Seán Buí!”

Ag deireadh rince na lansaí d’imigh Gabriel go cúinne an tseomra, áit a raibh Freddy Malins agus a mháthair ina suí. Seanbhean gheal-liath mhórchnámhach anbhann ab í. Bhí glothar [ 244 ]ina glór mar a bhí i nglór a mic agus bhí stad beag inti. Dúradh léi go raibh Freddy ann agus go raibh bail shásúil go leor air. D’fhiafraigh Gabriel di an raibh turas réidh thar muir anall aici. Bhí sí ina cónaí in aontíos lena hiníon agus lena fear siúd i nGlaschú agus thagadh ar cuairt go hÁth Cliath uair sa bhliain. D’fhreagair sí go leamh go raibh turas álainn aici agus gur thug an captaen aire na huibhe dhi. Labhair faoin tigh álainn ag a hiníon i nGlaschú freisin, agus faoin iomad cairde a bhí acu ansin. Agus í ag salmaireacht léi, rinne Gabriel iarracht an chuimhne ghránna ar fad den eachtra le Miss Ivors a chur as a chionn. Ar ndóigh, ba dhíograiseoir an bhean, nó an cailín, pé dhíobh í, ach níorbh am ná tráth na díograise seo. B’fhéidir nár chóir dó freagra mar sin a thabhairt uirthi. Ach ní raibh sé de cheart aici Séan Buí a chur air os comhair an tsaoil, go fiú ar son grinn. Thriall sí ceap magaidh a dhéanmh dhe i súile na ndaoine, trí cheastóireacht agus trí chur a súl coinín tríd.

Chonaic sé a bhean ag déanamh air trí na cúplaí damhsóirí. Iar dteacht ina láthair di chuir cogar ina chluais:

“Gabriel, d’fhiafraigh Aunt Kate díom nach ngearrfair an ghé mar is iondúil leat. Gearrfaidh Miss Daly an liamhás agus tabharfadsa faoin mharóg.

“Tá go maith,” ar Gabriel.

“Cuirfidh sí an cúigear malrach chun boird ar dtús a thúisce is a bheas an válsa seo thart sa dóigh go mbeidh an tábla againn féin.”

“Ar dhamhsaís?” a d’fhiafraigh Gabriel. [ 245 ]“Dhamhsaíos, cinnte. Nár fhacas mé? Céard ab achrann leat le Molly Ivors?

“Achrann ar bith. Cén fáth. An ndúirt sí go raibh?”

“Rud éigin ar an chaoi sin. Táim ag tathant ar Mr D’Arcy gabháil fhoinn. Tá sé lán de féin, sílim.”

“Ní raibh achrann ann,” ar Gabriel go tógálach, “ach go raibh sí ag iarraidh orm dul ar turas go hiarthar na hÉireann agus dúras nach rachainn.”

D’fháisc a bhean a dhá lámh le chéile le háthas agus rinne léim beag ar an spota.

“Ó, téigh, Gabriel,” a d’impigh. “Ba bhreá liom an Gaillimh a bhlaiseadh arís.”

“Tig leatsa dul ann má thograír,” ar Gabriel go doicheallach.

D’fhéach sí air ar feadh ala, gur thug aghaidh cainte ar Mrs Malins agus dúirt:

“Sin fear céile maith dhuit, Mrs Malins.”

Agus í ag déanamh a bealaigh tríd an tslua ar ais trasna an tseomra, lean Mrs Malins uirthi, beag beann ar an chur isteach ar a caint, lean uirthi ag ríomh do Gabriel áilleacht na n-áiteanna in Albain agus áilleacht na tírdhreacha. Thug a cliamhain iad chun na lochanna a iascaireacht gach aon bhliain. Rug ar iasc mór breá lá amháin agus réitigh fear an óstáin é dá ndinnéar.

Is ar éigean féin a thug Gabriel a caint siúd faoi deara. Anois agus an suipéar anuas orthu chuaigh ar staidéar faoina óráid agus faoin athfhriotal inti. Ag feiceáil Freddy Malins ag teacht chuig a mháthair dó d’fhág Gabriel a chathaoir faoi réir dó agus d’éalaigh go clúid [ 246 ]na fuinneoga. Bhí formhór na ndaoine imithe ón tseomra cheana féin agus bhí clagarnach plátaí agus sceana le cloisteáil sa tseomra chúil. Iad siúd a bhí fós sa pharlús, bhíodar tuirseach den damhsa de réir cosúlachta agus bhíodar ag comhrá le chéile i mbaicle beaga. Méaracha creathacha te Gabriel, bhuaileadar pána fuar na fuinneoige. Nach fionnfhuar a bheadh an t-aer lasmuigh! Nach breá taitneamhach a bheadh sé siúl leis féin amach ann, síos an abhainn ar dtús agus ansin tríd an pháirc! Bheadh an sneachta ina luí ar chraobhacha na gcrann agus bheadh ina chlúid gheal ar mhullach leacht Wellington. Nach i bhfad níos taitneamhaí a bheadh sé amuigh ansin ná ag bord an tsuipéir!

Chuaigh siar ar theidil a aithisc: flaithiúlacht na nÉireannach, cuimhní maoithneacha, Na Trí Suáilce,[17] Paris,[18] an t-athfhriotal ar Browning. Dúirt sé leis féin an frása a scríobh sé ina léirmheas: “tá sé mar a mbeifeá ag éisteacht le ceol na meabhrach cráite.” Do Mhol Miss Ivors an léirmheas. An raibh sí dáiríre? An raibh saol ar bith dá cuid féin aici taobh thiar dá bolscaireacht ar fad? Ní raibh cnámh spairne dá laghad eatarthu riamh roimh an oíche sin. Chuir sé lagsprid air smaoineamh go mbeadh sise ag an tábla, ag dearcadh suas air lena súile cáinteacha caidéiseacha agus é ag caint. B’fhéidir nárbh olc léi dá dteipeadh ar a aitheasc. Bhuail smaoineamh é agus thug ugach dhó. Déarfadh sé, mar thagairt do Aunt Kate agus Aunt Julia: “a dhaoine uaisle, b’fhéidir go raibh a lochta féin ag an ghlúin atá ag imeacht uainn anois, ach is í mo thuairim go raibh mianach [ 247 ]na flaithiúlachta, an ghrinn, na daonnachta inti, tréithe atáid de dhíth ar an ghlúin nua an-duairc agus an-oilte ar fad atá ag fás aníos timpeall orainn de réir mar a fheictear domsa.” An-mhaith: sin ceann don Iníon Mhic Ivor. Cad é sin dó nach raibh ina ainteanna ach beirt sheanbhean ainbhfiosacha?

Monabhar cainte sa tseomra, tarraing a aird. Bhí Mr Browne ag teacht ón doras agus é ag tabhairt Aunt Julia go galánta isteach. Bhí sise ag baint taca as a láimh, aoibh an gháire uirthi is a ceann cromtha fúithi. Lean bualadh bos briste a teacht chomh fada leis an phianó mar a bheadh muscaedaíocht comórtha á tionlacain, gur mhaolaigh ansin de réir a chéile agus Mary Jane ag suí ar an stól agus Aunt Julia, nach raibh aoibh an gháire uirthi níos mó, ag tiontú siar beagán a theilgeadh a gutha sa tseomra. D’aithin Gabriel an réamhdhréacht. Ba sheanamhrán ag Aunt Julia é- Cóirithe don Bhainis.[19] D’ionsaigh sí na ruthaig a mhaiseas an fhoinn go fuinniúil de ghlór glan glinn láidir, agus cé gur ghabh an fonn le luas lasrach, níor lig an nóta maise ba lú ar lár. Leanúint an ghlóir ag gabháil an fhoinn gan amhairc ar dhreach an amhránaí, ba gheall é le gluaiseacht mhear bheacht tríd an aer. Thug Gabriel bualadh bos mór agus lig na gáirthe molta in aoinfheacht leis na daoine eile ag deireadh an amhráin agus tháinig moladh glórmhar sa tseomra ón tábla proinne dofheicthe. Taibhsigh an moladh chomh fíor dílis gur tharraing dath ar éigin i lí Aunt Julia agus í ag cromadh a athshuí sa tseastán ceoil an seanleabhar amhrán go gclúdach leathair a raibh ceannlitir a hainm is a sloinne scríofa air. Freddy Malins, a thug cluas don amhrán le sleabhac éisteachta air, bhí sé [ 248 ]ag bualadh bos i gcónaí agus gach aon duine eile éirithe as, agus bhí ag labhairt go tógtha lena mháthair. Sméid sise a ceann go mall tromchúiseach leis mar ghéilleadh dhá dhíocas. I ndeireadh na scríbe, nuair nach raibh acmhainn bhualadh bos aige níos mó, sheas go grod agus thug ruathar faoi Aunt Julia trasna an tseomra gur rug a lámh ina dhá lámh, dá creathadh nuair nár tháinig na focail leis nó nár lig an sceach ina scornach na focail leis.

“Do dúras le mo mháthair anois beag,” ar sé, “nach rabhais chomh maith sin riamh liom ag gabháil fhoinn. Arú, ní raibh do ghlór chomh binn sin riamh is atá anocht. Anois! An gcreidfeá sin anois? Sin an fhírinne. Ar mo bhriathair is ar m’onóir sin an fhírinne. Ní raibh do ghlór chomh fuinniúil ná chomh... chomh glan agus fuinniúil, riamh.”

Leath an gáire ar Aunt Julia agus dúirt sí rud éigean ós íseal faoin mholadh agus í ag scaoileadh a láimhe óna lámha siúd. Shín Mr Browne bos ina treo ag rá leo siúd i ngiorracht dó, mar a dhéanfadh fear seó ag tabhairt óig éachtaigh aige os comhair an lucht féachana dhó:

“Miss Julia Morkam, an fhionnachtain is déanaí agam!”

Bhí sé ag gáire go croíúil faoi seo é féin nuair do thug Freddy Malins aghaidh air go ndúirt:

“Sea, Browne, más i ndáiríre ataoi d’fhéadfá fionnachtain níos measa a dhéanamh. Ó mo thaobhsa dhe níor chualas guth leath chomh maith sin uaithi riamh fad is atáim ag teacht anseo. Agus sin lom na fírinne.”

“Ná mise ach oiread,” ar Mr Browne. “Measaim gur fheabhsaigh a glór go mór.”

Chroith Aunt Julia gualainn agus dúirt le bród cúthail: [ 249 ]“Tríocha bliain ó shoin ní raibh caill ar mó glór i dtaca le glórtha dhe.”

“Is minic a dúras le Julia,” ar Aunt Kate go diongbháilte, “go raibh sí dá cur amú sa chóir sin. Ach ní éistfeadh sí liom riamh.”

“Más ea, nach in onóir Dé atá sé, Aunt Kate?” a cheistigh Mary Jane le meangadh gáire ag tiontú timpeall ar stól an phianó dhi.

Tug Aunt Kate aghaidh ar a neacht de thaghd a rá:

“Tá cleachtadh is taithí agam ar onóir Dé, Mary Jane, ach ní fheicim onóir ar bith ón Phápa i mbriseadh na mban as na cóir, mná a chaith a saol ag sclábhaíocht don chór, a chur dailtíní ina n-áit. Is dóigh liom gur ar mhaithe leis an eaglais é má dhéanann an Pápa é. Ach níl sé cóir, Mary Jane, agus níl sé ceart.”

