Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/278

From Wikisource
This page has been proofread.

Bhí sí ag siúl roimhe le Mr Bartell D’Arcy, a bróga i mbeart donn faoi leath-ascaill léi agus a sciorta fillte suas ina lámha ón tseachta coscartha. Ní raibh gotha na grástúlachta uirthi níos mó ach bhí loinnir an áthais fós i súile Gabriel. Sciurdann an fhuil ina tonnta tríd a chuisle: agus scinneann a chuid smaointe ar nós each alta tríd a intinn – smaointe bróid, áthais, ceana, gaiscíochta.

Le héadroime a coisíochta roimhe, le dírí a droma léi, shantaigh sé rith ionsuirthi os íseal a bheireadh ar a guaillí uirthi a rá ruda éigin baoith ceanúil ina cluais. A leochailí seo í leis go raibh fonn diabhalta air a cosaint ar rud éigin go mbeidh sí leis féin. Cuimhní cinn dá saol rúnda le chéile, pléascaid fud fad a intinne mar a dhéanfadh réaltaí. Bhí clúdach litreach ar dhath phlúr na gréine ar an bhord in aice lena chupán bricfeasta agus bhí sé á chuimilt lena láimh. Bhí ceiliúr éanlaithe ag teacht ón eidhneán agus spléach gréasán solais ar an urlár ó na cuirtíní scáil: níor lig an t-áthas a ghoile leis agus níor bhlais sé oiread agus greim bia. Bhíodar ina seasamh ar an ardán plódaithe. Cuireann sé ticéad i mbos teolaí a miotóige. Seasann sé taobh léi faoin aer fuar agus é ag dearcadh isteach trí fhuinneog faoi ghráta ar fhear a bhí ag déanamh buidéal i gcaor-thine. Bhí fuacht nimhneach san aer. Bhí a haghaidh, a raibh cumhra uaithi san aeir fhuar, bhí sách dlúth dá aghaidhse; agus glaonn sé de phreab ar an fhear ag an fhoirnéis.

“An bhfuil an tine té, sir?”

Níor chuala an fear mar gheall ar fhuaim