Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/253

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Tríocha bliain ó shoin ní raibh caill ar mó glór i dtaca le glórtha dhe.”

“Is minic a dúras le Julia,” ar Aunt Kate go diongbháilte, “go raibh sí dá cur amú sa chóir sin. Ach ní éistfeadh sí liom riamh.”

“Más ea, nach in onóir Dé atá sé, Aunt Kate?” a cheistigh Mary Jane le meangadh gáire ag tiontú timpeall ar stól an phianó dhi.

Tug Aunt Kate aghaidh ar a neacht de thaghd a rá:

“Tá cleachtadh is taithí agam ar onóir Dé, Mary Jane, ach ní fheicim onóir ar bith ón Phápa i mbriseadh na mban as na cóir, mná a chaith a saol ag sclábhaíocht don chór, a chur dailtíní ina n-áit. Is dóigh liom gur ar mhaithe leis an eaglais é má dhéanann an Pápa é. Ach níl sé cóir, Mary Jane, agus níl sé ceart.”

Bhí sí oibrithe faoin am seo agus leanfadh ar sheasamh cheart a dheirféar mar ba chneá oscailte aici é ach iar bhfeiceáil do Mary Jane go raibh na damhsóirí go léir dulta chun boird, rinne idirghabháil síochánta:

“Anois, Aunt Kate, táir ag tógáil scannail orainn