Bhí sí oibrithe faoin am seo agus leanfadh ar sheasamh cheart a dheirféar mar ba chneá oscailte aici é ach iar bhfeiceáil do Mary Jane go raibh na damhsóirí go léir dulta chun boird, rinne idirghabháil síochánta:

“Anois, Aunt Kate, táir ag tógáil scannail orainn [ 250 ]os comhair Mr Browne a théas leis an chreideamh eile.

Thug Aunt Kate aghaidh ar Mr Browne, a raibh cár gáire air faoin tagairt dá chreideamh, a rá go deifreach:

“Ó, tá an ceart ag an Phápa i gcónaí agus nílim ag caitheamh amhrais ar sin. Níl ionamsa ach seanbhean óinsiúil agus ní leomhfainn a leithéid de rud a dhéanamh. Ach tá dea-bhéas daonna is gnáth-bhuíochas i gceist mar sin féin. Agus dá mba Julia mise déarfainn suas le béal an Athar Healey...

“Agus ar aon nós, Aunt Kate,” a dúirt Mary Jane, “tá an-ocras orainn uile agus nuair a bhíos ocras orainn uile bíonn an-chantal orainn uile.”

“Agus nuair a bhíos tart orainn bíonn cantal orainn freisin,” a chuir Mr Browne isteach.

“Mar sin ní mór dúinn dul chun proinne,” a dúirt Mary Jane, “agus leanúint den díospóireacht ina diaidh.”

Ar an léibheann cheann staighre tháinig Gabriel ar a mhnaoi agus ar Mary Jane agus iad ag tuineadh le Miss Ivors fanacht don tsuipéar. Ach ní fhanfadh Miss Ivors, a raibh a hata curtha ar a ceann aici agus a bhí ag dúnadh cnaipí a fallainge. Ní raibh ocras dá laghad uirthi agus d’fhan thar an am a bhí beartaithe aici cheana féin, a deir sí.

“Deich nóiméad féin, Molly, a dúirt Mrs Conroy, “Ní cuirfidh sin moill ort.”

“Do itheadh greama féin,” a dúirt Mary Jane, “d’aithle an oiread rince a rinnis.”

“I bhfírinne, ní thig liom,” ar Miss Ivors.

“Is eagal liom nár thaitin an oíche leat beag ná mór,” ar Mary Jane le díomá. [ 251 ]“Arú, bhainis, geallaim duit,” ar Miss Ivors, “ach caithfir mo ligean chun bealaigh anois.”

“Ach conas a bhainfir an baile amach?” a d’iarr Mrs Conroy

“Ó, níl sé ach dhá choiscéim suas an ché.”

Rinne Gabriel dóbartaíl ar feadh nóiméid go ndúirt:

“Má ligfir dom, Miss Ivors, tabharfad abhaile thú más amhlaidh go bhfuil ort imeacht.”

Dhealaigh Miss Ivors leo áfach.

“Ní ligfead,” ar sí go tréan. “As ucht Dé téighí isteach do bhur bproinn agus ná buairighí bhur gceann fúmsa. Táim breá ábalta déanamh as dom féin.”

“Go deimhin, is barrúil an cailín tusa, Molly,” a dúirt Mrs Conroy amach.

“Beannacht libh,” a ghlaoigh Miss Ivors [as Gaeilic] thar a gualainn le gáire agus í ag rith síos an staighre.

Lean Mary Jane í dá súile agus dreach uascánta uirthi, agus luigh Mrs Conroy amach ar an ráille a éisteacht le doras an halla. N’fheadair Gabriel arbh é féin ba chionsiocair lena himeacht gan choinne. Ach ní raibh cuma bhuartha uirthi: bhí sí ag gáire ag imeacht di. Stán sé go dall uaidh síos an staighre.

Seo Aunt Kate ag sodarnaíl isteach ón tseomra suipéir, ag fáscadh na lámh in éadóchas ach beag.

“Cá bhfuil Gabriel?” ar sí le práinn. “Cá bhfuil Gabriel faoin spéir? Tá gach uile dhuine ag fanacht istigh ansin ar tinneall, agus gan duine ar bith le gearradh na gé!”

“Anseo mé, Aunt Kate!” ar Gabriel [ 252 ]de gheit, “réidh le gearradh scata géanna, más gá.”

Bhí gé dhonn ramhar suite ar cheann amháin an tábla agus ar an cheann eile dhe, suite ar pháipéar rufach le gais peirsile, bhí liamhás mór ar baineadh an craiceann de agus ar croitheadh grabhróga aráin air. Bhí rufa néata páipéir um a spanla agus bhí spóla mairtfheola spíosraithe lena thaobh. Idir an dá cheann seo a bhí i gcomórtas lena chéile, bhí fomhiasa leagtha amach i ranganna: dhá shoitheach glóthaí, glóthach dearg agus glóthach buí: mias éadomhain lán de bloic blancmange agus de shubh dearg, mias mhór ghlas ar déanamh duilleoige le cluais ar déanamh gais, a raibh triopaill fíonchaor dearg agus almóinní scilte uirthi, mias tionlacain ar raibh dronuilleog thathagach d’fhigibh Smyrna air, mias custaird go screamh noitmige scríobhtha, scála beag seacláidí agus milseog faoi fhillteoga de dhath óir agus airgid agus cuach inar sheas cúpla gas ard soilire. I lár an tábla sheas, mar a bheadh dís ghardaí chosanta iontu do mhias torthaí a choinnigh pirimid oráistí agus úll Meiriceánach, sheas dhá theisteán téagartha seanfhaiseanta déanta as gloine shnoite. Bhí pórtfhíon i dteisteán amháin díobh agus seiris dhorcha sa teisteán eile. Suite ar an phianó cearnach dúnta bhí maróg ollmhór i soitheach mór buí agus ar fuireachas taobh thiar di bhí trí rang buidéal pórtair agus leanna agus deochanna glasa, a bhí eagraithe ar an phianó de réir dathanna a n-éide – dubh a bhí an dá rang chun tosaigh, le lipéidí donna agus dearga, bán a bhí an rang ar gcúl arbh é an rang ba lú, go saiseanna glasa thar guaille na mbuidéal.

Thóg Gabriel a shuíochán go misniúil ag cheann an [ 253 ]bhoird agus, iar n-amhairc ar fhaobhar na scine feola dhó, shá a fhorc go diongbháilte sa ghé. Bhí istigh ann féin anois óir ba ghearrthóir feola oilte é agus níorbh fhearr leis rud ar bith faoin spéir ach bheith ar cheann boird lán le bia.

“Miss Furlong, céard a chuirfead chugat?” d’iarr sé. “Sciathán nó stiall den bhrollach?”

“Miss Higgins, céard fútsa?”

“Ó, cuir chugam rud ar bith, Mr Conroy.”

Agus Gabriel is Miss Daly ag malartú mias gé agus mias liamháis agus mairtfheola spíosraithe, chuaigh Lily thart ó aoi go haoi le mias prátaí teo úra faoi naprún bán. Ba Mary Jane a smaoinigh ar sin. Do Mhol anraith úill le haghaidh na gé freisin ach dúirt Aunt Kate go raibh gé rósta shimplí gan anlann úll sách maith dhise riamh agus bhí súil aici nach n-ithfeadh níos measa ná sin riamh. D’fhreastal Mary Jane ar a scoláirí agus chinntigh go bhfuaireadar na stiallacha ab fhearr agus d’oscail Aunt Kate agus Aunt Julia agus rugadar ón phianó na buidéil pórtair agus leanna do na fir agus na buidéil ghlasa do na mná. Bhí neart tranglaim agus gáire agus calláin, gleo na n-iarrataí agus na bhfrith-iarrataí, cleatráil sceana is forc, corc agus stopallán gloine. A thúisce a fhreastal sé ar gach aon duine don chéad-bhabhta, thosaigh Gabriel ag gearradh arís dóibh siúd a theastaigh tuilleadh uathu, gan riaradh air féin. Chuir gach aon duine ina choinne sin agus dá bhrí sin tháinig seisean ar réiteach as slog fada a bhaint as leann dubh óir ba bhrothallach air é an gearradh. Do shocraigh Mary Jane síos [ 254 ]chun boird ach bhí Aunt Kate agus Aunt Julia ag spágáil thart faoin bhord i gcónaí agus iad sna sáile ar a chéile, ag dul sa bhealach ar a chéile agus ag tabhairt ordaithe dá chéile nár ghlac ceachtar díobh. Impigh Mr Browne orthu suí síos a ithe a suipéar agus rinne Gabriel amhlaidh ach dúradar go raibh neart ama le haghaidh sin sa dóigh gur, faoi dheireadh, sheas Freddy Malins suas, rug ar Aunt Kate agus chaith síos ina cathaoir í, rud a bhain gáire as an chomhluadar.

Nuair a fuair gach uile dhuine a sháith dúirt Gabriel, agus aoibh an gháire air:

“Anois má tá aon duine ag iarraidh tuillidh den rud a chuireas an daoscarshlua búiste air, labhraíodh sé nó sí anois.”

Thathantaíodar itheadh a shuipéir féin air d’aon ghuth agus tháinig Lily chuige le trí prátaí a chuir sí de leataobh dhó.

“Tá go maith,” a dúirt Gabriel go suáilceach, gur bhain slogóg eile, “déanaighí neamhshuim iomlán díom , a fheara is a mhná, go ceann cúpla nóiméad.”

Chrom ar a shuipéar agus níor ghlac páirt sa chomhrá agus Lily ag bailiú na mias.

Ba é an t-ábhar cainte an compántas ceoldráma a bhí sa Theatre Royal ag an am sin. Mhol Mr Bartell D’Arcy, an teanór, arbh fhear óg crón le croimbéal pointeáilte é, mhol an príomh-chontralt go haer ach ba bheagán comónta a stíl léirithe, dar le Miss Furlong. Dúirt Freddy Malins go raibh taoiseach negro ina amhránaí sa dara chuid den Gaiety pantomime a [ 255 ]raibh guth aige a bhí ar cheann de na guthnna teanóir is fearr dár chuala riamh.

“Ar chualais é?” a d’fhiafraigh sé de Mr Bartell D’Arcy trasna an tábla uaidh.

“Níor chualas,” a d’fhreagair Mr Bartell D’Arcy ar nós cuma liom.

“Mar,” a mhínigh Freddy Malins, “anois bheadh suim agam i do bharúil de. Sílim go bhfuil guth breá aige.”

“Is é Teddy an buachaill chun na sár-thréithe a fhionnadh, a dúirt Mr Browne go teanntásach leis an chomhluadar uile.

“Agus cén fáth nach mbeadh guth aigesean freisin?” a cheistigh Freddy Malins go drisíneach. “An é mar nach bhfuil ann ach bleaic?”

