Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/288

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a láimhe. Ní cheistíonn arís í óir mheas go n-inseodh sí as a stuaim féin fúithi féin. Bhí a lámh siúd bogthe agus tais: ní fhreagraíonn sí dá láimhse ach leanann sé air dá muirniú díreach mar a mhuirnigh a céad-litir chuige an mhaidin earraigh úd.

“Tharla sé sa gheimhreadh,” a deir sí, “tuairim is tús an gheimhridh nuair a bhíos ar tí fhágáil theach mo mháthar móire a theacht soir anseo chuig an chlochar. Agus bhí sé tinn ag an am ina lóistín agus ní ligfí saor é agus scríobhadh chuig a mhuintir. Bhí sé ag meath, a dúradar, nó rud éigin mar sin. Ní raibh an scéal ar fad agam riamh.”

Stopann sí ar feadh nóiméad a ligean osna.

“An créatúr,” a deir sí. “Bhí an-chion aige orm agus ba é an láíocht féin é an buachaill sin. Do théimis amach le chéile, ag siúl, an dtuigir, Gabriel, mar a dhéantar faoin tuath. Murach a shláinte, bhí sé le dul ar staidéar na hamhránaíochta. Bhí glór ar dóigh aige, Michel Furey bocht.”

“Sea; agus ansin?” a cheistigh Gabriél.

“Agus nuair a tháinig an t-am chun mo imeachta as Gaillimh do theacht don chlochar bhí sé i bhfad níos measa agus ní ligfí dom a fheiceáil agus mar sin scríobhas litir chuige a rá go rabhas ag dul soir go hÁth Cliath agus go mbeinn ar ais sa tsamhradh agus go raibh súil agam go mbeadh sé níos fearr ansin.”

Stopann sí ar feadh scaithimh do smachtú a glóir, go leanann uirthi ansin:

“Ansin an oíche roimh m’imeachta bhíos i dtigh mo mháthar móire i nOileán Ealtanach, ag fáil