Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/286

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Glas-stócach a mbíodh aithne agam air,” a fhreagraíos sí, “darb ainm Michael Furey. Dheireadh sé an t-amhrán sin, The Lass of Aughrim. Bhí sé an-leochaileach.”

Thost Gabriél. Níor mhaith leis go gceapadh sise go raibh suim aige sa bhuachaill leochaileach seo.

“Feicim go soiléir é,” a deir sí tar éis nóiméid. “Nach aigesean a bhí súile: súile móra dorcha! Agus a leithéid de mhothúchán iontu – de mhothúchán!”

“Ó, is amhlaidh go rabhais i ngrá leis?” a deir Gabriél.

“Do shiúlainn amach leis,” a deir sí, “nuair a bhíos i nGaillimh.”

Sciurdann smaoineamh trí cheann Gabriel.

“B’fhéidir gur sin is údair le do rún dul go Gaillimh leis an Ivors sin?” a deir sé go fuar.

Amharcann sí air le hiontas:

“Cad chuige?”

Bhí Gabriel i mbroid ag a súile. Croitheann sé a ghuaillí agus deir:

“Cá bhfios domsa? Chun thabhairt cuairte air, b’fhéidir.”

Iompaíonn sí na súile uaidh do dhearcadh gan focal suas an léas solais i dtreo na fuinneoige.

“Tá sé marbh,” ar sí ar deireadh. “Bhásaigh nuair a bhí in aois a sheacht mbliana déag. Nach é an feall é fáil do bháis ag aois chomh hóg le sin?”

“Cérbh é a shlí bheatha?” a fhiafraíos Gabriél, go híorónta i gcónaí.

“Bhí sé leis an mhonarcha gáis,” a deir sí.

D’airigh Gabriél náirithe ag a iarracht theipthe íoróine agus ag dúiseacht na taibhse seo as