Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/243

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bástcóta corcra tabinet[1] dó mar bhronntanas breithlá inar oibrigh cloigne sionnach le líneáil donn sróil agus le cnaipí cruinne maoildeirge air. Ait nach raibh bua an cheoil ag a mháthair i ndiaidh go ndeireadh Aunt Kate gurbh ise a thug léi an eagna chinn i gclainn na Morkan.

Bhí sí féin agus Julia sách bródúil as a ndeirfiúr stuama údarásach riamh, shílfeá. Bhí grianghraf di faoin scáthán piara.[2] Bhí leabhar ar oscailt ina gabhal aici agus bhí sí ag síneadh méire chuig rud éigin ann ar Constantine a bhí ina luí ag a cosa agus í gléasta i gculaith man-o’-war.[3] Ise a roghnaigh ainmneacha a mac mar bhí an-bheann aici ar dhínit an teaghlaigh. A bhuíochas uirthise a bhí Constantine ina ard-shéiplíneach i mBaile Brigín anois, agus a bhuíochas uirthise a bhain Gabriel féin a chéim onórach amach as an Ollscoil Ríoga. Rith scáil thar a dhreach ar chuimhneamh dhó ar a cur in aghaidh stuacánaigh dá phósadh. Cúpla focal tarcaisneach a chaith sí air, ghoilleadar fós air ; uair amháin chuir sí i leith Gretta go raibh gliceas na tuaithe inti, agus níorbh fhíor sin ar chor ar bith i gcás Gretta. Ba Gretta a thug aire dhi tríd a liostachas fada deiridh go léir ina dtigh i mBaile na Manach.

Thuig sé go raibh Mary Jane ag druidim le deireadh a dréacht ceoil mar bhí an tséis tosaigh á seinm aici arís agus frasa scála i ndiaidh gach barra ann. Mhaolaigh an domlas ina chroí istigh agus é ag fanacht leis an deireadh. Críochnaigh an aiste le fras ochtaigh tribile agus le hochtach deireannach doird. Tugadh bualadh bos mór do Mary

  1. tabinet: éadach déanta as meascán olla agus síoda. Cosúil le poiplín
  2. scáthán piara: scáthán mór ard. Ba mhinic a chrochtaí é sa spás idir dhá fhuinneog
  3. culaith man-o’-war: bríste fada agus hata mairnéalaigh leathanduilligh tuí (foinse: wikt:en:man-o'-war suit)