Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/282

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Bhagair an doirseoir ar lasc an tsolais leictrigh ag tabhairt faoi mhonabhar de leithscéal dó ach chuaigh Gabriel roimhe.

“Ní theastaíonn solas leictreach uainn. Is leor dúinn an solas isteach ón tsráid. Agus cogar,” a chuir sé mar agús ag bagairt ar an choinneal dó, “b’fhéidir go dtabharfá leat an gléas galánta sin, a dhuine chóir.”

Thóg an doirseoir a choinneal aníos ina ghlac arís, ach go siléigeach mar bhí ionadh air faoi smaoineamh nár ghnách leis mar é. Ansin cheiliúir díobh faoina fhiacla agus d’imigh leis. Cuireann Gabriel an bolta i nglas.

Thál solas síofrúil isteach ón tsolas sráide ina gha fada ó fhuinneoig go doras. Chaith Gabriél a chóta mór agus a hata ar tholg agus thrasnaigh an seomra chuig an bhfuinneog. Dhearc amach síos uaidh ar an tsráid le súil go dtagadh maolú éigin ar a chorraí. Ansin chas timpeall gur bhain a thaca as cófra tarraiceán agus a dhroim leis an tsolas. Do bhain sí dhi a hata agus a clóca agus bhí sí ina seasamh anois os comhair luasc-scátháin móir agus a básta á scaoileadh aici. Chaith Gabriél scaitheamh dhá dearcadh go ndeir:

“Gretta!”

Tiontaíonn sí go mall ón scáthán go siúlann chuige feadh an gha sholais. Le sollúntacht a dreacha, ní thagaid na focal thar a bhéal le Gabriél. Níorbh é seo an uain fós.

“Tá cuma na tuirse ort,” do deir sé.

“Go deimhin, tá beagán tuirse orm,” a fhreagraíonn sí.

“Níl airír tinn nó lag?”

“Ní airím, tuirse a airím, sin an méad.”