Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/229

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a dhul chun cónaithe leo sa teach duairc caol in Oileán Uiséir i ndiaidh bhás a ndearthár Pat. Thógadar an dara urlár den tigh ar cíos ó Mr Fulham, an mórdhíoltóir gráinne ar an bhun-urlár. Sin trocha bliain ó shin ar a laghad. Ní raibh Mary Jane ach ina gearrchaile ag an am. Anois ba uirthi ba mhó a raibh aghaidh na ndaoine, óir sheinneadh an t-orgán ar Bhóthar Haddington.[1] Oileadh san Acadamy[2] í agus chuireadh ceolchoirm na scoláirí ar bun i halla uachtarach na Antient Concert Rooms[3] gach bliain. Roinnt mhaith dá scoláirí, ba de chlanna níos uaisle ó na tithe ar an líne traenach idir Dún Laoghaire agus Deilginis dóibh. In ainneoin a n-aoise, dhéanadh a hainteanna a gcion féin de dhualgas an óstaigh. Cé go raibh sí an-liath, ba phríomh-shoprán in Adam and Eve’s í Julia i gcónaí, agus Kate, a bhí craplaithe ag an aois, thugadh sí ceachtanna ceoil d’fhoghlaimeoirí ar an tsean-phianó sa tseomra chúil. Lily, iníon an airígh, rinne obair an chailín tí dhóibh. Má bhí a maoin sách beag féin, bhí dúil acu i mbia maith; an scoth de gach rud: stéigeacha caoldroma, tae trí scillinge agus na buidéil phórtair is fearr dá raibh. Ach b’annamh a chuaigh Lily amú sna hordaithe grósaera agus réitigh go maith lena máistreása dá bharr. Bhíodar pointeáilte, b’in an méad. Ach an t-aon rud nach seasfaidís, aisfhreagra.

Ar ndóigh bhí cúis phointeáilteachta acu ar a leithéid d’oíche. Anuas ar sin bhí sé i bhfad i ndiaidh a deich a chlog agus fós ní raibh tásc ná tuairisc ar Gabriel agus ar a bhean chéile. Lena chois sin bhí eagla orthu go dtagadh Freddy Malins agus é ar a dhearg meisce. B’uafás leo go bhfeiceadh

  1. sheinneadh an t-orgán ar Bhóthar Haddington: Ag an aifreann in Eaglais Mhuire
  2. Oileadh san Acadamy í: Ceol[-]Acadamh Ríoga na hÉireann ar Rae an Iarthair
  3. Antient Concert Rooms: Téatar ceoil ar bhunaigh an Ceolacadamh é. Ina bhloc oifigí gnó anois. 42 Sráid an Phiarsaigh.