Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/260

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

prima donna mór le rá éigin dá tarraingt tríd na sráideanna chuig a hóstán scaití as fiuchadh fonn. Cén fáth nár chuir na sean-cheoldrámaí móra ar bun riamh anois, a cheistigh sé – Dinorah, Lucrezia Borgia? Mar nach raibh teacht ar na guthanna a chanfadh iad: sin an fáth.

“Ó, ar ndóigh,” a dúirt Mr Bartell D’Arcy, “Déarfainn go bhfuil amhránaí le fáil inniu atá chomh maith leis na hamhránaithe a bhí ansin.”

“Cá bhfuilid?” a cheistigh Mr Browne go dúshlánach.

“I Londain, sa Pháras, in Milano,” ar Mr Bartell D’Arcy go cairdiúil. “Déarfainn go bhfuil Caruso, mar shampla, chomh maith le fear ar bith ar luaigh tú, mura bhfuil níos fearr ná gach aon díobh.”

“B’fhéidir go bhfuil,” ar Mr Browne. “Ach deirim leat nach dóigh liom é ná baol air.”

“Ó, thabharfainn rud ar bith le cloisteáil Curusa ag canadh,” a dúirt Mary Jane.

“Ó mo thaobhsa dhe,” a dúirt Aunt Kate, a bhí ag piocadh cnáimhe go nuige sin, “ní raibh ann ach teanór amháin. Is é sin, teanór amháin a thaitin liom. Ach is dóigh liom nár chuala duine ar bith dhíobh é.”

“Cérbh é, Miss Morkan?” a d’fhiafraigh Mr Bartell go múinte.

“Parkinson,” ar Aunt Kate, “ab ainm dó. Chualas é nuair a bhí ina shea agus measaim gur aigesean a bhí an guth teanóir is glaine ar cuireadh i scornach fir riamh.”

“Ait,” ar Mr Bartell D’Arcy. “Níor chualais trácht air riamh.”

“Sé, sé, tá an ceart ag Miss Morkan, ar Mister