Níor thug duine ar bith freagra ar an cheist seo agus tharraing Mary Jane aird an chomhluadair ar ais ar an fhíor-cheoldráma. Do thug scoláire aici, thug ticéad do Mignon di. Ar ndóigh bhí an ceoldráma an-mhaith, dúirt sí, ach chuir Georgina Burns bhocht i gcuimhne dhi. Bhí sé d'acmhainn ag Mr Browne dul níos faide siar fós, ar na compántasaí Iodálacha a thagadh go hÁth Cliath – Tietjens, Ilma de Murzka, Campanini, an Trebelli mór, Giuglini, Ravelli, Aramburo. Sin an aimsir, ar sé, a raibh ní ann a gcurfá amhránaíocht air in Áth Cliath. D’inis freisin go mbíodh líon lán áiléir sa tsean-Royal oíche i ndiaidh oíche, gur chan teanór Iodálach Let me like a Soldier fall chúig bhabhta eile agus gur thosaigh le C géar gach uair, agus d’eachtraigh sé go scoradh stócaigh an áiléir, go scoraidís na capaill de chóiste [ 256 ]prima donna mór le rá éigin dá tarraingt tríd na sráideanna chuig a hóstán scaití as fiuchadh fonn. Cén fáth nár chuir na sean-cheoldrámaí móra ar bun riamh anois, a cheistigh sé – Dinorah, Lucrezia Borgia? Mar nach raibh teacht ar na guthanna a chanfadh iad: sin an fáth.

“Ó, ar ndóigh,” a dúirt Mr Bartell D’Arcy, “Déarfainn go bhfuil amhránaí le fáil inniu atá chomh maith leis na hamhránaithe a bhí ansin.”

“Cá bhfuilid?” a cheistigh Mr Browne go dúshlánach.

“I Londain, sa Pháras, in Milano,” ar Mr Bartell D’Arcy go cairdiúil. “Déarfainn go bhfuil Caruso, mar shampla, chomh maith le fear ar bith ar luaigh tú, mura bhfuil níos fearr ná gach aon díobh.”

“B’fhéidir go bhfuil,” ar Mr Browne. “Ach deirim leat nach dóigh liom é ná baol air.”

“Ó, thabharfainn rud ar bith le cloisteáil Curusa ag canadh,” a dúirt Mary Jane.

“Ó mo thaobhsa dhe,” a dúirt Aunt Kate, a bhí ag piocadh cnáimhe go nuige sin, “ní raibh ann ach teanór amháin. Is é sin, teanór amháin a thaitin liom. Ach is dóigh liom nár chuala duine ar bith dhíobh é.”

“Cérbh é, Miss Morkan?” a d’fhiafraigh Mr Bartell go múinte.

“Parkinson,” ar Aunt Kate, “ab ainm dó. Chualas é nuair a bhí ina shea agus measaim gur aigesean a bhí an guth teanóir is glaine ar cuireadh i scornach fir riamh.”

“Ait,” ar Mr Bartell D’Arcy. “Níor chualais trácht air riamh.”

“Sé, sé, tá an ceart ag Miss Morkan, ar Mister [ 257 ]Browne. Is cuimhin liom gur chualas é ach tá seisean i bhfad rófhada siar domsa.

Teanór álainn glan binn séimh Sacsanach,” dúirt Aunt Kate go fonnmhar.

Ó bhí Gabriel críochnaithe anois, aistríodh an maróg chuig an bhord. Thosaigh cleatráil na bhforc is na spúnóg as an nua. Dháil bean Gabriel an maróg amach agus chuir na miasa síos an tábla. Leathbhealach síos chuir Mary Jane moill orthu a chur ghlóthach sú craobh nó oráiste leo nó bánghlóthaí agus suibhe leo. Aunt Julia a rinne an mharóg agus mhol gach uile dhuine é. Dúirt sise nach raibh sí baileach sách donn.

“Más é, Miss Morkan,” a dúirt Mr Brown, “tá súil agam go bhfuilimse sách donn duit mar, bíodh a fhios agat, táimse donn amach is amach.”

D’Ith na fir ar fad, seachas Gabriel, cuid den mharóg in ómós Aunt Julia. De bhrí nár ith Gabriel milseoga riamh, cuireadh soilire faoina choinne. Thóg Freddy Malins gas soilire freisin agus d’ith in aoinfheacht lena mharóg. Dúradh leis go raibh soilire thar cionn don fhuil agus bhí sé faoi chúram dochtúra díreach ag an am seo. Dúirt Mrs Malins, a bhí ina tost tríd an suipéar ar fad, dúirt go mbeadh a mac ag dul síos go Cnoc Melleray[20] i gceann seachtaine nó mar sin. Labhair an comhluadar faoi Chnoc Mellerí ansin: mholadar úire an aeir thíos ansin agus fáilte na manach nár iarr pingin rua óna n-aíonna. [ 258 ]“An bhfuilthi ag maíomh, d’fhiafraigh Mr Browne le hiontas, “gur féidir le diúlach dul síos ansin agus cur faoi mar a bheadh óstán ann do theacht i dtír ar mhéith na talún agus imeacht leis ansin gan íoc rud ar bith as?”

“Ó tugann formhór na ndaoine tabhartas éigin airgid don mhainistir dá ndeoin féin ag imeacht dóibh,” a dúirt Mary Jane.

“Faraor nach bhfuil foras mar sin inár n-eaglais féin,” ar Mr Browne go hoscailteach.

Bhí an dubhiontas air nuair a chuala nár labhair na manaigh riamh, go n-éiríodar ag a dó a chlog ar maidin agus gur chuadar a luí ina gcónraí.[21] D’fhiafraigh cad chuige a rinneadar é.

“Sin riail an oird,” ar Aunt Kate go diongbháilte.

“Sea, ach cad chuige?” a d’fhiafraigh Mr Browne.

Dúirt Aint Kate arís gurb í sin an riail, sin an méad. Ba chosúil nár thuig Mr Browne. Mhínigh Freddy Malins dó chomh maith agus a tháinig leis, gurbh iarracht cúitimh é ar na peacaí uile a rinne peacaigh uile an domhain lasmuigh. Níor léir ar fad an míniú óir rinne Mr Browne draidgháire agus dúirt:

“Is aoibhinn liom an smaoineamh sin ach nach ndéanfadh leaba compordach sprionga dhóibh chomh maith céanna le cónra?

“Is é is cúis leis an chónra,” a dúirt Mary Jane, “meabhrú a n-éaga dhóibh.”

Ó bhí an t-ábhar cainte éirithe duairc thit an comhluadar faoi thost trínar chualathas Mrs Malins ag rá de chogar doiléir leis an duine ina haice:

“Fir an-mhaithe, na manaigh, fir an-chráifeacha.” [ 259 ]Leis sin cuireadh thart na fíonchaora tíortha, na halmóinní, na húlla, na horáistí, na seacláidí agus na milseoga agus thairg Aunt Julia pórtfhíon ná seiris dá haíonna. Dhiúltaigh Mr Bartell D’Arcy ceachtar díobh ar dtús ach thug duine ina aice sonc beag dá uillinn dó agus chogair rud éigin leis gur ghlac sé le deoch. Mhaolaigh an comhrá de réir a chéile agus na gloiní á líonadh. Lean tost nár briseadh ach le torann an fhíona agus le díoscadh cathaoireacha. Dhírigh na Misses Morkan, an triúir díobh go léir, dhíríodar a súile ar an scaraoid thíos fúthu. Rinne duine éigin casacht nó dhó gur thosaigh cúpla fear ag bualadh boise go héadrom ar an tábla mar chomhartha ciúnais. Thit an ciúnas, gur bhrú Gabriel siar a chathaoir.

D’ardaigh torann na mbos ar an tábla leis sin dá ghríosú agus ansin stop ar fad. Lig Gabriel a dheich méar creathacha anuas ar an scaraoid agus rinne fáthadh neirbhíseach gáire leis an chomhluadar. Agus gach uile dhuine os a chomhair ag breathnú air dhearc sé suas ar an chrann solais. Bhí válsa á sheinm ar an phianó agus chuala sciortaí ag scinneadh thar doras an tseomra caidrimh. B’fhéidir go raibh daoine ag seasamh sa tsneachta ar an ché lasmuigh, ag amharc suas ar na soilse sna fuinneoga agus ag éisteacht leis an cheol válsa. Bhí páirc i bhfad ar siúil uaidh ina raibh na crainn faoi ualach sneachta. Bhí caidhp lonrach sneachta ar Leacht Wellington a chaith [ 260 ]solas siar thar tailte geala na Chúig Acra Déag.

Thosaigh sé:

“A dhaoine uaisle,

“Tá dualgas an-taitneamhach orm anocht, mar a bhí sna blianta a chuaigh thart, ach tá faitíos orm nach leor mo chumas bocht mar óráidí dhó ar chor ar bith.”

“Is leor, cinnte!” a dúirt Mr Browne.

“Ach, bíodh sin mar atá, iarraim oraibh cur i suim fhonn an ghnímh seachas cur i suim an ghnímh féin, agus tabhairt cluaise dhom ar feadh chúpla nóiméad agus mé ag iarraidh churtha i bhfocail a bhfuil i mo chroí istigh ar an ócáid seo.

A dhaoine uaisle, ní seo an chéad-uair a chruinníomar le chéile faoi fhraitheacha an tí fhéil seo, timpeall an bhoird fhéil seo. Ní hí an chéad-uair a rabhamar inár n-ábhar fáilte, nó b’fhéidir go mba cirte dhom rá, a rabhamar inár n-íobartaigh fáilte, ag mnáibh uaisle áirithe.

Rinne sé comhartha ciorcail lena lámha gur thit dá thost ar feadh nóiméid. Rinne gach uile dhuine gáire faoi Aunt Kate agus Aunt Julia agus Mary Jane, nó meangadh gáire leo, gur dheargadar siúd go bun na gcluas le ríméad. Lean Gabriel air go dána:

“Is daingne mo bharúil le gach bliain a théas tharainn nach bhfuil nós ag ár dtír arb oiread onóir di agus ar cheart dúinn a chaomhnú leis an oiread sin díocais ná a flaithiúlacht. Is nós ar leith é i náisiúin ár linne de réir mo thaithí (agus tá cuid mhaith den domhan siúlta agam). Déarfadh roinnt daoine gur mó an locht orainn í ná [ 261 ]an díol bróid dúinn. Ach más locht féin sin, is uasal an locht í, agus tá súil agam go gcothóimid í mar thréith ionann go ceann i bhfad. De rud amháin, ar a laghad, táim cinnte. A fhad a bheidh na mná uaisle a luas faoi fhraitheacha an tí seo – agus is é mian mo chroí go mba amhlaidh é go bliain i ndiaidh bliana fós – mairfidh nós na flaithiúlachta croíúla Éireannaí ar thug ár sinsir dúinn agus a chaithfimidne tabhairt dár sliocht mar an gcéanna, go mairfidh an nós seo inár measc.”

