Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/266

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a chur ar an tseansaol úd: agus más imithe é ó chuimhne na ndaoine, bímis i ndóchas, ar a laghad, go labhróimid faoi ag airneáin mar seo le bród agus le cion, go mbeidh áit inár gcroí istigh do na mairbh mhóra úd nach ligfidh an domhan a gcáil i ndearmad go fonnmhar.

“Abair é!” a dúirt an tUasal de Brún in ard a ghutha.

“Ach mar sin féin,” a lean Gabriel de ghuth níos séimhe, “ag airneáin mar seo buaileann smaointí maoithneacha sinn i gcónaí: cuimhní ar an am atá thart, ar an óige, ar na hathruithe a tháinig ar an tsaol, cuimhní ar dhaoine nach bhfuil linn anocht a n-airímid uainn iad. Tá ár saol breac le cuimhní maoithneacha mar iad: agus dá machnaímis orthu i gcónaí ní bheadh sé de mhisneach againn coinneáil orainn lenár ndualgais i measc na mbeo. Tá dualgais laethúla orainn agus tá cion againn ar dhaoine a mharas, daoine nach mór dúinn déanamh ár ndíchill ar a son, agus is ceart agus is cuí sin.

Dá bhrí sin, ní labhród níos mó faoin am atá thart. Ní bhrúfad seanmóireacht ghruama oraibh anocht. Táimid tagtha lena chéile anseo ar feadh seala gairid ó fhurú agus ó fhuadar ár ngnáthshaoil. Táimid cruinnithe le chéile anseo mar chairde, go cairdiúil muinteartha, mar chomhghleacaithe, agus ar bhealach, de bhrí agus d’aigne na fíor-chomrádaíochta, mar aíonna do – céard a chuirfead orthu? - Triúr Suáilcí ceoil Átha Cliath.”

Phléasc gach uile dhuine ar gháire agus ar bhualadh bos faoin tagairt. D’fhiafraigh Aunt Julia den