Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/257

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhoird agus, iar n-amhairc ar fhaobhar na scine feola dhó, shá a fhorc go diongbháilte sa ghé. Bhí istigh ann féin anois óir ba ghearrthóir feola oilte é agus níorbh fhearr leis rud ar bith faoin spéir ach bheith ar cheann boird lán le bia.

“Miss Furlong, céard a chuirfead chugat?” d’iarr sé. “Sciathán nó stiall den bhrollach?”

“Miss Higgins, céard fútsa?”

“Ó, cuir chugam rud ar bith, Mr Conroy.”

Agus Gabriel is Miss Daly ag malartú mias gé agus mias liamháis agus mairtfheola spíosraithe, chuaigh Lily thart ó aoi go haoi le mias prátaí teo úra faoi naprún bán. Ba Mary Jane a smaoinigh ar sin. Do Mhol anraith úill le haghaidh na gé freisin ach dúirt Aunt Kate go raibh gé rósta shimplí gan anlann úll sách maith dhise riamh agus bhí súil aici nach n-ithfeadh níos measa ná sin riamh. D’fhreastal Mary Jane ar a scoláirí agus chinntigh go bhfuaireadar na stiallacha ab fhearr agus d’oscail Aunt Kate agus Aunt Julia agus rugadar ón phianó na buidéil pórtair agus leanna do na fir agus na buidéil ghlasa do na mná. Bhí neart tranglaim agus gáire agus calláin, gleo na n-iarrataí agus na bhfrith-iarrataí, cleatráil sceana is forc, corc agus stopallán gloine. A thúisce a fhreastal sé ar gach aon duine don chéad-bhabhta, thosaigh Gabriel ag gearradh arís dóibh siúd a theastaigh tuilleadh uathu, gan riaradh air féin. Chuir gach aon duine ina choinne sin agus dá bhrí sin tháinig seisean ar réiteach as slog fada a bhaint as leann dubh óir ba bhrothallach air é an gearradh. Do shocraigh Mary Jane síos