Chuaigh monabhar molta croíúla tríd an chomhluadar. Rith sé le Gabriel nach raibh Iníon Mhic Imhair i láthair agus gur imigh go drochbhéasach: agus dúirt sé go teann as féin:

“A dhaoine uaisle,

Tá glúin nua ag fás aníos inár measc, glúin atá gríosaithe ag smaointe agus ag prionsabail nua. Glacaid na smaointí nua seo orthu féin le tromchúis agus le díocais, agus go fiú nuair a bhíos dul amú orthu, táid, creidim, dáiríre den chuid is mó. Ach tá ré shoinicúil orainn agus, má mhaitheann sibh an frása dhom, is ré í atá céasta ag an iomad smaointe: agus scaití bíonn faitíos orm go mbeidh an ghlúin nua, oilte nó thar a bheith oilte mar atáid, go mbeid ar easpa na dtréithe daonnachta, fáilte agus grinn cairdiúla a bhain leis an tseanaimsir. Ag éisteacht dom anocht le hainmneacha an uile amhránaithe ón tseansaol, feictear dom, caithfead a rá, gur lú an fhairsinge againn sa tsaol ina bhfuilimid anois. D’fhéadfaí, gan áibhéil, saol fairsing [ 262 ]a chur ar an tseansaol úd: agus más imithe é ó chuimhne na ndaoine, bímis i ndóchas, ar a laghad, go labhróimid faoi ag airneáin mar seo le bród agus le cion, go mbeidh áit inár gcroí istigh do na mairbh mhóra úd nach ligfidh an domhan a gcáil i ndearmad go fonnmhar.

“Abair é!” a dúirt an tUasal de Brún in ard a ghutha.

“Ach mar sin féin,” a lean Gabriel de ghuth níos séimhe, “ag airneáin mar seo buaileann smaointí maoithneacha sinn i gcónaí: cuimhní ar an am atá thart, ar an óige, ar na hathruithe a tháinig ar an tsaol, cuimhní ar dhaoine nach bhfuil linn anocht a n-airímid uainn iad. Tá ár saol breac le cuimhní maoithneacha mar iad: agus dá machnaímis orthu i gcónaí ní bheadh sé de mhisneach againn coinneáil orainn lenár ndualgais i measc na mbeo. Tá dualgais laethúla orainn agus tá cion againn ar dhaoine a mharas, daoine nach mór dúinn déanamh ár ndíchill ar a son, agus is ceart agus is cuí sin.

Dá bhrí sin, ní labhród níos mó faoin am atá thart. Ní bhrúfad seanmóireacht ghruama oraibh anocht. Táimid tagtha lena chéile anseo ar feadh seala gairid ó fhurú agus ó fhuadar ár ngnáthshaoil. Táimid cruinnithe le chéile anseo mar chairde, go cairdiúil muinteartha, mar chomhghleacaithe, agus ar bhealach, de bhrí agus d’aigne na fíor-chomrádaíochta, mar aíonna do – céard a chuirfead orthu? - Triúr Suáilcí ceoil Átha Cliath.”

Phléasc gach uile dhuine ar gháire agus ar bhualadh bos faoin tagairt. D’fhiafraigh Aunt Julia den [ 263 ]duine ar an dá thaobh dhi, duine ar dhuine, céard a dúirt Gabriel ach níor fhreagraíodar.

“Deir sé gur sinne an Triúr Suáilcí, a Aint Julia,” ar Mary Jane.

Níor thuig Aunt Julia ach thug aghaidh gháireach suas ar Gabriel a lean air sa stíl chéanna:

A dhaoine uaisle,

Ní thriallfad gabháil na páirte a ghabh Paris ar ócáid eile. Ní shílfead rogha a bhaint astu. Chothódh sin éad agus ba bheart thar mo chumais lochtaigh é. Mar nuair a dhearcaim orthu duine ar dhuine, pé dhíobh ár mbean tí féin, a bhfuil a croí maith, a croí ró-mhaith ina scéal béil acu siúd a bhfuil aithne uirthi, nó a deirfiúr, ar a bhfuil bua na hóige marthanaí uirthi de réir cosúlachta agus ab ábhar iontais dúinn go léir a hamhránaíocht anocht, nó, ar deireadh, agus cá mbeimis gan í, nuair a smaoiním ar ár mbanóstach is óige, atá tréitheach, suáilceach, díograiseach agus ar togha neachta í, caithfead admháil, a dhaoine uaisle, nach feadar cé dhíobh ba cheart dom bronnadh na duaise uirthi.”

Chaith Gabriel súil síos ar a hainteanna gur, iar bhfeiceáil dó aoibh mhór an gháire ar Aunt Julia agus súile fliucha Aunt Kate, dheifrigh chun clabhsúir. Ardaigh a ghloine pórtfhíona go taibhseach agus gach duine ag méirínteacht lena ghloine agus ag súil lena raibh le teacht, go ndúirt sé de ghuth ard:

“Ólaimis sláinte an triúir díobh. Go raibh sláinte, saibhreas agus saol fada acu, go raibh sonas [ 264 ]agus rath orthu, go maire cáil a ngairme a thuilleadar dóibh féin agus go maire a n-áit onórach inár gcroíthe go ceann i bhfad.”

Sheas na haíonna go léir suas, gloine ina láimh acu agus thugadar a n-aghaidh ar an triúr ban uasal ina suí, a chanadh d’aon ghuth, agus Mr Browne ina cheann feadhna orthu:

Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Rud nach bhfuil a shéanadh ann.

Bhain Aunt Kate feidhm fhlúirseach as a ciarsúr agus bhí cuma mhaoithneach go fiú ar Aunt Julia. Bhuail Freddy Malins am an amhráin lena fhorc maróige agus thug na hamhránaithe aghaidh ar a chéile mar a bheidís ag aontú lena chéile gur leagadar béim ar na focail:

murar bréag an séanadh féin, murar bréag an séanadh féin,

Ansin, iar dtabhairt a n-aghaidhe ar ais ar a n-óstaigh:

Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Rud nach bhfuil a shéanadh ann.

Leanadh den amhrán mholta lasmuigh de dhoras an tseomra bídh le roinnt de na haíonna eile agus rinneadh athrá air arís agus arís eile, agus Freddy Malins á stiúradh lena fhorc in airde aige.


___________________________________________

Tháinig aer nimhneach na maidine sa halla [ 265 ]ina rabhadar ina seasamh agus deir Aunt Kate:

“Dúnadh duine éigin an doras. Tolgfaidh Mrs Malins galar a báis ón fhuacht.”

“Tá Browne amuigh ansin, Aunt Kate,” ar Mary Jane.

“Tá Browne i gach uile áit,” ar Aunt Kate ós íseal.

Rinne Mary Jane gáire faoina glór íseal.

“I bhfírinne,” a dúirt sí go follasach, “tá sé an-gharúil.”

“D'fhreastail ar gach aon uain chaidrimh anseo i gcaitheamh na Nollag ar fad, chomh flúirseach leis an chóir gáis.”

Rinne sise gáire dea-mhéineach ansin agus chuir go gasta leis sin:

“Ach abair leis teacht isteach, Mary Jane, a dhúnadh an dorais. Nár lige Dia gur chuala sé mé.”

Ansin díreach osclaíodh an doras agus tagann Mr Browne isteach ón leac dorais lasmuigh agus shílfeá go bhfaigheadh taom croí lena racht gáire. Bhí cóta mór fada uaithne le cufaí agus le cába de fhionnadh astrakhan bréagach uime agus bhí boinéad ubhach fionnaidh á chaitheamh ar a cheann aige. Bhagair ar an ché faoi bhrat sneachta síos uaidh óna dtáinig fuaim pholltach feadaíola isteach chucu.

“Beidh gach uile chab in Áth Cliath tagtha anuas orainn ag Teddy,” a dúirt sé.

Tháinig Gabriel aniar ón chuile laistiar den oifig agus é ag tarraingt a chóta mhóir air agus ag breathnú thart air sa halla, go ndúirt:

“Níl Gretta tagtha anuas go fóill?” [ 266 ]“Tá sí á gléasadh féin, Gabriel,” ar Aint Kate.

“Cé atá ag seinm thuas ansin?” a d’fhiosraigh Gabriel.”

“Duine ar bith. Táid go léir imithe.”

“Ó Nílid, Aunt Kate,” a deir Mary Jane. “Níl Bartell D’Arcy agus Miss O’Callaghan imithe fós.”

“Tá duine éigin ag pleidhcíocht leis an phianó ar aon nós,” ar Gabriel.

Chaith Mary Jane súil ar Gabriel agus ar Mr Browne gur chuaigh crith tríthi agus dúirt:

“Amharc ar an bheirt díobh agus sibh faoin iomad cumhdach sin, a fheara, cuireann sé fuacht orm. Níor mhaith liom tabhairt faoin turas abhaile agaibhse ag an uair seo.”

“Níl rud ar bith ab fhearr liom anois díreach,” a deir Mr Browne go teaspúil, “ná siúlóid bhreá bhríomhar faoin tuath nó marcaíocht mhear le heach éasca idir na seaftaí.”

“Bhíodh capall an-mhaith agus cairt againn sa bhaile,” a deir Aunt Julia go maoithneach.

“Johnny. Ní dhéanfar dearmad go brách air,” a deir Mary Jane de gháire.

Rinne Aunt Kate agus Gabriel gáire freisin.

“Cén fáth, céard a bhí suntasach faoi Johnny?”, a d’fhiafraigh Mr Browne.

“Patrick Morkan, beannacht Dé lena anam, is é sin, ár n-athair mór,” a mhínigh Gabriel, “arbh fhear aithne air mar ‘an seanfhear uasal’, ba dhéantóir gliú é.”

“Á leag as, Gabriel,” ar Aunt Kate de gháire, “bhí muileann stailce aige,”

“Sea, gliú nó stailc,” a deir Gabriel, “bhí capall [ 267 ]darb ainm Johnny ag an tseanfhiur uasal. Agus d'oibríodh Johnny i muileann an tseanfhir uasail. Do shiúladh timpeall an mhuilinn arís agus arís eile á thiomáint. Bhí sin go maith agus ní raibh go holc; ach seo chugainn an taobh tragóideach de scéal Johnny. Lá n-aon tograíonn an seanfhear uasal tiomáint faoi phoimp agus faoi ghairéad go léirbhreithniú sa pháirc.”

“Go ndéana an Tiarna trócaire ar a ainm,” ar Aint Kate go hatruaghach.

“Áiméan,” a deir Gabriel. “Mar sin an seanfhear uasal, mar a dúras, chuir sé Johnny faoi chairt agus chuir air [féin] an hata ard ab fhearr aige agus an bóna ab fhearr aige gur thiomáin amach faoi mhaingléis mhór ó thigh mhór a mhuintire áit éigin gar don Lána Cúil, sílim.”

“Á anois, Gabriel, níor chónaigh sa Lána Cúil, i ndáiríre. Is é an muileann amháin a bhí ansin.”

“Amach as tigh mór a mhuintire,” a lean Gaibriél, “a thiomáin sé Johnny. Agus d’éirigh gach aon rud go seó gur leag Johnny súil ar dhealbh King Billy: agus pé dhíobh ar thit i ngrá leis an each a suíos King Billy air nó ar shíl go raibh ar ais arís sa mhuileann, ar aon nós tósaíonn ag siúl timpeall na deilbhe.”

Siúlann Gabriel thart i gciorcal lena fhorbhróga sa halla go mbaineann gáire as cách.

“Timpeall agus timpeall a théas,” ar Gabriel, “agus an seanfhear uasal, ba sheanfhear uasal an-phostúil é, bhí sé le ceangal. ‘Gabh ar aghaidh, sir! Céard tá faoi seo agat, sir? Johnny! [ 268 ]Johnny! Is dochreidte an t-iompar seo! Ní thuigim an capall!”

