Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/228

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

NA MAIRBH

NÍ RAIBH uain scíthe ag Lily, iníon an fheighlí. Nach mór a thúisce is a thionlaic sí gentleman amháin sa chuile bheag buitléara laistiar den oifig ar an bhun-urlár is a bhain a chóta mór de, ní túisce sin déanta aici ná bhuail cloigín cársánach an dorais sráide arís agus b’éigin di sodar síos an halla lom a ligean cuairteora eile isteach. Ar a laghad ní raibh freastal na ladies uirthi freisin. Chuimhnigh Miss Kate agus Miss Julia ar sin agus rinneadar seomra feistis na mban n-uaisle den tseomra folctha thuas staighre. Is ansin a bhí Miss Kate agus Miss Julia, agus iad ag cabaireacht is ag gáire is ag fuirseadh, ag siúil i ndiaidh a chéile go ceann na staighre a ghliúcaíocht síos fúthu thar na balastair agus a ghlaoch ar Lily fiafraí dhi cé a tháinig.

Ba oíche mhór é riamh, rince bliantúil na Misses Morkan.[1] Thagadh gach duine a raibh aithne aige orthu, idir ghaolta, seanchairde den chlann, baill de chór Julia, aon duine de pháistí scoile Kate a bhí fásta suas go leor anois, agus go fiú roinnt scoláirí Mary Jane. Níor theip air riamh. Bliain i ndiaidh bliana, d’éirigh go seó leis le cuimhne na ndaoine; ó d’fhág Kate agus Julia an teach ar Bhóthar na gCloch agus thugadar Mary Jane, an t-aon neacht acu,

  1. Miss Morkan: sloinne ársa Ceilteach nach fios go deimhin a chiall. Tá sé coitianta go leor sa Bhreatain Bheag. In Éirinn, is in oirthear agus i dtuaisceart na tíre is coitianta an sloinne. Morgan an litriú is coitianta air