Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/265

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an díol bróid dúinn. Ach más locht féin sin, is uasal an locht í, agus tá súil agam go gcothóimid í mar thréith ionann go ceann i bhfad. De rud amháin, ar a laghad, táim cinnte. A fhad a bheidh na mná uaisle a luas faoi fhraitheacha an tí seo – agus is é mian mo chroí go mba amhlaidh é go bliain i ndiaidh bliana fós – mairfidh nós na flaithiúlachta croíúla Éireannaí ar thug ár sinsir dúinn agus a chaithfimidne tabhairt dár sliocht mar an gcéanna, go mairfidh an nós seo inár measc.”

Chuaigh monabhar molta croíúla tríd an chomhluadar. Rith sé le Gabriel nach raibh Iníon Mhic Imhair i láthair agus gur imigh go drochbhéasach: agus dúirt sé go teann as féin:

“A dhaoine uaisle,

Tá glúin nua ag fás aníos inár measc, glúin atá gríosaithe ag smaointe agus ag prionsabail nua. Glacaid na smaointí nua seo orthu féin le tromchúis agus le díocais, agus go fiú nuair a bhíos dul amú orthu, táid, creidim, dáiríre den chuid is mó. Ach tá ré shoinicúil orainn agus, má mhaitheann sibh an frása dhom, is ré í atá céasta ag an iomad smaointe: agus scaití bíonn faitíos orm go mbeidh an ghlúin nua, oilte nó thar a bheith oilte mar atáid, go mbeid ar easpa na dtréithe daonnachta, fáilte agus grinn cairdiúla a bhain leis an tseanaimsir. Ag éisteacht dom anocht le hainmneacha an uile amhránaithe ón tseansaol, feictear dom, caithfead a rá, gur lú an fhairsinge againn sa tsaol ina bhfuilimid anois. D’fhéadfaí, gan áibhéil, saol fairsing