Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/259

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

raibh guth aige a bhí ar cheann de na guthnna teanóir is fearr dár chuala riamh.

“Ar chualais é?” a d’fhiafraigh sé de Mr Bartell D’Arcy trasna an tábla uaidh.

“Níor chualas,” a d’fhreagair Mr Bartell D’Arcy ar nós cuma liom.

“Mar,” a mhínigh Freddy Malins, “anois bheadh suim agam i do bharúil de. Sílim go bhfuil guth breá aige.”

“Is é Teddy an buachaill chun na sár-thréithe a fhionnadh, a dúirt Mr Browne go teanntásach leis an chomhluadar uile.

“Agus cén fáth nach mbeadh guth aigesean freisin?” a cheistigh Freddy Malins go drisíneach. “An é mar nach bhfuil ann ach bleaic?”

Níor thug duine ar bith freagra ar an cheist seo agus tharraing Mary Jane aird an chomhluadair ar ais ar an fhíor-cheoldráma. Do thug scoláire aici, thug ticéad do Mignon di. Ar ndóigh bhí an ceoldráma an-mhaith, dúirt sí, ach chuir Georgina Burns bhocht i gcuimhne dhi. Bhí sé d'acmhainn ag Mr Browne dul níos faide siar fós, ar na compántasaí Iodálacha a thagadh go hÁth Cliath – Tietjens, Ilma de Murzka, Campanini, an Trebelli mór, Giuglini, Ravelli, Aramburo. Sin an aimsir, ar sé, a raibh ní ann a gcurfá amhránaíocht air in Áth Cliath. D’inis freisin go mbíodh líon lán áiléir sa tsean-Royal oíche i ndiaidh oíche, gur chan teanór Iodálach Let me like a Soldier fall chúig bhabhta eile agus gur thosaigh le C géar gach uair, agus d’eachtraigh sé go scoradh stócaigh an áiléir, go scoraidís na capaill de chóiste