Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/235

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

thug sracfhéachaint ar a fear, a bhí ag breathnú le haoibhneas ar a gúna, a haghaidh, a gruaig. Rinne an dís ainteanna gáire croíúil freisin, óir bhí tathant Gabriel ina ábhar grinn acu.

Goloshes!” a dúirt Mrs Conroy. “Sin an faisean is nua aige. Uair ar bith a bhíos braon báistí nó eile ar talamh caithfead cur orm m’fhorbhróga. D’iarr sé a gcaitheamh orm anocht go fiú amháin, ach ní gcaithfinn iad. An céad-rud eile a cheannóidh sé dhom, culaith tumadóireachta.

Rinne Gabriel gáire neirbhíseach is shlíoc a charbhait agus Aunt Kate in arraingeacha ag gáire faoin scéal. Níor mhair an gáire i bhfad ar Aunt Julia agus lonnaigh a súile marbha ar dhreach a nia. Nuair a tháinig sos sa chaint, dúirt:

“Agus céard is goloshes, Gabriel?”

Goloshes, Julia!” a d’fhógair a deirfiúr. “A thiarcais, nach bhfuil a fhios agat céard is goloshes? Cuirtear ar ... chosa thar do bhróga, nach é sin é, Gretta?”

“Sé, ar Mrs Conroy. “Nithe gránna atá déanta as guma peirce. Tá péire againn beirt anois. Deir Gabriel go gcaitheann an uile dhaoine iad ar an mhór-roinn.

“Ó, ar an mhór-roinn,” ar Aunt Julia de ghuth íseal agus í ag sméideadh a cinn go mall.

Chuir Gabriel grainc ina mhalaí agus dúirt, mar a bheadh fearg air:

“Ní scéal mór grinn é ach baineann Gretta an-ghreann as mar, a deir sí, go gcuireann an focal sin na Christy Minstrels[1] i gcuimhne dhi.”

  1. Christy Minstrels: Grúpa fuirseoirí grinn. Fir white a chuir smideadh dubh orthu féin agus a rinne aithris gháifeach ar blacks. B'fhéidir go meabhraid Goloshes an cakewalk do Gretta