An rachtaíl gháire a bhain geáitsíocht Gabriel astu, cuireadh isteach uirthi le cnag trom ar dhoras an halla. Rith Mary Jane soir dá oscailt gur lig Freddy Malins isteach. Bhí a hata tite i bhfad siar ar cheann Freddy Malins, bhí cruit air le fuacht agus bhí sé ag séideogacht agus gal uaidh i ndiaidh a shaothair.

“Ní bhfuaireas ach aon chab amháin,” ar sé.

“Ó, aimseoimid ceann eile ar an tslí síos an ché dhúinn,” ar Gabriel.

“Ceart aige,” a dúirt Aunt Kate. “Ná choinneoimis Mrs Malins ina seasamh faoin tsiorradh fuar seo.”

Tugadh Mrs Malins síos na céimeanna ón doras sráide lena mac agus le Mr Browne, gur sádh in airde sa chab í tar éis neart ionramhála. Dhreap Freddy Malins ina diaidh agus chaith tamaill fada dá soipriú sa chathaoir agus Mr Browne á chomhairliú a chabhrú leis. Cuireadh faoi réir í faoi dheireadh agus thairg Freddy Malins do Mr Browne dul sa chab leo. Leag an tiománaí a shúsa thar a ghlúine agus chrom síos a cheistiú an tseolta dhíobh. Méadaíodh ar an easordú agus thug Freddy Mallins agus Mr Browne treoracha éagsúla óna chéile don tiománaí, a cheann sáite amach fuinneog an chairr ag an bheirt díobh. Ba í an fhadhb, cá scaoilfí le Mr Browne ar an tslí, agus rinne Aunt Julia agus Mary Jane neart gáire agus thugadar treoracha ó leac an dorais a chuidiú leis an aighneas, treoracha a chuaigh salach ar a chéile agus a chuir [ 269 ]in aghaidh a chéile. Maidir le Freddy Malins, d’imigh an chaint air ag gáire. Shac a cheann amach an fhuinneog agus tharraing isteach é gach ré nóiméad, a hata i mbaol a thite aige, a insint dá mháthair éirim na cainte, gur bhéic Mr Browne sa deireadh ar an tiománaí bocht os cionn ghleo an gháire ar fad:

“An bhfuil ‘fhios agat cá bhfuil Coláiste na Tríonóide?”

“Tá, sir,” ar an tiománaí.

“Mar sin, stop díreach os comhair gheataí Choláiste na Tríonóide,” agus inseoimid duit ansin cá rachair. Tuigir anois?

“Tuigim, sir,” ar an tiománaí.

“Tarraing caol díreach ar Choláiste na Tríonóide.”

“Tá go maith, a dhuine uasail,” ar an tiománaí.

Gabhadh den fhuip ar an an each dá chur ar siúl gur imigh an carr de chleatráil síos an ché agus gach aon gháire agus cheiliúradh dá chéile ón chomhluadar.

Níor chuaigh Gabriel chuig an doras leo. Bhí sé ina sheasamh in áit dhorcha den halla ag stánadh aníos an staighre. Bhí bean ina seasamh gar de bharr an chéad-reatha staighre. Faoi scáth a bhí sise freisin. Ní fheiceann sé a haghaidh ach feiceann na paistí terracotta agus bándearg-an-bhradáin dá gúna a gcuireas an dorchadas cuma dhubh agus bhán orthu. A bhean chéile. Bhí ag ligean a meáchain ar na ráillí, bhí ag éisteacht le rud éigin. Ba ionadh le Gabriel nach raibh cor aisti agus cuireann sé cluas le héisteacht air féin freisin. Ach is beag a chloiseas, cé is moite d’fhuaim an gháire agus na cainte ar chéimeanna an dorais sráide, corr-nóta pianó agus giotaí de ghuth fir atá ag gabháil fhoinn. [ 270 ]Sheas sé i ndorchadas an halla gan corraíl ag iarraidh aithint an fhoinn atá an glór ag canadh agus é ag dearcadh aníos ar a mhnaoi. Bhí sí grásta agus diamhracht faoina hiompar mar a bheadh sí ina samhailchomhartha ar rud éigin. Ceistíonn sé dhe féin céard is samhail de mhnaoi ina seasamh sa dorchadas ar staighre agus í ag éisteacht le ceol i gcéin. Dá mba péintéir é dhéanfadh canbhás di agus an ghoic sin uirthi. A hata gorm feilte, chuirfeadh barr maise ar dhath cré-umha a cuid gruaige agus dhéanfadh paistí dorcha a gúna codarsnacht leis na paistí geala. Ciancheol a chuirfeadh sé ar an chanbhás dá mba phéintéir é.

Dúnadh an doras sráide; agus tháinig Aunt Kate, Aunt Julia agus Mary Jane aníos sa halla agus iad ag gáire i gcónaí.

Well, nach é an diabhail an Freddy sin?” a deir Mary Jane. “Is é an diabhail féin é.”

Ní deir Gabriel focal ach bagraíonn ar a mhnaoi thuas staighre lena mhéar. Anois agus an doras sráide dúnta tá an glór agus an pianó níos soiléire. Iarrann Gabriel tost orthu lena láimh. Bhí an t-amhrán den tsean-tonúlacht Éireannach, shílfeá, agus shílfeá nár tháinig na focail go héasca leis an amhránaí agus nach raibh muinín aige as a ghlór féin. An glór, a chuir an t-achar fada agus an piachán ar an amhránaí cuma chaointeach air, léirigh an fonn ar éigin le focail bróin:

Ó, titeann an bhaisteach ar m’fholt trom
Agus fliuchann an drúcht mo chneas,
Fuair é mo leanbh...

[ 271 ]“Ó,” a deir Mary Jane le hiontas. “Bartell D’Arcy atá ag gabháil fhoinn agus ní thoillfeadh oiread agus amhrán amháin a ghabháil an oíche ar fad. Ó, bainfead amhrán uaidh sula n-imí sé.”

“Ó déan é, Mary Jane,” ar Aint Kate.

Scuabann Mary Jane tharstu ag rith chuig an staighre dhi, ach sular shroich é stopann an amhránaíocht agus dúntar an bpianó de phlab.

“Ó, nach é an feall é!” ar sí le díomá. “An bhfuil sé ag teacht aníos, Gretta?”

Cloiseann Gabriel a bhean ag freagairt “tá” agus feiceann í ag teacht aníos chucu. Cúpla céim taobh thiar di bhí Mr Bartell D’Arcy agus Miss O’Callaghan.

“Ó, Mr D’Arcy,” is crua uait stopadh mar sin agus muid faoi néal aoibhnis agat.”

“Bhíos ag a impí air i rith na hoíche go léir,” a dúirt Miss O’Callaghan “agus Mrs Conroy liom agus dúirt sé linn go raibh deargshlaghdán air agus nach raibh acmhainn aige gabháil fhoinn.

“Ó, Mr D’Arcy,” a dúirt Aint Kate, “anois sin scaits éithigh uait.”

“Nach bhfeicir go bhfuil glór préacháin agam le ciach?” a deir Mr D’Arcy go borb.

D’imigh sé de sciotán sa phantrach a chuir a chóta móir uime. Bhain a focal borb stad as an chomhluadar eile. Ní thagann focal comhrá le duine ar bith. Chruinnigh Aint Kate a malaí agus bhagair orthu caitheamh san aer é mar scéal. Sheas Mr D’Arcy ag filleadh scairfe uime go cáiréiseach agus grainc ina éadan.

“An aimsir is cúis leis,” a dúirt Aunt Julia, tar éis achar tosta. [ 272 ]“’Sí, tá slaghdán ar gach aon duine,” a dúirt Aunt Kate go héasca, “gach aon duine.”

“Deirid,” ar Mary Jane, “nár chaith sé an oiread seo sneachta le deich mbliana is fichid anuas: agus léas sna páipéir ar maidin go bhfuil an sneachta forleathan ar fud na hÉireann.”

“Is breá liom an sneachta,” a dúirt Aunt Julia go maoithneach.

“Agus mise leat,” a dúirt Miss O’Callaghan. “Measaim nach bhfuil sé ina Nollaig i gceart go bhfuil brat sneachta ar an talamh.”

“Ach ní maith le Mr D’Arcy bocht an sneachta,” a dúirt Aint Kate le fáthadh an gháire.

Tháinig Mr D’Arcy aniar ón chuile agus é cuachta agus fáiscthe faoi éadaí troma, gur inis fáth a shlaghdáin dóibh i nglór aithríoch. Thug gach uile dhuine comhairle dhó ag rá dhóibh gur mhór an trua é agus ag tathant air seachaint a scornaí ar aer fhuar na hoíche. Dearcann Gabriel ar a bhean chéile, nach nglacann páirt sa chomhrá. Bhí sí ag seasamh faoi léas dheannachúil solais an fhuinneog dorais. Las solas an gháis dath cré-umha a gruaige, a raibh sí ag triomú cois na tine cúpla lá roimhe seo. Bhí an ghoic chéanna uirthi agus ba chosúil go raibh sí beag beann ar an chomhrá ina haice. Casann sí agus tugann a haghaidh orthu sa deireadh go bhfeiceann Gabriel go raibh dath ina grua agus go raibh loinnir ina súile. Brúchtann aon tuile amháin áthais óna chroí.

“Mr D’Arcy,” a deir sí, “céard is teidil don fhonn sin a ghabhais?”

The Lass of Aughrim[22] is teidil dó,” [ 273 ]ar Mr D’Arcy, “ach ní raibh na focail agam go beacht. Cad ina thaobh? An aithnír é?”

“The Lass of Aughrim,” ar sí in athuair. “Dhearmadas an t-ainm.”

“Is deas an fonn é,” a dúirt Mary Jane. “Is trua liom nach raibh do ghlór agat anocht.”

“Anois, Mary Jane,” a dúirt Aunt Kate, “ná cuir olc Mr D’Arcy. Ní ligfead a bhuaireamh d’aon duine.”

Ag feiceáil di go raibh gach uile dhuine ar tí bainte amach, stiúir sí don dorus iad, agus d’fhágadar ceiliúradh dá chéile.

“Sea, oíche mhaith agat, Aunt Kate, agus go raibh maith agat as airneán taitneamhach.”

“Oíche mhaith, Gabriel. Oíche mhaith, Gretta!”

“Oíche mhaith, Aunt Kate, agus go raibh míle maith agat. Oíche mhaith, Aunt Julia.”

“Ó, oíche mhaith, Gretta, níor fhacas thú.”

“Oíche mhaith, Mr D’Arcy. Oíche mhaith, Miss O’Callaghan.”

“Oíche mhaith, Miss Morkan.”

“Oíche mhaith, arís.”

“Oíche mhaith agaibh uile. Slán abhaile.”

“Oíche mhaith. Oíche mhaith.”

