Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/240

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Ó tosaíodh an céad-damhsa faoi dhó ar an phianó, thug Mary Jane a earcaigh óga léi go gasta ón tseomra. Is ar éigin féin a bhíodar imithe nuair a tháinig Aunt Julia go mall-chosach sa tseomra de fán agus í ag amharc uaithi ina diaidh.

“Céard atá ort, Julia?” a cheistigh Aunt Kate go himníoch. “Cé atá ann?”

Thug Julia, a bhí beart naipcíní tábla ina baclainn aici, thug aghaidh ar a dheirfiúr agus dúirt go simplí, mar a thagadh an cheist aniar aduaidh uirthi:

“Níl ann, Kate, ach Freddy, agus Gabriel ina theannta.”

Is amhlaidh go raibh Gabriel le feiceáil ag giollacht Freddy Malins trasna an léibhinn ceannstaighre. Fear óg tuairim is dhá fhichid bliain ab é siúd, ar chomhard agus ar chomh-thoirt le Gabriel, agus an-chromtha sna slinneáin. Ní raibh lí na fola ina aghaidh fheolmhar ar chor ar bith, cé is moite de bunanna liobarnacha a chluas agus den dá thaobh dá shróin leathan. Ba mhosach an aghaidh aige le béal breallach inti agus le héadan dronnach a chlaon siar uaithi. A shúile troma agus aimhréidh a gruaige scáinte, chuireadar cuma an chodlata air. Bhí sé ag scairteadh is ag búireadh gáire faoi scéal grinn a d’eachtraigh do Gabriel ar an tslí aníos agus chuimil a shúil chlé le hailt a dhoirn chlé fad an bhealaigh.

“Oíche mhaith isteach agat, Freddy,” a dúirt Aunt Julia.

Bheannaigh Freddy Malins do na Misses Morkan ar nós cuma liom, shílfeá, mar gheall ar sceach ina scornach, rud ab iondúil leis, gur chonaic Mr Browne ag draidgháire leis