Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/287

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ríocht na marbh: glas-stócach leis an mhonarcha gáis. A fhad is a bhí seisean lán de chuimhní cinn faoina saol seirce lena chéile, lán de ghrámhaireacht, d’áthas agus de dhúil inti, bhí sise dá chur i gcomórtas le duine eile ina ceann. Thaibhsíodh dhó gurbh abhlóir é féin, giolla beag na siobála ag a ainteanna, bogán faiteach, dea-mhéineach, maoithneach a thugadh óráid do thútaigh agus a bhain tátal idéalach as a dhrúis bhreallach féin, an diúlach baoth truamhéalach amaideach a bhfuair sé spléachadh air sa scáthán. Thug sé a dhroim leis an tsolas dá ainneoin féin ar fhaitíos go bhfeiceadh sí lasadh gorach na náire air.

Déanann sé a dhícheall coinneáil air le ceastóireacht fhuar, ach nuair a labhair sé bhí an umhlaíocht agus an réchúiseacht ina ghlór.

“Is dóigh go rabhais i ngrá leis an Michael Furey seo, Gretta,” a deir sé.

“Bhíos mór leis ag an am sin,” a deir sí.

Bhí a guth cloíte ciachmhar. Iar dtuiscint do Ghabriél go mbeadh sé fánach air a tabhairt siúd ar a raibh leagtha amach aigesean, muirníonn leathlámh léi go ndeir, go ciachmhar é féin freisin:

“Agus céard a thug a bhás dó ag a óige sin d’aois, Gretta? Eitinn, arbh é?”

“Sílim gur bhásaigh de gheall ormsa,” a fhreagraíos sí.

Tháinig scéin dhoiléir ar Ghabriél mar gheall ar an fhreagra seo faoi mar, an uair a bhí dóchas a bhuactha aige, faoi mar a chuirfeadh taise dhofheicthe agus fhaltanasach ina aghaidh agus í ag bailiú nirt ina aghaidh ina dhomhain dothuigthe. Ach chaith sé as a cheann í le dua agus choinnigh air ag muirniú