Bhí an mhaidin fós ina hoíche. Bhí fáinne tláith solais buí os cionn na dtithe agus na habhann; shílfeá go raibh an spéir ag ísliú. Bhí greallach sneachta faoi chois; agus ní raibh ach stríoca agus paistí sneachta ar na díonta, ar uchtbhallaí na cé agus ar ráillí na bhfoirgneamh. Chaith na lampaí a solas dearg ar an aeir modartha i gcónaí, agus, trasna na habhann, thaibhsigh pálás Theach na Cúirte go bagrach ag bun na spéire troime. [ 274 ]Bhí sí ag siúl roimhe le Mr Bartell D’Arcy, a bróga i mbeart donn faoi leath-ascaill léi agus a sciorta fillte suas ina lámha ón tseachta coscartha. Ní raibh gotha na grástúlachta uirthi níos mó ach bhí loinnir an áthais fós i súile Gabriel. Sciurdann an fhuil ina tonnta tríd a chuisle: agus scinneann a chuid smaointe ar nós each alta tríd a intinn – smaointe bróid, áthais, ceana, gaiscíochta.

Le héadroime a coisíochta roimhe, le dírí a droma léi, shantaigh sé rith ionsuirthi os íseal a bheireadh ar a guaillí uirthi a rá ruda éigin baoith ceanúil ina cluais. A leochailí seo í leis go raibh fonn diabhalta air a cosaint ar rud éigin go mbeidh sí leis féin. Cuimhní cinn dá saol rúnda le chéile, pléascaid fud fad a intinne mar a dhéanfadh réaltaí. Bhí clúdach litreach ar dhath phlúr na gréine ar an bhord in aice lena chupán bricfeasta agus bhí sé á chuimilt lena láimh. Bhí ceiliúr éanlaithe ag teacht ón eidhneán agus spléach gréasán solais ar an urlár ó na cuirtíní scáil: níor lig an t-áthas a ghoile leis agus níor bhlais sé oiread agus greim bia. Bhíodar ina seasamh ar an ardán plódaithe. Cuireann sé ticéad i mbos teolaí a miotóige. Seasann sé taobh léi faoin aer fuar agus é ag dearcadh isteach trí fhuinneog faoi ghráta ar fhear a bhí ag déanamh buidéal i gcaor-thine. Bhí fuacht nimhneach san aer. Bhí a haghaidh, a raibh cumhra uaithi san aeir fhuar, bhí sách dlúth dá aghaidhse; agus glaonn sé de phreab ar an fhear ag an fhoirnéis.

“An bhfuil an tine té, sir?”

Níor chuala an fear mar gheall ar fhuaim [ 275 ]na foirnéise áfach. Maith mar a tharla. B’fhéidir go dtabharfadh sé freagra borb.

Brúchtann tonn eile lúcháire óna chroí, lúcháir níos muirní fós ná mar a bhí, a scairdeadh bog te trína artairí. Mar a dhéanfadh tine cheanúil réalta, blúirí dá saol le chéile, nach raibh a fhios ag duine ar bith eile fúthu agus nach mbeadh go deo, scalaid amach chun solais ina chuimhne. Ba mhéanar leis meabhrú na mblúirí seo dhi, le cur as a cuimhne dhi na blianta leamha dá saol mar chúpla pósta, go gcuimhneodh sí ar na blúirí aoibhnis amháin. Mar na blianta, dar leis, níor chloíodar a anamsa ná a hanamsa. A muirín, scríbhneoireacht eisean, cúraimí an tí aicise, níor mhúchadar siúd glan amach tine cheanúil a n-anama. Litir amháin dár scríobh sé chuici san aimsir sin, dúirt sé: “Cén fáth gur leamh fuar liom focail mar seo? An é mar nach bhfuil focal ar bith sách muirneach mar ainm duit?”

Mar a bheidís ina gceol i gcéin, na focail seo a scríobh sé blianta roimhe, mothaíonn sé iad ag teacht chuige ón tsaol a bhí. Ba fhada leis go mbeidís leo féin le chéile. Nuair a bheadh na daoine eile imithe, nuair a bheadh seisean agus sise istigh ina seomra san óstán, ansin bheadh le chéile leo féin. Gairfeadh sé uirthi go bog:

“Gretta!”

Seans nach gcloisfeadh sí é ar dtús: beadh sí ag baint di a cuid éadaigh. Ansin rud éigin ina ghlór, rachadh sé i gcion uirthi. Ansin chasfadh sí timpeall agus dearcfadh sí air...

Ag coirnéal Shráid an Fhíona thángadar ar charr. Bhí sé buíoch dá ghliogarnach mar choisc sé [ 276 ]é ar chomhrá. Bhí sí ag féachaint amach tríd an bhfuinneog agus bhí cuma na tuirse uirthi. Níor labhair na daoine eile ach corrfhocal: ag tarraingt airde ar fhoirgneamh nó shráid éigin dóibh. Threabh an t-each leis ar cosa in airde faoi spéir mhodartha na maidine agus a shean-bhocsa gliogarnach á tharraingt i ndiaidh a shál aige, agus thaibhsigh ócáid eile do Ghaibriél: bhí sé in aon chab léi arís agus an t-each ag dul ar cosa ina airde ag iarraidh theachta ag an bhád, ar cosa in airde dá Mí Meala.

Agus iad ag gabháil trasna Dhroichead Uí Chonaill, a deir Miss O’Callaghan:

“Deirtear nach dtrasnaítear Droichead Uí Chonaill riamh gan feiceáil capaill báin.”

“Feicim fear geal an uair seo,” a deir Gabriel.

“Cá háit?” a d’fhiafraigh Bartell D’Arcy.

Bhagair Gabriel méar ar an dealbh, ar lonnaigh geadáin sneachta uirthi. Ansin chlaon sé a cheann go teanntásach air agus d’ardaigh lámh leis.

“Oíche mhaith, Dan,” ar sé go meidhreach.

Iar dtarraingt chun stoptha don chab os comhair an óstáin, léim Gabriell amach agus d’íoc an tiománaí, in ainneoin áitiú Mr Bartell D’Arcy. Thug scilling os cionn an táille don fhiur. Bheannaigh an fear dó agus deir:

“Bliain Nua faoi mhaise dhuit, sir.”

“Go mba é dhuitse,” ar Gabriel go cairdiúil.

Baineann sí taca as láimh leis ag tuirlingt den charr di agus arís ag seasamh ag ciumhais an chosáin ag fágáil ‘oíche mhaith’ leis an chuideachta dhi. Ba éadrom a meáchan ar a láimh leis, chomh héadrom leis an uain a dhamhsaigh sí leis cúpla uair roimhe seo. Bhí bród agus áthas air ansin. Áthas air gur leis í, bród air dá grástúlacht agus dá hiompar mná pósta. Ach [ 277 ]anois, tar éis spreagadh an oiread seo cuimhní, tar éis an chéad-tadhaill lena corp, a bhí ceolmhar agus aduain agus cumhra, chuireadar cíocras colainne tríd . Faoi fhallaing a ciúnais, glacann sé chuige a lámh lena thaobh; agus, ag seasamh i ndoras an óstáin dóibh, chonaictheas dó gur éilíodar óna saol agus óna ndualgais, gur éalaíodar ón bhaile agaibh agus ó chairde agus gur theitheadar lena chéile go heachtra úrnua de chroíthe fiáine ghealgháireacha.

Bhí seanfhear ag suanaíocht i gcochall-chathaoir mór sa halla. Las sé coinneal san oifig agus chuaigh rompu suas an staighre. Leanadar é faoi thost agus cairpéad thiubh an staighre ag plúchadh torann na gcos. Téann sise suas staighre taobh thiar den doirseoir, a ceann fúithi, cromadh ina guaillí caola mar a bheadh sí faoi ualach, agus a gúna fáiscthe go teann uimpi. Ba í a chloch nirt gan caitheamh a lámh um na cromáin léi dá coinneáil, óir bhí creathadh ina lámha le teann dúile agus ba é brú a ingne ar a bhosa amháin a choinnigh guaim ar thaghd fiáin a choirp. D’fhos an doirseoir ar an staighre a shocrú lasair chorrach a choinnle. D’fhosadar siúd ar na céimeanna laistíos de. Sa chiúnas chuala Gaibriél sileadh na céarach meilte sa tráidire agus tuargain a chroí ina chliabh.

Stiúr an doirseoir iad síos dorchla agus d’oscail doras. Ansin leag a choinneal shilteach anuas ar bhord mhaisiúcháin agus d’iarr orthu cén t-am ar mhaith leo fáil glaoch maidine.

“Ag a hocht,” a deir Gabriel. [ 278 ]Bhagair an doirseoir ar lasc an tsolais leictrigh ag tabhairt faoi mhonabhar de leithscéal dó ach chuaigh Gabriel roimhe.

“Ní theastaíonn solas leictreach uainn. Is leor dúinn an solas isteach ón tsráid. Agus cogar,” a chuir sé mar agús ag bagairt ar an choinneal dó, “b’fhéidir go dtabharfá leat an gléas galánta sin, a dhuine chóir.”

Thóg an doirseoir a choinneal aníos ina ghlac arís, ach go siléigeach mar bhí ionadh air faoi smaoineamh nár ghnách leis mar é. Ansin cheiliúir díobh faoina fhiacla agus d’imigh leis. Cuireann Gabriel an bolta i nglas.

Thál solas síofrúil isteach ón tsolas sráide ina gha fada ó fhuinneoig go doras. Chaith Gabriél a chóta mór agus a hata ar tholg agus thrasnaigh an seomra chuig an bhfuinneog. Dhearc amach síos uaidh ar an tsráid le súil go dtagadh maolú éigin ar a chorraí. Ansin chas timpeall gur bhain a thaca as cófra tarraiceán agus a dhroim leis an tsolas. Do bhain sí dhi a hata agus a clóca agus bhí sí ina seasamh anois os comhair luasc-scátháin móir agus a básta á scaoileadh aici. Chaith Gabriél scaitheamh dhá dearcadh go ndeir:

“Gretta!”

Tiontaíonn sí go mall ón scáthán go siúlann chuige feadh an gha sholais. Le sollúntacht a dreacha, ní thagaid na focal thar a bhéal le Gabriél. Níorbh é seo an uain fós.

“Tá cuma na tuirse ort,” do deir sé.

“Go deimhin, tá beagán tuirse orm,” a fhreagraíonn sí.

“Níl airír tinn nó lag?”

“Ní airím, tuirse a airím, sin an méad.” [ 279 ]Téann sí don fhuinneog agus seasann roimpi ag dearcadh amach. D’fhan Gabriél ina thost arís agus ansin, le faitíos go bhfaigheadh éadánacht an ceann is fearr air, deir sé go tobann:

“Dála an scéal, Gretta!”

“Céard?”

“An bhfuil aithne agat ar an dhiúlach bocht sin, Malins?” ar sé go tobann.

“Tá. Céard faoi?”

“An créatúr, is amhlaidh gur duine cneasta é sa deireadh thiar thall,” a leanann Gabriél de ghuth nach leis é, shílfeá. “Thug sé ar ais dom an sabhran sin a thugas iasacht dó, agus ní raibh súil agam leis, i ndáiríre. Faraor nach bhfanann glan den Browne sin, óir níl aon dochar ann, i ndáiríre.”

Bhí sé ar crith le fearg anois. Cad chuige go raibh sí chomh haduain? Ní fios dó conas tosú. An raibh sise i bhfeirg, freisin, faoi cheo éigin? Ach a dtugadh sí aghaidh air nó a dtiocadh chuige dá deoin féin! Ba bhrúidiúil breith uirthi do bhualadh craicinn léi mar a bhí sí. Arú, chaithfeadh sé feiceáil léas éigin foinn ina súil. Ba bhreá leis bheith ina mháistir ar a giúmar ait.

