Leis sin cuireadh thart na fíonchaora tíortha, na halmóinní, na húlla, na horáistí, na seacláidí agus na milseoga agus thairg Aunt Julia pórtfhíon ná seiris dá haíonna. Dhiúltaigh Mr Bartell D’Arcy ceachtar díobh ar dtús ach thug duine ina aice sonc beag dá uillinn dó agus chogair rud éigin leis gur ghlac sé le deoch. Mhaolaigh an comhrá de réir a chéile agus na gloiní á líonadh. Lean tost nár briseadh ach le torann an fhíona agus le díoscadh cathaoireacha. Dhírigh na Misses Morkan, an triúir díobh go léir, dhíríodar a súile ar an scaraoid thíos fúthu. Rinne duine éigin casacht nó dhó gur thosaigh cúpla fear ag bualadh boise go héadrom ar an tábla mar chomhartha ciúnais. Thit an ciúnas, gur bhrú Gabriel siar a chathaoir.
D’ardaigh torann na mbos ar an tábla leis sin dá ghríosú agus ansin stop ar fad. Lig Gabriel a dheich méar creathacha anuas ar an scaraoid agus rinne fáthadh neirbhíseach gáire leis an chomhluadar. Agus gach uile dhuine os a chomhair ag breathnú air dhearc sé suas ar an chrann solais. Bhí válsa á sheinm ar an phianó agus chuala sciortaí ag scinneadh thar doras an tseomra caidrimh. B’fhéidir go raibh daoine ag seasamh sa tsneachta ar an ché lasmuigh, ag amharc suas ar na soilse sna fuinneoga agus ag éisteacht leis an cheol válsa. Bhí páirc i bhfad ar siúil uaidh ina raibh na crainn faoi ualach sneachta. Bhí caidhp lonrach sneachta ar Leacht Wellington a chaith