Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/268

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus rath orthu, go maire cáil a ngairme a thuilleadar dóibh féin agus go maire a n-áit onórach inár gcroíthe go ceann i bhfad.”

Sheas na haíonna go léir suas, gloine ina láimh acu agus thugadar a n-aghaidh ar an triúr ban uasal ina suí, a chanadh d’aon ghuth, agus Mr Browne ina cheann feadhna orthu:

Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Rud nach bhfuil a shéanadh ann.

Bhain Aunt Kate feidhm fhlúirseach as a ciarsúr agus bhí cuma mhaoithneach go fiú ar Aunt Julia. Bhuail Freddy Malins am an amhráin lena fhorc maróige agus thug na hamhránaithe aghaidh ar a chéile mar a bheidís ag aontú lena chéile gur leagadar béim ar na focail:

murar bréag an séanadh féin, murar bréag an séanadh féin,

Ansin, iar dtabhairt a n-aghaidhe ar ais ar a n-óstaigh:

Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Mar is iad togha na mban n-uasal,
Rud nach bhfuil a shéanadh ann.

Leanadh den amhrán mholta lasmuigh de dhoras an tseomra bídh le roinnt de na haíonna eile agus rinneadh athrá air arís agus arís eile, agus Freddy Malins á stiúradh lena fhorc in airde aige.


___________________________________________

Tháinig aer nimhneach na maidine sa halla