“Cathain ar thugais iasacht puint dó?” a fhiafraíonn sí, tar éis nóiméid.

Staon Gabriél ar éigin ar spalpadh amach friotail fíochmhar faoin Malins meisciúil agus a phunt. Is é a theastaigh go géar uaidh, scairt uirthi óna anam, brú a coirp siúd i gcoinne a choirp-se, dul i gceannas uirthi. Ach is é a deir sé:

“Ó, faoi Nollaig, nuair a d’oscail sé an siopa beag cártaí Nollag ar Shráid Anraí.” [ 280 ]Níor chuala sé a teacht ón fhuinneoig chuige ag an spadhar feirge agus dúile air. Seasann sí roimhe ar feadh nóiméid, ag amhairc air go haisteach. Ansin, gan frapa gan taca seasann ar bharr na méar a ligean a lámh go héadrom ar a ghuaille agus pógann é.

“Is duine an-fhial thú, Gabriel,” ar sí.

Ar crith le haoibhneas dó faoina póg gan choinne agus faoi dheismireacht a focail, leagann Gabriél a lámha ar a gruaig dá slíocadh siar agus na méar ag baint léi ar éigean. Bhí a chroí lán le háthas. Go díreach agus é ag tnúth leis, do tháinig sí chuige dá deoin féin. B’fhéidir go raibh sí ar aon intinn amháin leis féin ar feadh an achair. B’fhéidir gur thug sí faoi deara an dúil dhíocasach ann agus gur bhuail fonn géillte í ansin. Anois ó ghéill sí chomh ceansa seo dhó, ní fheadair sé cén fáth an raibh sé chomh cotúil sin.

Sheas sé ansin agus a ceann idir a dhá lámh. Ansin, iar síneadh leathlámh go héasca faoina coim dó dá tarraingt chuige, deir de ghlór íseal:

“Gretta, a stór, céard atá i do cheann?”

Ní fhreagraíonn sí agus ní ghéilleann go hiomlán dá láimh. Deir sé arís, de ghlór íseal:

“Abair liom céard atá ort, Gretta. Tá barúil agam céard é. An bhfuil a fhios agam?”

Ní fhreagraíonn sí ar an toirt. Ansin deir sí de racht goil: [ 281 ]“Ó, táim ag smaoineamh faoin amhrán sin, The Lass of Aughrim.”

Briseann uaidh do rith chun na leapan agus caitheann a lámha thar ráillí na leapan a cheilt a haghaidhe. Bhí Gabriél ina staic iontais ar feadh nóiméid, gur lean í ansin. Ag dul thar an scáthán mór luascach dó faigheann spléachadh ar a scáil féin ó bhun go barr: ar a chorp leathan agus a bholg ag teannadh a léine, ar a dhreach nár thuig sé riamh nuair a d’fheiceadh sé í i scáthán, agus ar a spéaclaí drithleacha gona bhfonsaí óir. Seasann cúpla coiscéim uaithi go ndeir:

“Céard faoin amhrán? Cén fáth an mbaineann sin gol díot?”

Ardaíonn sí a ceann os cionn a lámh a thriomú a súl le droim a láimhe mar a dhéanfadh páiste. Labhraíonn seisean de ghlór níos caoimhe ná ba mhian leis:

“Cén fáth, Gretta?” a fhiafraíos sé.

“Táim ag smaoineamh ar dhuine san aimsir chian a ghabhadh an t-amhrán sin.”

“Agus cérbh é an duine seo san aimsir chian?” a fhiafraíos Gabriel agus meangadh gáire air.

“Ba dhuine é a mbíodh aithne agam air i nGaillimh nuair a bhíos in aontíos le mo mháthair mhór,” a deir sí.

D’imigh an gáire ó dhreich Gabriél. Tosaíonn fearg phlúchta ag aibiú i gcúl a chinn agus deargann meath-thinte na drúise ina fhéitheacha.

“Duine a bhís i ngrá leis?” a cheistigh sé go híorónta. [ 282 ]“Glas-stócach a mbíodh aithne agam air,” a fhreagraíos sí, “darb ainm Michael Furey. Dheireadh sé an t-amhrán sin, The Lass of Aughrim. Bhí sé an-leochaileach.”

Thost Gabriél. Níor mhaith leis go gceapadh sise go raibh suim aige sa bhuachaill leochaileach seo.

“Feicim go soiléir é,” a deir sí tar éis nóiméid. “Nach aigesean a bhí súile: súile móra dorcha! Agus a leithéid de mhothúchán iontu – de mhothúchán!”

“Ó, is amhlaidh go rabhais i ngrá leis?” a deir Gabriél.

“Do shiúlainn amach leis,” a deir sí, “nuair a bhíos i nGaillimh.”

Sciurdann smaoineamh trí cheann Gabriel.

“B’fhéidir gur sin is údair le do rún dul go Gaillimh leis an Ivors sin?” a deir sé go fuar.

Amharcann sí air le hiontas:

“Cad chuige?”

Bhí Gabriel i mbroid ag a súile. Croitheann sé a ghuaillí agus deir:

“Cá bhfios domsa? Chun thabhairt cuairte air, b’fhéidir.”

Iompaíonn sí na súile uaidh do dhearcadh gan focal suas an léas solais i dtreo na fuinneoige.

“Tá sé marbh,” ar sí ar deireadh. “Bhásaigh nuair a bhí in aois a sheacht mbliana déag. Nach é an feall é fáil do bháis ag aois chomh hóg le sin?”

“Cérbh é a shlí bheatha?” a fhiafraíos Gabriél, go híorónta i gcónaí.

“Bhí sé leis an mhonarcha gáis,” a deir sí.

D’airigh Gabriél náirithe ag a iarracht theipthe íoróine agus ag dúiseacht na taibhse seo as [ 283 ]ríocht na marbh: glas-stócach leis an mhonarcha gáis. A fhad is a bhí seisean lán de chuimhní cinn faoina saol seirce lena chéile, lán de ghrámhaireacht, d’áthas agus de dhúil inti, bhí sise dá chur i gcomórtas le duine eile ina ceann. Thaibhsíodh dhó gurbh abhlóir é féin, giolla beag na siobála ag a ainteanna, bogán faiteach, dea-mhéineach, maoithneach a thugadh óráid do thútaigh agus a bhain tátal idéalach as a dhrúis bhreallach féin, an diúlach baoth truamhéalach amaideach a bhfuair sé spléachadh air sa scáthán. Thug sé a dhroim leis an tsolas dá ainneoin féin ar fhaitíos go bhfeiceadh sí lasadh gorach na náire air.

Déanann sé a dhícheall coinneáil air le ceastóireacht fhuar, ach nuair a labhair sé bhí an umhlaíocht agus an réchúiseacht ina ghlór.

“Is dóigh go rabhais i ngrá leis an Michael Furey seo, Gretta,” a deir sé.

“Bhíos mór leis ag an am sin,” a deir sí.

Bhí a guth cloíte ciachmhar. Iar dtuiscint do Ghabriél go mbeadh sé fánach air a tabhairt siúd ar a raibh leagtha amach aigesean, muirníonn leathlámh léi go ndeir, go ciachmhar é féin freisin:

“Agus céard a thug a bhás dó ag a óige sin d’aois, Gretta? Eitinn, arbh é?”

“Sílim gur bhásaigh de gheall ormsa,” a fhreagraíos sí.

Tháinig scéin dhoiléir ar Ghabriél mar gheall ar an fhreagra seo faoi mar, an uair a bhí dóchas a bhuactha aige, faoi mar a chuirfeadh taise dhofheicthe agus fhaltanasach ina aghaidh agus í ag bailiú nirt ina aghaidh ina dhomhain dothuigthe. Ach chaith sé as a cheann í le dua agus choinnigh air ag muirniú [ 284 ]a láimhe. Ní cheistíonn arís í óir mheas go n-inseodh sí as a stuaim féin fúithi féin. Bhí a lámh siúd bogthe agus tais: ní fhreagraíonn sí dá láimhse ach leanann sé air dá muirniú díreach mar a mhuirnigh a céad-litir chuige an mhaidin earraigh úd.

“Tharla sé sa gheimhreadh,” a deir sí, “tuairim is tús an gheimhridh nuair a bhíos ar tí fhágáil theach mo mháthar móire a theacht soir anseo chuig an chlochar. Agus bhí sé tinn ag an am ina lóistín agus ní ligfí saor é agus scríobhadh chuig a mhuintir. Bhí sé ag meath, a dúradar, nó rud éigin mar sin. Ní raibh an scéal ar fad agam riamh.”

Stopann sí ar feadh nóiméad a ligean osna.

“An créatúr,” a deir sí. “Bhí an-chion aige orm agus ba é an láíocht féin é an buachaill sin. Do théimis amach le chéile, ag siúl, an dtuigir, Gabriel, mar a dhéantar faoin tuath. Murach a shláinte, bhí sé le dul ar staidéar na hamhránaíochta. Bhí glór ar dóigh aige, Michel Furey bocht.”

“Sea; agus ansin?” a cheistigh Gabriél.

“Agus nuair a tháinig an t-am chun mo imeachta as Gaillimh do theacht don chlochar bhí sé i bhfad níos measa agus ní ligfí dom a fheiceáil agus mar sin scríobhas litir chuige a rá go rabhas ag dul soir go hÁth Cliath agus go mbeinn ar ais sa tsamhradh agus go raibh súil agam go mbeadh sé níos fearr ansin.”

Stopann sí ar feadh scaithimh do smachtú a glóir, go leanann uirthi ansin:

“Ansin an oíche roimh m’imeachta bhíos i dtigh mo mháthar móire i nOileán Ealtanach, ag fáil [ 285 ]mo thrunc éadaigh faoi réir, agus chualas spallaí ag bualadh na fuinneoige. Óir nár léir dom mórán tríd an fhuinneog le méad na ndeor báistí uirthi, ritheas síos staighre gan mo ghléasadh agus éalaíos sa ghairdín ar chúl an tí agus seo mo dhuine bocht ag bun an ghairdín agus é ar crith le fuacht.”

“Agus nach ndúrais leis dul ar ais?” a d’fhiafraigh Gabriél.

“Impíos air dul abhaile tur te agus dúrais leis go bhfaigheadh a bhás ag an bháisteach.

Ach dúirt liom nár bheo a bheo. Feicim a shúile anois féin féin. Bhí sé ina sheasamh ag earr an bhalla, áit ina raibh crann.”

“Agus ar chuaigh abhaile?” a d’fhiafraigh Gabriel.

“Chuaigh, chuaigh abhaile. Agus ní rabhais ach seachtain sa chlochar gur bhásaigh agus cuireadh é in Uachtar Ard, áit a mhuintire. Ó, an lá a chualas sin, go raibh sé marbh!”

Briseann a gol uirthi agus caitheann sí a haghaidh sa leaba le teann tochta ag gol sa quilt. Choinnigh Gabriél a lámh ina láimh ar feadh nóiméid, le dóbartaíl, ansin, le faitíos cur isteach ar a cumha, lig uaidh í go mall réidh agus shiúil go ciúin don fhuinneog.

