Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/261

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Browne. Is cuimhin liom gur chualas é ach tá seisean i bhfad rófhada siar domsa.

Teanór álainn glan binn séimh Sacsanach,” dúirt Aunt Kate go fonnmhar.

Ó bhí Gabriel críochnaithe anois, aistríodh an maróg chuig an bhord. Thosaigh cleatráil na bhforc is na spúnóg as an nua. Dháil bean Gabriel an maróg amach agus chuir na miasa síos an tábla. Leathbhealach síos chuir Mary Jane moill orthu a chur ghlóthach sú craobh nó oráiste leo nó bánghlóthaí agus suibhe leo. Aunt Julia a rinne an mharóg agus mhol gach uile dhuine é. Dúirt sise nach raibh sí baileach sách donn.

“Más é, Miss Morkan,” a dúirt Mr Brown, “tá súil agam go bhfuilimse sách donn duit mar, bíodh a fhios agat, táimse donn amach is amach.”

D’Ith na fir ar fad, seachas Gabriel, cuid den mharóg in ómós Aunt Julia. De bhrí nár ith Gabriel milseoga riamh, cuireadh soilire faoina choinne. Thóg Freddy Malins gas soilire freisin agus d’ith in aoinfheacht lena mharóg. Dúradh leis go raibh soilire thar cionn don fhuil agus bhí sé faoi chúram dochtúra díreach ag an am seo. Dúirt Mrs Malins, a bhí ina tost tríd an suipéar ar fad, dúirt go mbeadh a mac ag dul síos go Cnoc Melleray[1] i gceann seachtaine nó mar sin. Labhair an comhluadar faoi Chnoc Mellerí ansin: mholadar úire an aeir thíos ansin agus fáilte na manach nár iarr pingin rua óna n-aíonna.

  1. Cnoc Melleray: Mount Melleray Abbey. Mainistir Chistéirseach sa Screathan, Port Láirge (gar do Cheapach Choinn). Bhonnaigh Manaigh Éireannacha, Breatnacha agus Francacha í nuair a ruaigeadh as a mainistir féin sa Fhrainc iad in aimsir Réabhlóid na Fraince. Is é an mhainistir seo a bhí sa Fhrainc, an Abbaye Notre-Dame de Melleray, Pays de la Loire (ba chuid den Bhriotáin an réigiún seo nuair a bunaíodh an mhainistir). Is é sin a thug a hainm don mhainistir nua in Éirinn.