Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/239

From Wikisource
This page has been proofread.

Do chrom a cheann gortha isteach chun tosaigh pas beag go ró-theanntásach agus ghlac blas Átha Cliath an-íseal ar a ghlór, sa dóigh gur thost na mná óga d’aon dúchas amháin agus nár thugadar freagra ar bith ar a scéal. Miss Furlong, ar bhean de scoláirí Mary Jane í, d’fhiafraigh de Miss Daly ainm an válsa deas a sheinn sí; agus Mr Browne, iar bhfeiceáil go raibh cluas bodhar á tabhairt dó, thug aghaidh cainte ar an bheirt stócach gan mhoill, a bhí níos fabhraí leis.

Tháinig bean óg dhearg-ghnúiseach i ngúna bláthbhreac sa tseomra ag bualadh a bos go meidhreach agus ag scairt:

Quadrilles! Quadrilles![1]

Bhí Aunt Kate sna sála uirthi. Ghlaoigh:

“Beirt fhear agus triúir ban, Mary Jane!”

“Ó, seo chugainn Mr Bergin agus Mr Kerrigan,” a dúirt Mary Jane. “Mr Kerrigan, an dtógfá Miss Power? Miss Furlong, an dtig liom céile damhsa a fháil duit – Mr Bergin. Ó, déanfaidh sin cúis anois.”

“Triúir ban, Mary Jane,” a dúirt Aunt Kate.

D’iarr an bheirt stócach damhsa ar na mná, agus thug Mary Jane a haghaidh ar Miss Daly.

“Ó, Miss Daly, ba an-deas ar fad uait, an dá damhsa deireanacha a sheinnis, ach gan bréag ná magadh, is é an chaoi a bhfuil sé, táimid thar a bheith gann ar mhná anocht.”

“Ní miste liom ar chor ar bith, Miss Morkan.”

“Ach tá céile maith agam duit – Mr Bartell D’Arcy, an teanóir. Cuirfead é ag canadh ar ball. Tá an-éileamh air in Áth Cliath.

“Guth álainn, guth álainn!” ar Aunt Kate.

  1. Quadrilles: is válsa í an chuadraill a bhí déanta de shraith rincí tuaithe ar cuireadh galamaisíocht orthu. Bhí idir cheithre agus sé rince tuaithe sa tsraith. Bhí sé san fhaisean ag cóisirí na n-uaisle ar feadh tréimhse caoga bliain nó mar sin roimh an chéad-chogadh domhanda.