Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/232

From Wikisource
This page has been proofread.

a fhorbhróga agus, lena mhuifléad, scuab is lasc ar a bhróga snasleathair.

Fear óg téagartha sách ard ab é. Leath luisne dhearg nádúrtha óna leicne aníos go ndearna baill bhándearga neamhchruinne anseo is ansiúd go fiú ar a éadan; agus bhí spéaclaí á gcaitheamh aige ar a aghaidh lom. Dhrithligh na gloiní lonracha agus na himill ghealla órnite go corraitheach agus thugadar dídean dá shúile beo mothálacha. Bhí a ghruaig dhubh shlíoctha scoilte ina dhá leath ar lár agus scuabtha i gcuar fada go cúl a chluas, áit ar fhág a hata eang inti.

Iar smeachadh loinnreach ina bhróga sheas sé suas gur tharraing a veist anuas agus chloí í níos dlúithe fós lena chorp beathaithe. Ansin bhain bonn óna phóca go sciobtha.

“Ó Lily,” ar sé, ag brú é ina lámha uirthi, “tá an Nollaig orainn, nach bhfuil? ‘Sea... seo dúthracht bheag...”

Shiúl de sciotán i dtreo an dorais.

“Arú, sir!” a ghlaoigh an cailín agus í sna sála air. “Go deimhin féin, a dhuine uasail, ní ghlacfainn léi.”

“Aimsir na Nollag! Aimsir na Nollag!” a ghlaoigh Gabriel agus é nach mór ag sodar suas an staighre agus ag croitheadh a láimhe go diúltach uirthi.

Ag feiceáil don chailín gur shroich seisean an staighre, ghlaoigh air:

Well, go raibh maith agat, sir.”

D'fhan sé le críochnú an waltz lasmuigh den pharlúis agus d'éist le scuabadh na sciortaí leis an doras dúnta agus le scuabadh cos ar an urlár. Bhí sé fós trí chéile ag freagra gonta