Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/284

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Níor chuala sé a teacht ón fhuinneoig chuige ag an spadhar feirge agus dúile air. Seasann sí roimhe ar feadh nóiméid, ag amhairc air go haisteach. Ansin, gan frapa gan taca seasann ar bharr na méar a ligean a lámh go héadrom ar a ghuaille agus pógann é.

“Is duine an-fhial thú, Gabriel,” ar sí.

Ar crith le haoibhneas dó faoina póg gan choinne agus faoi dheismireacht a focail, leagann Gabriél a lámha ar a gruaig dá slíocadh siar agus na méar ag baint léi ar éigean. Bhí a chroí lán le háthas. Go díreach agus é ag tnúth leis, do tháinig sí chuige dá deoin féin. B’fhéidir go raibh sí ar aon intinn amháin leis féin ar feadh an achair. B’fhéidir gur thug sí faoi deara an dúil dhíocasach ann agus gur bhuail fonn géillte í ansin. Anois ó ghéill sí chomh ceansa seo dhó, ní fheadair sé cén fáth an raibh sé chomh cotúil sin.

Sheas sé ansin agus a ceann idir a dhá lámh. Ansin, iar síneadh leathlámh go héasca faoina coim dó dá tarraingt chuige, deir de ghlór íseal:

“Gretta, a stór, céard atá i do cheann?”

Ní fhreagraíonn sí agus ní ghéilleann go hiomlán dá láimh. Deir sé arís, de ghlór íseal:

“Abair liom céard atá ort, Gretta. Tá barúil agam céard é. An bhfuil a fhios agam?”

Ní fhreagraíonn sí ar an toirt. Ansin deir sí de racht goil: