Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/258

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

chun boird ach bhí Aunt Kate agus Aunt Julia ag spágáil thart faoin bhord i gcónaí agus iad sna sáile ar a chéile, ag dul sa bhealach ar a chéile agus ag tabhairt ordaithe dá chéile nár ghlac ceachtar díobh. Impigh Mr Browne orthu suí síos a ithe a suipéar agus rinne Gabriel amhlaidh ach dúradar go raibh neart ama le haghaidh sin sa dóigh gur, faoi dheireadh, sheas Freddy Malins suas, rug ar Aunt Kate agus chaith síos ina cathaoir í, rud a bhain gáire as an chomhluadar.

Nuair a fuair gach uile dhuine a sháith dúirt Gabriel, agus aoibh an gháire air:

“Anois má tá aon duine ag iarraidh tuillidh den rud a chuireas an daoscarshlua búiste air, labhraíodh sé nó sí anois.”

Thathantaíodar itheadh a shuipéir féin air d’aon ghuth agus tháinig Lily chuige le trí prátaí a chuir sí de leataobh dhó.

“Tá go maith,” a dúirt Gabriel go suáilceach, gur bhain slogóg eile, “déanaighí neamhshuim iomlán díom , a fheara is a mhná, go ceann cúpla nóiméad.”

Chrom ar a shuipéar agus níor ghlac páirt sa chomhrá agus Lily ag bailiú na mias.

Ba é an t-ábhar cainte an compántas ceoldráma a bhí sa Theatre Royal ag an am sin. Mhol Mr Bartell D’Arcy, an teanór, arbh fhear óg crón le croimbéal pointeáilte é, mhol an príomh-chontralt go haer ach ba bheagán comónta a stíl léirithe, dar le Miss Furlong. Dúirt Freddy Malins go raibh taoiseach negro ina amhránaí sa dara chuid den Gaiety pantomime a