Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/251

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

na flaithiúlachta, an ghrinn, na daonnachta inti, tréithe atáid de dhíth ar an ghlúin nua an-duairc agus an-oilte ar fad atá ag fás aníos timpeall orainn de réir mar a fheictear domsa.” An-mhaith: sin ceann don Iníon Mhic Ivor. Cad é sin dó nach raibh ina ainteanna ach beirt sheanbhean ainbhfiosacha?

Monabhar cainte sa tseomra, tarraing a aird. Bhí Mr Browne ag teacht ón doras agus é ag tabhairt Aunt Julia go galánta isteach. Bhí sise ag baint taca as a láimh, aoibh an gháire uirthi is a ceann cromtha fúithi. Lean bualadh bos briste a teacht chomh fada leis an phianó mar a bheadh muscaedaíocht comórtha á tionlacain, gur mhaolaigh ansin de réir a chéile agus Mary Jane ag suí ar an stól agus Aunt Julia, nach raibh aoibh an gháire uirthi níos mó, ag tiontú siar beagán a theilgeadh a gutha sa tseomra. D’aithin Gabriel an réamhdhréacht. Ba sheanamhrán ag Aunt Julia é- Cóirithe don Bhainis.[1] D’ionsaigh sí na ruthaig a mhaiseas an fhoinn go fuinniúil de ghlór glan glinn láidir, agus cé gur ghabh an fonn le luas lasrach, níor lig an nóta maise ba lú ar lár. Leanúint an ghlóir ag gabháil an fhoinn gan amhairc ar dhreach an amhránaí, ba gheall é le gluaiseacht mhear bheacht tríd an aer. Thug Gabriel bualadh bos mór agus lig na gáirthe molta in aoinfheacht leis na daoine eile ag deireadh an amhráin agus tháinig moladh glórmhar sa tseomra ón tábla proinne dofheicthe. Taibhsigh an moladh chomh fíor dílis gur tharraing dath ar éigin i lí Aunt Julia agus í ag cromadh a athshuí sa tseastán ceoil an seanleabhar amhrán go gclúdach leathair a raibh ceannlitir a hainm is a sloinne scríofa air. Freddy Malins, a thug cluas don amhrán le sleabhac éisteachta air, bhí sé

  1. Cóirithe don Bhainis: Arrayed for the Bridal. Amhrán Anglaise le George Linley bunaithe ar radharc den cheoldráma Iodálach I Puritani (Na Piúratánaigh) le Vincenzo Bellini ina gcanann an bhrídeach Elvira agus í ag triall na caille uirthi féin: “Son vergin vezzosa...” (is maighdean mhánla mé). Tá an ceoldráma seo, Na Piúratánaigh, suite sa choimhlint idir Mhaolchinn Cromwell agus Dhílseoirí an Rí Séarlas I