Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/241

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ón bhord sleasa agus thrasnaigh an seomra chuige go stámhailleach a eachtrú de ghlór íseal an scéil a bhí tar éis a eachtraithe do Gabriel.

“Níl sé chomh dona sin, an bhfuil?” a dúirt Aunt Kate le Gabriel.

Bhí cuma ghruama ar Gabriel ach chuir an phúic de go tapaigh a fhreagairt:

“Ó, is ar éigin féin do dtabharfá faoi deara é.”

“Nach é an scabhaitéir é!” ar sí. “Agus bhain a mháthair bhocht gealltanas de Oíche Chinn Bliana go séanfadh an ól. Ach teara uait, Gabriel, don tseomra suite.

Sular fhág an seomra le Gabriel, thug sí rabhadh do Mr Browne le crapadh a malaí agus bagairt dá méar. Sméid Mr Brown a cheann uirthi mar fhreagra, go ndúirt le Freddy Malins iar n-imeacht di:

“Anois, Teddy, líonfad gloine mhaith líomanáide dhuit do t’athbheochan amháin féin.”

Freddy Malins, a bhí buailte le buaic a scéil, rinne neamhshuim mhífhoighneach den tairgeadh le bagairt dá láimh ach, nuair a bhí aird Freddy Malins tarraingthe aige ar eireaball a léine ar liobarna, líon Mr Browne gloine go béal le líomanáid agus shín chuige í. Rug Freddy Malins ar an ghloine ina láimh chlé gan smaoineamh faoi agus a lámh dheas ag dingeadh a léine faoina bhríste mar a bheadh inneall ann. Líon Mr Browne, a bhí strainc an gháire air arís, líon a ghloine féin le fuisce agus Freddy Malins ag pléascadh ar racht réamach gáire sula raibh a scéal grinn críochnaithe i gceart aige. Leag Freddy Malins