Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/231

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

scaoileadh aer fuar cumhra na hoíche ó loig is ó liopaí.

“An bhfuil sé ag cur sneachta arís, Mr Conroy?” a d’fhiafraigh Lily.

Bhí sí dulta roimhe sa chuile a chuidiú le baint a chóta dhe. Rinne Gabriel gean gáire faoin trí shiolla a chuir sí ar a shloinne[1] agus thug sracfhéachaint uirthi. Ba chailín tanaí í a bhí fós ag fás aníos. Bhí lí bhán inti agus gruaig ar dhath an fhéir tirim uirthi. Mhéadaigh an solas gáis ar a báine. Bhí aithne ag Gabriel uirthi nuair a bhí sí ina páiste agus shuíodh sí ar an chéim is ísle ag muirniú bhábóg éadaigh.

“Tá, Lily,” a d’fhreagair sé, “agus measaim go bhfuil oíche dhe romhainn.”

D’amhairc suas ar shíleáil na cuile, a bhí ag creathadh le satailt is le scuabáil cos ar an urlár lastuas de, d’éist ar feadh scaithimh leis an phianó gur chaith súil ar an chailín ansin, a bhí ag filleadh a chóta móir go cúramach a chur ar cheann seilfe.

“Inis dom, Lily,” ar sé i nguth cuideachtúil, “an dtéir ar scoil i gcónaí?”

“Ó, ní dhéanaim,” a d’fhreagair sí. “Táim réidh le scolaíocht le breis is bliain anuas.”

“Ó, más é,” ar Gabriel go haerach, “is dóigh go mbeimid ag dul chuig do bhainis pósta le do stócach lá breá éigin amach anseo, há?

Chaith an cailín súil siar thar a gualainn air agus dúirt le domlas:

“Na fir atá anois ann níl fúthu ach plámás leat agus teacht i dtír ort.”

Dhearg Gabriel faoi mar a fheictí dhó go ndearna botún agus, gan amhairc uirthi, bhain dhe

  1. trí shiolla a chuir sí ar a shloinne: Is anglú ar Chonaire é Conroy (con + aire). Is dócha gur fhuamaigh sise a shloinne mar ‘Conaroy’ nó a leithéid, mar iarsma den tsean-leagan air a bhí fós coitianta, is cosúil, i measc na hísealaicme.