Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/238

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus an feighlí ag réiteach is ag slíocadh scaraoide móire air. Leagtha amach ar bhord sleasa bhí soithí is miasa, agus gloiní agus cuail sceana, forc is spúnóg. Baineadh feidhm as barr dúnta an phianó mar bhord billíní beadaí. Ag bord níos bige ná é i gcúinne den tseomra sheas beirt fhear óg agus iad ag ól leann lusanna.

Thug Mr Brown a scata ban anonn gur thairg, le teann diabhlaíochta, puins ban dóibh, a bhí te, láidir is milis. Ó dúradar nár óladar deoch mheisciúil riamh d’oscail seisean trí bhuidéal líomanáide dhóibh. Ansin d’iarr ar dhuine de na stócaí seasamh de leataobh, gur rug ar an teisteán agus líon a ghloine go fial le huisce beatha. Bhreathnaigh na fir óga go hurramach air agus é ag blaisínteacht air.

“Go bhfóire Dia orm,” ar sé agus meangadh gáire aire, “is é comhairle an dochtúra é.”

Leath an meangadh amach ar a aghaidh rocach, agus rinne an triúr ainnireach gáire araon lena fhocal grinn agus luascadar a gcorp anonn is anall agus gach aon chor dá nguaillí le sceitimíní. Dúirt an ainnir ba dhána dhíobh:

“Ó, anois, Mr Browne, ní foláir nár thug an dochtúir comhairle dá shórt.”

Bhain Mr Brown suimín eile as a fhuisce go ndúirt go plámásach:

Well, an bhfuil ‘fhios agat, is ionann mé agus an Mrs Cassidy iomráiteach a gcuirtear ina leith go ndúirt: ‘Anois, Mary Grimes, mura dtóga mé é, brúigh orm é, mar teastaíonn sé uaim.’”