Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/279

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

na foirnéise áfach. Maith mar a tharla. B’fhéidir go dtabharfadh sé freagra borb.

Brúchtann tonn eile lúcháire óna chroí, lúcháir níos muirní fós ná mar a bhí, a scairdeadh bog te trína artairí. Mar a dhéanfadh tine cheanúil réalta, blúirí dá saol le chéile, nach raibh a fhios ag duine ar bith eile fúthu agus nach mbeadh go deo, scalaid amach chun solais ina chuimhne. Ba mhéanar leis meabhrú na mblúirí seo dhi, le cur as a cuimhne dhi na blianta leamha dá saol mar chúpla pósta, go gcuimhneodh sí ar na blúirí aoibhnis amháin. Mar na blianta, dar leis, níor chloíodar a anamsa ná a hanamsa. A muirín, scríbhneoireacht eisean, cúraimí an tí aicise, níor mhúchadar siúd glan amach tine cheanúil a n-anama. Litir amháin dár scríobh sé chuici san aimsir sin, dúirt sé: “Cén fáth gur leamh fuar liom focail mar seo? An é mar nach bhfuil focal ar bith sách muirneach mar ainm duit?”

Mar a bheidís ina gceol i gcéin, na focail seo a scríobh sé blianta roimhe, mothaíonn sé iad ag teacht chuige ón tsaol a bhí. Ba fhada leis go mbeidís leo féin le chéile. Nuair a bheadh na daoine eile imithe, nuair a bheadh seisean agus sise istigh ina seomra san óstán, ansin bheadh le chéile leo féin. Gairfeadh sé uirthi go bog:

“Gretta!”

Seans nach gcloisfeadh sí é ar dtús: beadh sí ag baint di a cuid éadaigh. Ansin rud éigin ina ghlór, rachadh sé i gcion uirthi. Ansin chasfadh sí timpeall agus dearcfadh sí air...

Ag coirnéal Shráid an Fhíona thángadar ar charr. Bhí sé buíoch dá ghliogarnach mar choisc sé