Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/269

From Wikisource
This page has been proofread.

ina rabhadar ina seasamh agus deir Aunt Kate:

“Dúnadh duine éigin an doras. Tolgfaidh Mrs Malins galar a báis ón fhuacht.”

“Tá Browne amuigh ansin, Aunt Kate,” ar Mary Jane.

“Tá Browne i gach uile áit,” ar Aunt Kate ós íseal.

Rinne Mary Jane gáire faoina glór íseal.

“I bhfírinne,” a dúirt sí go follasach, “tá sé an-gharúil.”

“D'fhreastail ar gach aon uain chaidrimh anseo i gcaitheamh na Nollag ar fad, chomh flúirseach leis an chóir gáis.”

Rinne sise gáire dea-mhéineach ansin agus chuir go gasta leis sin:

“Ach abair leis teacht isteach, Mary Jane, a dhúnadh an dorais. Nár lige Dia gur chuala sé mé.”

Ansin díreach osclaíodh an doras agus tagann Mr Browne isteach ón leac dorais lasmuigh agus shílfeá go bhfaigheadh taom croí lena racht gáire. Bhí cóta mór fada uaithne le cufaí agus le cába de fhionnadh astrakhan bréagach uime agus bhí boinéad ubhach fionnaidh á chaitheamh ar a cheann aige. Bhagair ar an ché faoi bhrat sneachta síos uaidh óna dtáinig fuaim pholltach feadaíola isteach chucu.

“Beidh gach uile chab in Áth Cliath tagtha anuas orainn ag Teddy,” a dúirt sé.

Tháinig Gabriel aniar ón chuile laistiar den oifig agus é ag tarraingt a chóta mhóir air agus ag breathnú thart air sa halla, go ndúirt:

“Níl Gretta tagtha anuas go fóill?”