Bhí sí ag codladh go sámh.

A cheann ligthe le [ 286 ]leathuillinn leis, d’amharc Gabriél gan fhaltanas ar feadh cúpla nóiméad ar a gruaig stothallach agus ar a béal faon-oscailte agus d’éist lena hanálú domhain. Do bhí an rómáns sin ina saol aici más ea: a thug fear a bhás féin i ngeall léi. Níor chuir sé isteach air mórán anois smaoineamh ar bhige na páirte a bhí aige féin, a fear céile, ina saol. Bhreathnaigh sé uirthi agus í ina codladh faoi mar nár chaitheadar saol le chéile mar fhiur chéile agus mar mhnaoi chéile riamh. Lonnaigh a shúile achar fada ar a haghaidh agus ar a gruaig: agus, ag samhlú dhó mar a bheadh sí ag an am sin, in aimsir a céad áilleacht gearrchaile, tháinig trua ait, chairdiúil ina anam. Níor mhaith leis maíomh go fiú amháin dó féin nach raibh aghaidh sciamhach aici níos mó ach bhí a fhios aige nach í a haghaidh aici anois an aghaidh ar thug Michael Furey dúshlán a bháis ar a son.

B’fhéidir nár inis sí iomlán an scéil dó. Lonnaigh a shúile ar an chathaoir ar chaith sí roinnt dá cuid éadaigh uirthi. Bhí a peireacót ar sliobarna go hurlár. Sheas bútaise amháin agus a uachtar sleabhctha síos: bhí a leathchúpla ina luí lena thaobh. B’ábhar iontais dó anois an chíréib mothúchán air leathuair an chlog roimhe. Cad as a d’eascraíodar? As suipéir a ainteanna, as a aitheasc leibideach féin, as an fhíon agus an damhsa, as an phléaráca ag ceiliúradh dá ainteanna sa halla dhó, as sámhnas na siúlóide síos an abhainn faoin tsneachta. Aunt Julia bhocht! Sise freisin, go luath bheadh sí ina taise, ina scáth mar aon le scáth Patrick Morkan agus a each. Do chonaic sé an chuma chaite ina haghaidh agus í ag gabháil Arrayed for the Bridal. Go luath, b’fhéidir, bheadh sé ina shuí sa tseomra chaidrimh chéanna, éadaí dubha air, a hata síoda ar a ghlúine. Bheadh na dallóga tarraingthe síos agus bheadh Aunt Kate suite taobh leis agus í ag gol agus ag sraothartach ina naipcín póca agus ag insint dó cén dóigh a fuair sí a bás. Shiortódh seisean a cheann ar thóir chúpla focal [ 287 ]sóláis di, agus ní aimseodh ach ceanna gan brí gan dealramh. Sea go deimhin: tharlódh sin gan mhoill.

Mhothaigh sé fuacht aer an tseomra ina ghuaillí. Théaltaigh sé go mall cáiréiseach faoi bhraillíní na leapan go raibh sé sínte in aice lena bhean. Duine i ndiaidh duine bhíodar uile ag iompú ina scáthanna. Dul sa tsaol eile le gaisce agus le crógacht, faoi lán-ghlór corraíola éigin, ba níos fearr sin ná dul i léig agus i laige le haois. Smaoinigh sé faoin mhnaoi sin, taobh leis, a choinnigh ina rún ina croí istigh íomhá sin shúile shearc a croí agus é ag insint di nach mian leis fanacht ina bheatha.

Líon súile Gabriél le deora móra groí. Níor mhothaigh sé mar sin faoi mhnaoi ar bith é féin riamh ach thuig nár fholáir nó gur ghrá a leithéid sin de mhothúchán. Chruinnigh na deora go fras i súile Gabriéil agus sa bhreacdhorcadas facthas dó cruth an fhir óig ina sheasamh faoin chrann bháite. Bhí scáthanna eile i ngaire dhó. Bhí a anam druidte leis an áit sin ina gcónaíd sluaite na marbh. Shamhlaidh sé, ach níor thuig, a bhfoirmeacha luaineacha ghuagacha. Bhí a thuiscint ar cé hé féin ag sleamhnú uaidh don domhain dofheicthe dothuigthe: an domhain réal féin inar mhaireadar agus inar thógadar clann, bhí sé ag leá is ag laghdú uaidh.

Tharraing buailtí beaga ar an fhuinneog a aird. Do thosaigh sé ag cur sneachta arís. Dhearc sé go codlatach ar na calóga ar a gclaoin-titim, iad dorcha nó ar dhath an airgid faoi sholas an lampa sráide. Bhí sé i dtráth dhó dul ar a thuras siar. Sea, bhí an ceart ag na páipéir nuaíochta: [ 288 ]bhí sé ag cur sneachta ar fud fad na hÉireann. Bhí ag titim ar fud an lár-mhá dhorcha, ar na cnoic loma, bhí ag titim go bog ar Mhóin Alúine agus, níos faide siar, bhí ag bog-thitim i dtonnta dorcha fealltacha na Sionainne. Bhí ag titim, freisin, ar gach chearn den chill uaigneach ar an chnoic inar cuireadh Michael Furey. Bhí muca móra dhe síobtha ar na crois claonta agus ar na leaca cuimhneacáin, ar bhioranna an gheata bhig ar na dealga loma. Thit néal ar a anam le bogfhuaim thitim an tsneachta tríd an bhith, le titim bhog, mar thitim a ndeiridh is a n-éaga, ar an bheo is ar an mharbh trí chéile.

Gluais[edit]

  1. Miss Morkan: sloinne ársa Ceilteach nach fios go deimhin a chiall. Tá sé coitianta go leor sa Bhreatain Bheag. In Éirinn, is in oirthear agus i dtuaisceart na tíre is coitianta an sloinne. Morgan an litriú is coitianta air
  2. sheinneadh an t-orgán ar Bhóthar Haddington: Ag an aifreann in Eaglais Mhuire
  3. Oileadh san Acadamy í: Ceol[-]Acadamh Ríoga na hÉireann ar Rae an Iarthair
  4. Antient Concert Rooms: Téatar ceoil ar bhunaigh an Ceolacadamh é. Ina bhloc oifigí gnó anois. 42 Sráid an Phiarsaigh.
  5. trí shiolla a chuir sí ar a shloinne: Is anglú ar Chonaire é Conroy (con + aire). Is dócha gur fhuamaigh sise a shloinne mar ‘Conaroy’ nó a leithéid, mar iarsma den tsean-leagan air a bhí fós coitianta, is cosúil, i measc na hísealaicme.
  6. Na Melodies: Irish Melodies le Thomas Moore (1779-1852). Amhráin náisiúnacha sách maoithneacha a bhí go mór san fhaisean ag an am agus foinn cheoil a dhéanas athshamhlú ar sheanfhoinn thraidisiúnta Éireannacha.
  7. Christy Minstrels: Grúpa fuirseoirí grinn. Fir white a chuir smideadh dubh orthu féin agus a rinne aithris gháifeach ar blacks. B'fhéidir go meabhraid Goloshes an cakewalk do Gretta
  8. Gresham: óstán galánta mór le rá w:en:Gresham Hotel
  9. Quadrilles: is válsa í an chuadraill a bhí déanta de shraith rincí tuaithe ar cuireadh galamaisíocht orthu. Bhí idir cheithre agus sé rince tuaithe sa tsraith. Bhí sé san fhaisean ag cóisirí na n-uaisle ar feadh tréimhse caoga bliain nó mar sin roimh an chéad-chogadh domhanda.
  10. beirt phrionsa... sa Túr: Túr Londan. Meastar gur tachtadh mic Éadbhard IV ann timpeall 1483. Rinne go leor canbhás den bheirt seo sna blianta 1800. Níl dóthain fianaise ann a chruthódh conas a maraíodh iad agus cé ba chiontach lena mbás, ach is cinnte gur réitigh a mbás teacht i gcoróin a n-uncail, Richard III.
  11. tabinet: éadach déanta as meascán olla agus síoda. Cosúil le poiplín
  12. scáthán piara: scáthán mór ard. Ba mhinic a chrochtaí é sa spás idir dhá fhuinneog
  13. culaith man-o’-war: bríste fada agus hata mairnéalaigh leathanduilligh tuí (foinse: wikt:en:man-o'-war suit)
  14. Les Lanciers: rince na lansaí. Rince cearnógach. Leagan eile den chuadraill.
  15. Daily Express: nuachtán Sacsanach. Scríobh Joyce féin léirmheasanna leabhar don pháipéar idir na blianta 1902 agus 1904
  16. Kathleen Kearney: an í seo pearsa céanna sa scéal ‘An Mháthair’ i. iníon na máthar ann?
  17. Na Trí Suáilce: Miotas Gréagach (Χάριτες / Khárites sa tSeanGhréigis). An triúr bandéithe Niamhracht, Suáilceas agus Fleáchas ar deirfiúracha iad.
  18. Paris: Miotas Gréagach (Πάρις sa tSeanGhréigis). Prionsa as Traí. An triúr bandéithe Hera, Athena agus Aphrodite, cuirid togh na mná is dóighiúla dhíobh féin air. Deir seisean gur Aphrodite is spéiriúla dhíobh. Tá Cogadh na Traí mar thoradh indíreach ar rogha Paris (gealann Aphrodite an bean is sciamhaí ar domhan dó (Héilin na Sparta/ na Traí) má thoghann sé ise den triúr sa chomórtas scéimhe seo).
  19. Cóirithe don Bhainis: Arrayed for the Bridal. Amhrán Anglaise le George Linley bunaithe ar radharc den cheoldráma Iodálach I Puritani (Na Piúratánaigh) le Vincenzo Bellini ina gcanann an bhrídeach Elvira agus í ag triall na caille uirthi féin: “Son vergin vezzosa...” (is maighdean mhánla mé). Tá an ceoldráma seo, Na Piúratánaigh, suite sa choimhlint idir Mhaolchinn Cromwell agus Dhílseoirí an Rí Séarlas I
  20. Cnoc Melleray: Mount Melleray Abbey. Mainistir Chistéirseach sa Screathan, Port Láirge (gar do Cheapach Choinn). Bhonnaigh Manaigh Éireannacha, Breatnacha agus Francacha í nuair a ruaigeadh as a mainistir féin sa Fhrainc iad in aimsir Réabhlóid na Fraince. Is é an mhainistir seo a bhí sa Fhrainc, an Abbaye Notre-Dame de Melleray, Pays de la Loire (ba chuid den Bhriotáin an réigiún seo nuair a bunaíodh an mhainistir). Is é sin a thug a hainm don mhainistir nua in Éirinn.
  21. ...nár labhraíodar na manaigh riamh... chuadar a luí ina gcónraibh: tosaíonn a lá le hurnaí ag 04:30 agus fanann na manaigh ina dtost an oiread agus is féidir le linn a ndualgas laethúil. Ar ndóigh, ní chodlaid i gcónraí!
  22. The Lass of Aughrim: Bruinneall an Eachroma. Is é sin, Eachroim in oirthear na Gaillimhe, láthair an chatha mhóir. Eachroim = each + ‘roim (droim i. cnoc/mullach). Leagan Éireannach é an fonn seo ar The Lass of Loch Royal.
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.