Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/230

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

scoláirí Mary Jane é faoi thionchar an óil; agus nuair a bhí sé ar an chaoi sin ba dheacair aon cheart a bhaint de scaití. Thagadh Freddy Malins go han-déanach i gcónaí ach n’fheadradar céard a chuir moill ar Gabriel: agus sin a chuir iad ag sodar chuig na balastair gach ré nóiméad a chur tuairisce Gabriel agus Freddy ar Lily.

“Ó, Mr Conroy,” a deir Lily nuair a d’oscail an doras dó, “B’fhada le Miss Kate agus Miss Julia do theacht.”

“Bíodh geall gur fhada,” ar Gabriel, “ach tá dearmad déanta acu go gcaitheann mo bhean trí uaire fada an chlog á gléasadh.”

Sheas ar an mhata, ag scríobadh an tsneachta dá fhorbhróga, agus Lily ag tionlacan a mhná go bun an staighre a ghlaoch:

“Miss Kate, seo chugat Mrs Conroy.”

Tháinig Kate agus Julia go tuisleach sodarnach aníos an staighre ar an toirt. Phógadar bean Gabriel araon, dúradar léi nárbh fholáir nó bhí sí préachta leis an fhuacht agus d’fhiafraíodar di an raibh Gabriel ina teannta.

“Seo mé agus níl caill orm, a Aint Kate! Suas leat.

Choinnigh ag scríobadh a chos go bríomhar agus an triúr ban ag dul suas staighre go seomra feistis na mban agus ag gáire. Chlóigh clúdach tearc sneachta le muin a chóta móir agus le barra a fhorbhróg mar a bheadh brádóg is bairbíní air; ar sleamhnú do na cnapaí go díoscánach trí bhréid an chóta a bhí stromptha ag an tsneachta,