Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/250

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

na fuinneoga. Bhí formhór na ndaoine imithe ón tseomra cheana féin agus bhí clagarnach plátaí agus sceana le cloisteáil sa tseomra chúil. Iad siúd a bhí fós sa pharlús, bhíodar tuirseach den damhsa de réir cosúlachta agus bhíodar ag comhrá le chéile i mbaicle beaga. Méaracha creathacha te Gabriel, bhuaileadar pána fuar na fuinneoige. Nach fionnfhuar a bheadh an t-aer lasmuigh! Nach breá taitneamhach a bheadh sé siúl leis féin amach ann, síos an abhainn ar dtús agus ansin tríd an pháirc! Bheadh an sneachta ina luí ar chraobhacha na gcrann agus bheadh ina chlúid gheal ar mhullach leacht Wellington. Nach i bhfad níos taitneamhaí a bheadh sé amuigh ansin ná ag bord an tsuipéir!

Chuaigh siar ar theidil a aithisc: flaithiúlacht na nÉireannach, cuimhní maoithneacha, Na Trí Suáilce,[1] Paris,[2] an t-athfhriotal ar Browning. Dúirt sé leis féin an frása a scríobh sé ina léirmheas: “tá sé mar a mbeifeá ag éisteacht le ceol na meabhrach cráite.” Do Mhol Miss Ivors an léirmheas. An raibh sí dáiríre? An raibh saol ar bith dá cuid féin aici taobh thiar dá bolscaireacht ar fad? Ní raibh cnámh spairne dá laghad eatarthu riamh roimh an oíche sin. Chuir sé lagsprid air smaoineamh go mbeadh sise ag an tábla, ag dearcadh suas air lena súile cáinteacha caidéiseacha agus é ag caint. B’fhéidir nárbh olc léi dá dteipeadh ar a aitheasc. Bhuail smaoineamh é agus thug ugach dhó. Déarfadh sé, mar thagairt do Aunt Kate agus Aunt Julia: “a dhaoine uaisle, b’fhéidir go raibh a lochta féin ag an ghlúin atá ag imeacht uainn anois, ach is í mo thuairim go raibh mianach

  1. Na Trí Suáilce: Miotas Gréagach (Χάριτες / Khárites sa tSeanGhréigis). An triúr bandéithe Niamhracht, Suáilceas agus Fleáchas ar deirfiúracha iad.
  2. Paris: Miotas Gréagach (Πάρις sa tSeanGhréigis). Prionsa as Traí. An triúr bandéithe Hera, Athena agus Aphrodite, cuirid togh na mná is dóighiúla dhíobh féin air. Deir seisean gur Aphrodite is spéiriúla dhíobh. Tá Cogadh na Traí mar thoradh indíreach ar rogha Paris (gealann Aphrodite an bean is sciamhaí ar domhan dó (Héilin na Sparta/ na Traí) má thoghann sé ise den triúr sa chomórtas scéimhe seo).