Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/254

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

os comhair Mr Browne a théas leis an chreideamh eile.

Thug Aunt Kate aghaidh ar Mr Browne, a raibh cár gáire air faoin tagairt dá chreideamh, a rá go deifreach:

“Ó, tá an ceart ag an Phápa i gcónaí agus nílim ag caitheamh amhrais ar sin. Níl ionamsa ach seanbhean óinsiúil agus ní leomhfainn a leithéid de rud a dhéanamh. Ach tá dea-bhéas daonna is gnáth-bhuíochas i gceist mar sin féin. Agus dá mba Julia mise déarfainn suas le béal an Athar Healey...

“Agus ar aon nós, Aunt Kate,” a dúirt Mary Jane, “tá an-ocras orainn uile agus nuair a bhíos ocras orainn uile bíonn an-chantal orainn uile.”

“Agus nuair a bhíos tart orainn bíonn cantal orainn freisin,” a chuir Mr Browne isteach.

“Mar sin ní mór dúinn dul chun proinne,” a dúirt Mary Jane, “agus leanúint den díospóireacht ina diaidh.”

Ar an léibheann cheann staighre tháinig Gabriel ar a mhnaoi agus ar Mary Jane agus iad ag tuineadh le Miss Ivors fanacht don tsuipéar. Ach ní fhanfadh Miss Ivors, a raibh a hata curtha ar a ceann aici agus a bhí ag dúnadh cnaipí a fallainge. Ní raibh ocras dá laghad uirthi agus d’fhan thar an am a bhí beartaithe aici cheana féin, a deir sí.

“Deich nóiméad féin, Molly, a dúirt Mrs Conroy, “Ní cuirfidh sin moill ort.”

“Do itheadh greama féin,” a dúirt Mary Jane, “d’aithle an oiread rince a rinnis.”

“I bhfírinne, ní thig liom,” ar Miss Ivors.

“Is eagal liom nár thaitin an oíche leat beag ná mór,” ar Mary Jane le díomá.