Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/275

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ó,” a deir Mary Jane le hiontas. “Bartell D’Arcy atá ag gabháil fhoinn agus ní thoillfeadh oiread agus amhrán amháin a ghabháil an oíche ar fad. Ó, bainfead amhrán uaidh sula n-imí sé.”

“Ó déan é, Mary Jane,” ar Aint Kate.

Scuabann Mary Jane tharstu ag rith chuig an staighre dhi, ach sular shroich é stopann an amhránaíocht agus dúntar an bpianó de phlab.

“Ó, nach é an feall é!” ar sí le díomá. “An bhfuil sé ag teacht aníos, Gretta?”

Cloiseann Gabriel a bhean ag freagairt “tá” agus feiceann í ag teacht aníos chucu. Cúpla céim taobh thiar di bhí Mr Bartell D’Arcy agus Miss O’Callaghan.

“Ó, Mr D’Arcy,” is crua uait stopadh mar sin agus muid faoi néal aoibhnis agat.”

“Bhíos ag a impí air i rith na hoíche go léir,” a dúirt Miss O’Callaghan “agus Mrs Conroy liom agus dúirt sé linn go raibh deargshlaghdán air agus nach raibh acmhainn aige gabháil fhoinn.

“Ó, Mr D’Arcy,” a dúirt Aint Kate, “anois sin scaits éithigh uait.”

“Nach bhfeicir go bhfuil glór préacháin agam le ciach?” a deir Mr D’Arcy go borb.

D’imigh sé de sciotán sa phantrach a chuir a chóta móir uime. Bhain a focal borb stad as an chomhluadar eile. Ní thagann focal comhrá le duine ar bith. Chruinnigh Aint Kate a malaí agus bhagair orthu caitheamh san aer é mar scéal. Sheas Mr D’Arcy ag filleadh scairfe uime go cáiréiseach agus grainc ina éadan.

“An aimsir is cúis leis,” a dúirt Aunt Julia, tar éis achar tosta.