Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/292

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhí sé ag cur sneachta ar fud fad na hÉireann. Bhí ag titim ar fud an lár-mhá dhorcha, ar na cnoic loma, bhí ag titim go bog ar Mhóin Alúine agus, níos faide siar, bhí ag bog-thitim i dtonnta dorcha fealltacha na Sionainne. Bhí ag titim, freisin, ar gach chearn den chill uaigneach ar an chnoic inar cuireadh Michael Furey. Bhí muca móra dhe síobtha ar na crois claonta agus ar na leaca cuimhneacáin, ar bhioranna an gheata bhig ar na dealga loma. Thit néal ar a anam le bogfhuaim thitim an tsneachta tríd an bhith, le titim bhog, mar thitim a ndeiridh is a n-éaga, ar an bheo is ar an mharbh trí chéile.